Dúirt an t-eolaí polaitiúil cáiliúil John Mearsheimer ar chlár Piers Morgan le déanaí go bhfuil ‘na Rúisigh ag buachaint an chogaidh’ san Úcráin, go mbeidh an Donbas ar fad ina seilbh faoi dheireadh na bliana agus nach bhfuil ‘sa nuacht ar fad san iarthar go bhfuil an taoide casta ag na hÚcránaigh ach ‘bolscaireacht.’
Táim tagtha ar an tuairim tar éis ceithre bliana ag éisteacht le Mearsheimer agus an iliomad tráchtaire eile faoi chogadh na hÚcráine go bhfuil dhá saghas tráchtaireacht pholaitiúil ann – tráchtaireacht pholaitiúil úsáideach agus tráchtaireacht idé-eolaíoch.
Is í an phríomhaidhm atá ag an chéad chineál seo tráchtaireachta ná cabhrú linn a thuiscint cad tá ag tarlú i ndáiríre sa bhfíordhomhan, beag beann ar idé-eolaíocht. Comhartha sóirt den chineál seo tráchtaireachta go mbíonn na tairngreachtaí ceart níos minice ná mar a bhíonn siad mícheart, agus go dtugann na tráchtairí a chleachtann í aghaidh go poiblí ar an botúin a rinne siad san am atá thart agus go léiríonn siad cumas foghlaim uathu agus a gcuid anailíse a leasú nó a fhorbairt. Is féidir le tráchtaireacht úsáideach bonn idé-eolaíoch a bheith léi mar níl tráchtaireacht ar bith saor ón idé-eolaíocht agus is féidir le hidé-eolaíocht a bheith ina huirlis anailíse úsáideach.
Ach má bhíonn coimhlint idir riachtanais idé-eolaíocha agus an domhan mar a oibríonn sé, léiríonn an tráchtaire úsáideach solúbthacht intinne agus an cumas a chuid idé-eolaíochta a leasú bunaithe ar fhíricí sa bhfíordhomhan.
Ansin tá tráchtaireacht idé-eolaíoch ann.
An cineál seo tráchtaireachta is í an phríomhaidhm atá aici ná scéal nó teoiric réamhchumtha a chruthú. Comhartha sóirt na tráchtaireachta seo go mbíonn sí mícheart go minic sna tairngreachtaí, gur annamh a admhaíonn na tráchtairí a gcuid botún go poiblí agus nach léiríonn siad cumas foghlaim uathu. Má bhíonn coimhlint idir riachtanais idé-eolaíochta agus an domhan mar a oibríonn sé, caithfear an domhan mar atá sé a chur in oiriúint don idé-eolaíocht.
In ainneoin go maíonn Mearsheimer go mbaineann sé leis an snáith smaointeoireachta ar a dtugtar an ‘réalachas’ measaim go léiríonn an fhianaise nach tráchtaire úsáideach ná réalaíoch é.
Mar thoradh ar thiomantas Mearsheimer dá iarrachtaí a theoiricí fhéin a chruthú agus neamhaird a dhéanamh ar fhianaise a thagann salach orthu sin, is foinse thubaisteach é don té a bheadh ag iarraidh a oibriú amach cad tá ag tarlú agus cad tá chun tarlú san Úcráin.
Mí Feabhra 2022, roimh thús an mhórionraidh, dúirt sé gur cinnte go raibh ‘Putin cliste go leor lena thuiscint go dtarraingeodh sé trioblóid mhór air fhéin’ dá ndéanfadh sé ionradh ar an Úcráin ‘agus ní dóigh liom go bhfuil siad chun ionradh a dhéanamh’.
I Meán Fómhair 2023, dúirt sé go raibh sé ‘i ndán do na hÚcránaigh cailliúint’.
In Eanáir 2023, dúirt sé, agus é ag gáire, go raibh sé ‘seafóideach a cheapadh gur féidir leis an Úcráin an fód a sheasamh in 2024’.
In Aibreán 2023, dúirt sé go raibh sé deacair aige ‘ag an bpointe seo a shamhlú go mbeadh na hÚcránaigh ábalta an fód a sheasamh tar éis 2025′.
Ní théann Mearsheimer riamh i ngleic leis na teipeanna sin go bhfios dom. Anois tá sé ag maíomh gur cinnte go mbeidh an Donbas ar fad i seilbh na Rúise faoi dheireadh na bliana seo. Fiú an clog briste bíonn sé ceart dhá uair in aghaidh an lae ach ní aontaíonn formhór tráchtairí míleata a bhíonn cruinn go maith ina gcuid tairngreachtaí leis an maíomh seo. Táim ag cur tráchtairí míleata Rúiseacha atá pro-cogaidh san áireamh anseo.
Má leantar le ráta dul chun cinn na Rúise ó thús na bliana seo d’fhéadfadh sé cúpla bliain a thógáil an chuid eile den Donbas a thógáil. Bheadh cliseadh mór éigin ar thaobh na hÚcráine de dhíth, cliseadh nach bhfuil na tráchtairí míleata thuasluaite ag súil leis.
Níl Mearsheimer iomlán mícheart nuair a deir sé gur ‘bolscaireacht’ atá sa scéal go bhfuil an cogadh ‘á bhuachaint’ ag an Úcráin. Cloistear é seo go minic ó pholaiteoirí san iarthar. Is scéal atá ann, scéal a bhfuil fíricí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le tacú leis, agus scéal é a bhfuil feidhm pholaitiúil leis.
Cé nach féidir le scéal dá leithéid ann fhéin cogadh a bhuachaint má tá na fíricí ar an talamh ina choinne, níl aon amhras ach gur féidir é a úsáid chun tionchar a imirt an bhfíorshaol ar shlí a chabhródh leis an Úcráin ina cogadh i gcoinne na Rúise. Is é an scéal seo, arb é feachtas drón na hÚcráine i gcoinne na Rúise an príomhbhunús atá leis, thar aon ní eile atá tar éis dearcadh an fhir is cumhachtaí ar domhan, Donald Trump, a athrú i leith na hÚcráine. Is maith le Trump buaiteoirí.
Dar ndóigh tá scéal dearfach faoi dhul chun cinn na hÚcráine á insint ag an Úcráin agus a lucht tacaíochta, díreach mar atá á dhéanamh ar an taobh eile ag an Rúis agus a lucht tacaíochta féin. Ach i gcoitinne níl tráchtairí míleata agus geo-polaitiúla inchreidte, na daoine sin a bhí cruinn go maith go dtí seo, ag maíomh go bhfuil an Úcráin ‘ag buachaint’ an chogaidh. Tá siad ag rá go bhfuil an taoide casta beagáinín níos mó i bhfabhar na hÚcráine le déanaí, nó go bhfuil an Rúis faoi bhrú níos mó ná mar a bhí riamh nó a leithéid sin. Ach más scéal é go bhfuil an Úcráin ‘ag buachaint’ an chogaidh, is scéal nó fiú bolscaireacht chomh maith céanna é le maíomh Mearsheimer go bhfuil an Rúis ‘ag buachaint’ an chogaidh.
Díríonn Mearsheimer isteach go hiomlán ar na fadhbanna atá ag an Úcráin – deacrachtaí le tréigean san arm, calafort Odessa a bheith dúnta ag an Rúis – agus déanann sé neamhaird iomlán den iliomad deacrachtaí atá ag an Rúis le hearcú saighdiúirí agus an geilleagar agus an córas soláthair airm a bheith faoi bhrú de bharr feachtas drón na hÚcráine. Éinne a bheadh ag iarraidh a bheidh úsáideach, a bheadh ag iarraidh an domhan a mhíniú mar atá sé, chuirfeadh sé na nithe seo ar fad san áireamh ina chuid anailíse. Ach toisc gurb í an aidhm atá ag Mearsheimer ná a theoiricí fhéin a chruthú, déanann sé neamhaird ar an bhfianaise a thagann salach ar na teoiricí sin, agus ní thugann sé aird ach ar an bhfianaise a thacaíonn leo.
Is cur chuige é seo a bhfuil teipthe air arís agus arís eile ach ní léiríonn sé aon chumas foghlaim óna chuid botún. Is féidir a bheith ag tuairimíocht faoi cén tsíceolaíocht atá taobh thiar den fheiniméan sin – dalladh idé-eolaíoch, sotal intleachtúil, naircisíocht, nó go díreach go bhfuil niche aimsithe aige dó fhéin ag snámh go cróga mar dhea in aghaidh easa. Agus tá éileamh ar a leithéid mar tá sciar suntasach den phobal ar mian leo tráchtaireacht a chruthaíonn an rud a chreideann siad cheana féin a chloisteáil, cuma cé chomh minic is a theipeann air an domhan mar atá sé a mhíniú. Agus tá leithéidí Mearsheimer ag freastal ar an éileamh sin.
Fág freagra ar 'Bolscaireacht atá sa scéal go bhfuil an cogadh á bhuachan ag an Úcráin ach is amhlaidh é i gcás na Rúise'