Tá taispeántas nua suimiúil ar siúl i Músaem Contae Dhún na nGall dar teideal ‘Rockwell Kent, An American Artist in Donegal’ (Rockwell Kent, Ealaíontóir Meiriceánach i nDún na nGall). Is in 2026 a thiteann comóradh céad bliain chuairt Kent ar ghleann iargúlta Ghleann Lach in iardheisceart Dhún na nGall. D’fhan sé ann i rith an tsamhraidh ag cruthú sraith de shaothair ealaíne atá go fóill ar cheann de na freagraí ealaíonta is suntasaí ar thírdhreach Dhún na nGall. Tá go leor de na saothair ealaíne seo anois i mbailiúcháin phríobháideacha taobh amuigh d’Éirinn. É sin ráite, tá dhá shaothar ealaíne de chuid Dhún na nGall a rinne Kent sa taispeántas. Trí théacs, íomhánna agus réada, déanann an taispeántas iniúchadh ar a shaol neamhghnách agus go háirithe ar an ealaín a cruthaíodh le linn an ama a chaith sé i nDún na nGall.
Le linn na 1920idí agus na 30idí, bhí Kent i measc na n-ealaíontóirí is indíolta i Meiriceá. Thaistil sé go háiteanna iargúlta ar fud an domhain le cónaí a dhéanamh iontu agus le bheith ag obair i measc mhuintir na háite. Sa bhliain 1926, thaistil Kent agus a bhean Frances go hÉirinn, áit ar thum sé é féin isteach i saol na bhfeirmeoirí caorach agus na n-iascairí thart ar Ghleann Cholm Cille.

Go luath sna 1950idí i lár an Chogaidh Fhuair, shocraigh Kent le Dan Ward Gleann Lach a cheannach, ach dhiúltaigh Roinn Stáit na Stát Aontaithe víosa dó le taisteal mar gheall ar a ndearcadh ar a chuid tuairimí polaitiúla. I gcás suntasach, throid Kent in éadan a thíre ar son an Chirt Taistil, agus tugadh an cás os comhair na Cúirte Uachtaraí. I ndiaidh dó an cás a bhaint i mí an Mheithimh 1958, d’fhill sé ar Dhún na nGall ar a chuairt dheireanach.
Tá an taispeántas mar chuid de chlár Fhéile Ealaíne an Earagail 2026 agus beidh sé ar siúl i rith mhí Iúil agus Lúnasa. Saorchead isteach.
Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Músaem Contae Dhún na nGall, 074 9124613; seol ríomhphost chuig museum@donegalcoco.ie nó ar Facebook @Donegal County Museum agus ar Instragram @donegalmuseum

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An t-ealaíontóir mór le rá a thum é féin isteach i saol na bhfeirmeoirí caorach agus na n-iascairí i nGaeltacht Dhún na nGall'