Léargas iontach ar Thomás Mac Ghiolla Bhríghde agus ar Ghaoth Dobhair

Tugann leabhar nua Noel Uí Ghallchóir lár an stáitse do Tom a Bhungaló ach saothar atá ann a dhéanann i bhfad níos mó ná sin

Léargas iontach ar Thomás Mac Ghiolla Bhríghde agus ar Ghaoth Dobhair

Tom ‘a Bhungaló, Tomás Mac Giolla Bhríghde: 1923–2013
Noel Ó Gallchóir
Féinfhoilsithe ag Noel Ó Gallchóir

Leabhar ar leith é seo ar shaothar agus ar shaol Thomáis Mhic Ghiolla Bhríde, nó Tom a’ Bhungaló mar ab fhearr aithne air i nGaeltacht Thír Chonaill, atá curtha i gceann a chéile le dúthracht agus le díograis ag Noel Ó Gallchóir

Is léir go bhfuil fios a cheirde ag Ó Gallchóir i dtaca le cúrsaí taighde de agus go bhfuil féith na scríbhneoireachta go smior ann agus d’éirigh le Tom a Bhungaló, Tomás Mac Giolla Bhríghde 1923-2013 ainmniúchán a bhaint amach do Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana.

Foilsíodh Aisteoirí Ghaoth Dobhair, 1931–1981 le hÓ Gallchóir i mí an Mhárta, 2021. Bhuaigh an leabhar sin Gradam Uí Shúilleabháin do Leabhar na Bliana in 2021.

Dalta leabhar na n-aisteoirí, tá saothar úr Uí Ghallchóir leagtha amach ar bhealach staidéartha stuama. Sa tsaothar seo, tugann an t-údar ar aistear staire thú ón Tráigh Dhearg, go dtí an Screabán, isteach go baile Tom, ‘an Factory’, agus, i measc áiteanna eile, ar chúl na gcuirtíní agus faoi na soilse sna hamharclanna, chuig na céadta drámaí a raibh Tom páirteach iontu, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, in imeacht na mblianta.

Deir Ó Gallchóir gur cúpla iad an dá leabhar, cé go bhfuil éagsúlacht aoise eatarthu beirt.

Tá dhá chaibidil is fiche, 320 leathanach agus os cionn ceithre chéad pictiúr sa leabhar úr.

I dtús an leabhair, tá dhá dhán, an chéad dán ó pheann Phádraig Mhic Ghiolla Easbuic, buanchara le Tom, agus an dara ceann ó iníon Thomáis Mhic Ghiolla Bhríghde, an scríbhneoir Ailbhe Nic Ghiolla Bhríghde. Ar an bhealach seo, tugann an t-údar léargas luachmhar dúinn ar an chineál duine a bhí i dTomás Mac Giolla Bhríghde sula siúlann muid thar thairseach an leabhair agus isteach sa chéad chaibidil.

Bhain Tom amach an iliomad le linn a cheithre scór go leith bliain ar an saol seo. Is beag cumann nó eagraíocht sa phobal nach raibh sé páirteach ann i dtaca le spórt, drámaíocht nó gnó agus d’fhág sin dúshlán ag Ó Gallchóir.

D’ainneoin sin, thug sé faoi ar bhealach fonnmhar, cumasach, ábalta agus leagann sé amach saol Tom go soiléir agus is beag eolas atá fágtha ar lár.

Gné fhíorshuimiúil den leabhar is ea go dtugann Ó Gallchóir liosta de na haisteoirí óga ar fad ar éirigh leo an gradam don aisteoir is fearr nó don bhainisteoir is fearr a ghnóthú ag na féilte drámaíochta a bhí ar siúl ar bhonn náisiúnta agus áitiúil in imeacht na mblianta. Faightear seo idir leathanaigh 186-194 agus seachtó duine ar fad atá ann.

Laistigh de leathanaigh ghleoite an leabhair, faigheann muid léargas ar dhrámaíocht na Gaeilge i dTír Chonaill agus ar an bhaint a bhí ag Tom léi ó 1938 go dtí a lá deiridh; ar Amharclann Ghaoth Dobhair agus ar na gnéithe éagsúla a bhain agus a bhaineann léi; ar an scoildrámaíocht; ar shaothar cruthaitheach Tom; ar an Screabán agus ar ‘an Factory’; ar a bhean chéile, Mary Frances Mhic Ghiolla Bhríghde; ar an aitheantas a ghnóthaigh Tom agus ar an oidhreacht a d’fhág sé ina dhiaidh.

Ba iar-phríomhoide, múinteoir staire agus múinteoir Gaeilge é Noel Ó Gallchóir. Fear a sheas ag ceann an ranga agus a thóg na céadta scoláirí leis trí léachtaí a bhí leagtha amach aige ar bhealach sothuigthe, spreagúil agus eagraithe. Feictear an cur i láthair fonnmhar céanna agus an cur chuige fóiréinseach céanna a chleachtadh aige sa leabhar seo.

Níl rud ar bith a leagann Ó Gallchóir a mhéar air nach dtugann sé iomlán a airde agus a chroí dó, agus is de bharr an chur chuige seo agus tú ag léamh fríd an leabhar nach féidir gan bogadh ar aghaidh chuig an chéad ábhar eile le blaiseadh beag a fháil.

Ba é Caomhán Ó Scolaí a dhear an leabhar agus mhol Ó Gallchóir é ar an scil agus ar an dúthracht a chaith sé lena shaothar.

Bhí cairdeas láidir idir Ó Gallchóir agus Mac Giolla Bhríghde agus braitear seo sa leabhar. Tugtar blúiriní beaga eolais dúinn nach mbeadh leat ar bharr do phinn mura mbeifeá cos ar chois leis i rith do shaoil. Tugtar an t-eolas seo ar bhealach údarásach agus fíriciúil gan a dhul i maos sa mhaoithneachas.

Gné shuntasach eile den leabhar ná na cuimhní cinn a thugann daoine a bhí mór le Tom dúinn ag deireadh an leabhair. Píosaí éadroma, croíúla agus grámhara iad a thugann spléachadh dúinn ar ghnéithe éagsúla de charachtar Tom. Is oiriúnach gur ag deireadh an leabhair a thugtar an léargas seo dúinn, mar aon leis an gcuirtín ag teacht anuas ag deireadh na gcaibidil.

Cé go dtugann an leabhar seo lár stáitse do Tom a Bhungaló déanann sé níos mó ná sin, caitheann sé an spotsolas ar shaol, ar chultúr agus ar theanga Ghaoth Dobhair agus sa cheantar máguaird.

*Tá an leabhar ar fáil ar líne ach teachtaireacht a sheoladh chuig www.facebook.com/thallisabhus agus tá le fáil sna siopaí áitiúla ar €25

Fág freagra ar 'Léargas iontach ar Thomás Mac Ghiolla Bhríghde agus ar Ghaoth Dobhair'