Donogh O’Malley agus Droichead Abhann Ó gCearnaigh – baile beag le stair neamhghnách

Tá comóradh le déanamh ar shaol Donogh O’Malley ar siúl ar an mbaile beag I gcontae an Chláir Droichead Abhann Ó gCearnaigh

Donogh O’Malley agus Droichead Abhann Ó gCearnaigh – baile beag le stair neamhghnách

Tá an baile beag Droichead Abhann Ó gCearnaigh suite ar an mbealach ó chontae Luimnigh go Gaillimh.

‘Tabharfaimid sciuird timpeall an bhaile,’ a deir sé féin. Agus b’éigean dúinn casadh ón mbóthar ag dul ó thuaidh go Gaillimh agus isteach go contae An Chláir.

Bhí a fhios againn gur ar an mbaile sin a rinne an tAire Donogh O’Malley a óráid dheireanach pholaitiúil i 1968 le linn feachtas fothoghcháin agus gur ansin a fuair sé bás go tobann, an lá céanna.

Ní raibh Donogh O’Malley ach 47 bliain d’aois. Ach le linn a shaoil ghearr sa pholaitíocht, ré a bhfuil a thairbhe fós le feiceáil agus le brath i saol an lae inniu.

Ag tarraingt ar dheireadh na bliana 1966, (dhá bhliain sular bhásaigh sé), agus é ag tabhairt óráide ag cruinniú de chuid Chumann Iriseoirí na hÉireann, d’fhógair O’Malley go mbeadh saoroideachas dara leibhéal ar fáil in Éirinn ón mbliain sin amach.

Beidh comóradh ar shaol O’Malley agus ar an éacht sin ar siúl ar an mbaile beag Droichead Abhann Ó gCearnaigh i gceann seachtaine.

Ní raibh O’Malley fiú ina Theachta Dála don cheantar sin i gcontae An Chláir – bhí seisean i Luimneach. Ach bhí sé ag cuidiú lena pháirtí Fianna Fáil agus é ag tabhairt óráide ar an mbaile. Tá an séipéal ansin fós, agus cearnóg os a chomhair mar a bhí in 1968. (Dála an scéil ba é Sylvester Barrett ó Fhianna Fáil a bhuaigh an fothoghchán).

Agus muid ag siúl thart ar an mbaile, ba léir cén fáth ar roghnaíodh é don chomóradh seo.

Is amhlaidh go bhfuil cumann áitiúil staire ann atá an-ghníomhach. Tuigeann siad an tábhacht a bhaineann le gach gné den stair a mharcáil agus a chomóradh. Tá roinnt mhaith seanfhoirgneamh ann agus fógraí beaga orthu ag inseacht gach scéal a bhaineann leo.

B’fhéidir nach é an ceann a bhaineann le Jonathan Swift an ceann is mó go bhfuil fírinne chruthanta ag baint leis, ach fógraítear ar aon chuma gur fhan sé ann luath san 18ú haois. Is cinnte go raibh teach ósta ansin ar an tsráid ach níl sé cruthaithe amach is amach gur ordaigh an Déin Swift feoil dá dhinnéar agus gur diúltaíodh dó toisc gur Aoine a bhí ann. Scríobh sé aoir faoin easpag a bhí ag ithe éisc i seomra eile agus d’ordaigh an t-easpag do bhean an tí feoil a thabhairt don Déin ar an bpointe.

Trasna na sráide ón leac a bhaineann le Swift tá comóradh déanta ar fhear a rugadh ar an mbaile beag seo agus a bhain cáil amach dó féin agus don tír seo i rith a shaoil fhada. B’in Brendan O’Regan a mhair go raibh sé 90 bliain.

Liosta le háireamh an méid rudaí a bhain seisean amach. Tar éis dó traenáil thar lear mar bhainisteoir óstán, d’fhill sé ar an mbaile agus d’oibrigh in aerfoirt Fhainge agus na Sionainne, áit ar bhain sé cáil amach i ngeall ar a dhíograis agus a fhadbhreathnaitheacht.

An Dr Brendan O’Regan

Ní raibh a fhios agam gur ag iarraidh teacht roimh aerfort Bhaile Átha Cliath agus na hiarrachtaí a bhí ar bun le deireadh a chur le ‘stad’ na Sionainne a bhí sé nuair a bhunaigh sé an chéad aerfort ar domhan ‘saor ó dhleacht’ sa tSionainn. Ina dhiaidh sin a tháinig Eagraíocht Forbartha na Sionainne, (SFADCO) i 1959, a bhí bunaithe le ceantar na Sionainne agus an aerfoirt a chur chun cinn.

Bunaíodh Baile na Sionainne agus ‘Ceantar Saor na Sionainne,’  an chéad áit ar domhan inar cuireadh an tsaorthrádáil ar bun.

Níl a fhios cén mhaitheas a rinne Brendan O’Regan le linn a shaoil. Ná cé mhéad post a cruthaíodh mar gheall ar a shamhlaíocht agus a chumas breathnú chun cinn.

Ní le cruthú post agus forbairt tionsclaíoch a chaith sé a dhúthracht iomlán. Ba eisean a chonaic go raibh gá le heagraíocht neamhpholaitiúil a chuirfeadh an tsíocháin chun cinn sa tír seo – bhunaigh sé an eagraíocht ‘Co-Operation North’ agus ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin, forbraíodh nasc le dreamanna ó thuaidh agus ó dheas, beag beann ar an bpolaitíocht.

Cinnte, is féidir an teideal ‘fathach fir’ a úsáid lena leithéid de dhuine.

Níl aon dabht ach gur chuidigh sé go mór lena chuid oibre i gcur chun cinn na fostaíochta agus na tionsclaíochta, go raibh anois sa tír seo, den chéad uair riamh, líon mór daoine a raibh oideachas maith orthu agus a raibh fonn orthu fanacht sa mbaile seachas a dhul ar imirce. A bhuíochas sin don chinneadh a rinne Donogh O’Malley.

Chonaic O’Malley nach raibh aon mhaith sa dul chun cinn tionsclaíochta mura raibh daonra ann a raibh oideachas maith orthu agus fonn orthu dul ag obair sna tionscail nua seo. Chonaic sé freisin go mbeadh gá le hoideachas ollscoile a éascú do dhaoine ach ní raibh an plean sin oibrithe amach aige nuair a fuair sé bás tobann an lá cinniúnach sin i nDroichead Abhann Ó gCearnaigh i 1968.

Ní dhearnadh mórán comórtha ar O’Malley thar na blianta. Ba chosúil go raibh sé sórt ligthe i ndearnad ag maithe agus móruaisle na polaitíochta. Is gearr anois go gcuirfear an scéal sin ina cheart.

Is mac le Donogh O’Malley é an t-aisteoir Daragh O’Malley, a bhfuil cáil bainte amach aige anseo agus thar lear – ceann de na rudaí ba mhó a bhain cáil amach dó ná an tsraith teilifíse ar ITV ‘Sharpe’, ar scríobh Eoghan Harris cuid de. Beidh Daragh O’Malley lárnach i gcuid de na himeachtaí comórtha.

Tá seanleac ar bhalla tosaigh shéipéal Eaglais na hÉireann i nDroichead Abhann Ó gCearnaigh ag fógairt ar dhaoine gan a bheith ag caitheamh aoiligh ag an doras. Tógadh an séipéal i 1740 ar shuíomh séipéil a tógadh i 1610. Ní féidir a rá go ndéanann siad dearmad ar an stair anseo.

Agus beidh siad ag déanamh cinnte de go luath nach ndearmadfar duine de na polaiteoirí is mó a chuaigh i bhfeidhm ar thodhchaí mhuintir na hÉireann le seasca bliain anuas.

Fág freagra ar 'Donogh O’Malley agus Droichead Abhann Ó gCearnaigh – baile beag le stair neamhghnách'