TODHCHAÍ NA GAELTACHTA: Cé gur maith iad na limistéirí agus na hoifigigh, ní fheicim aon chomhordú rómhór ag teacht chun tosaigh chun tacú linn

100 bliain ó bhunú na Gaeltachta, caitear súil chun cinn sa tsraith bheag seo ar a bhfuil i ndán don Ghaeltacht sa gcéad 100 bliain eile. Againn an uair seo tá an scoláire Lillis Ó Laoire

TODHCHAÍ NA GAELTACHTA: Cé gur maith iad na limistéirí agus na hoifigigh, ní fheicim aon chomhordú rómhór ag teacht chun tosaigh chun tacú linn

Thug m’athair mór Conall Mac Giolla Chearra (1896-1977) agus mo gharathair mór Mícheál Mac Pháidín (1865-1928) fianaise do Choimisiún na Gaeltachta sna fichidí. Ba chás leo araon todhchaí na Gaeltachta. B’as Cill Charthaigh an bheirt acu, ach phós siad beirt mná as tuaisceart na contae, iníon agus máthair, agus sheadaigh siad abhus. Fir de chuid na meánaicme a bhí sa bheirt, oideachas orthu. Máistir scoile a bhí in Mac Pháidín nó gur phós sé isteach i dtigh Uí Ghallchóir i nGort A’ Choirce. D’éirigh sé as an mhúinteoireacht ansin. Chaith Mac Giolla Chearra a shaol ina dhochtúir i bparóiste Ghaoth Dobhair.

Gaeltacht láidir a bhí i gceantar Chill Charthaigh le linn na beirte sin agus cainteoirí ardlíofa Gaeilge a bhí sa bheirt chéanna. Ní raibh labhairt an Bhéarla ag máthair Mhic Pháidín, Máire Bheag (1820-1913) mar a thugtaí uirthi. Cé go bhfuil Gaeilge á labhairt i gCill Charthaigh go fóill, ní thig a rá go bhfuil sí ina teanga ag an phobal mar a bhí nuair a bhí mo shinsir ina n-óige. Shíl siadsan gur obair a shlánódh an teanga. Dá mbeadh an obair ann, d’fhanfadh na daoine agus leanfadh siad ar aghaidh ag labhairt na teanga.

Tá brú mór ar an Ghaeilge mar theanga phobail i gceantar Ghort a’Choirce anois. Ag caint le cara liom a tógadh i nGort a’Choirce fosta cúpla bliain ó shin, d’fhiafraigh mé di an raibh Gaeilge ag a hiníon. “Tá,” a deir sí, “ach tuigim do cheist. Cha dtig leat a bheith cinnte níos mó!” Is fíor é. Rachaidh tú isteach sa tsiopa agus cha dtig leat a bheith cinnte. Go minic sceitheann blas an Bhéarla – blas na Sasana nó blas na hAlban, ar an fhreastalaí, á chur in iúl gur i mBéarla a chaithfear an beart miondíola, mar a deir an Ghaeilge nua-aimseartha, a chur i gcrích. Má tá barúil agat go bhfuil Gaeilge ag an fhreastalaí, féachfaidh tú cúpla focal go bhfeice tú cé mar éireos leo. Go minic tiocfaidh an sruth in uachtar agus leanfar leis an chomhrá sa Ghaeilge ach uaireanta eile, leanann an tseachaint nó an diúltú glan. I m’óige labhraínn Gaeilge nó Béarla de réir mar a bhí fóirsteanach ach anois, ó tharla ainm na Gaeilge orm, féachaim lena húsáid oiread agus is féidir liom.

Tá sí idir dhá cheann na meá, agus cé gur maith iad na limistéirí agus na hoifigigh agus na beartais eile atá á gcur i bhfeidhm le tacú léi, ní fheicim aon chomhordú rómhór ag teacht chun tosaigh. Ba chóir go ndéanfaí forbairt ar na fiontair éagsúla sin agus go dtógfaí gréasán náisiúnta straitéiseach gairmiúil go córasach de réir a chéile. Ba mhór an gar dá mbeadh cur chun tosaigh na ceannaireachta sna Ranna Rialtais agus sna heagraíochtaí eile. B’inmholta an rud é nach mbeadh eagla ar dhaoine a sláinte mheabhrach agus choirp a chur i mbaol ag iarraidh an teanga a chosaint mar theanga phobail.

D’ainneoin mo chuig mairgní, tá ar mo chumas neart Gaeilge a labhairt i mo cheantar dúchais go fóill, agus beidh an Ghaeilge á labhairt go nádúrtha ansin glúin nó dhó eile ar a laghad. An dinimic náisiúnta i dtreo an aonteangachais i mBéarla amháin, ní fheicim sin ag trá d’ainneoin go bhfuil uaineadh beag ag an Ghaeilge de réir is mar a thacaíonn an stát léi. Tchí daoine áirithe an buntáiste agus téann siad i dtreo na Gaeilge. Fear óg ar m’aithne a tógadh le Béarla den chuid is mó, i mo cheantar féin, is atá ag obair go gairmiúil leis an Ghaeilge anois agus é i ndeireadh na bhfichidí, tá teach ceannaithe aige féin is ag a pháirtí, cé nach ina áit dhúchais a bheas siad ag cur fúthu. Agus muid ag comhrá le gairid, arsa seisean liom, “ní bheadh ag éirí leath chomh maith liom dá mbeinn ag obair trí Bhéarla. Tá buntáiste millteanach agam agus mé ag obair sa Ghaeilge”. Is dea-scéala é sin agus ba mhaith an mhaise don teanga é dá dtuigfeadh níos mó d’aos óg na Gaeltachta an buntáiste sin go soiléir.

Fág freagra ar 'TODHCHAÍ NA GAELTACHTA: Cé gur maith iad na limistéirí agus na hoifigigh, ní fheicim aon chomhordú rómhór ag teacht chun tosaigh chun tacú linn'