Tá sé fógartha sa Bhreatain Bheag go bhfuil leagan i mBreatnais de ‘Star Wars: A New Hope’ déanta ag Lucasfilm agus Disney i gcomhpháirt le S4C agus Rialtas na Breataine Bige faoi choimirce Cymru Greadigol, eagraíocht a thacaíonn le hearnáil na cruthaitheachta sa Bhreatain Bheag.
Beidh an leagan dubáilte Star Wars: Gobaith Newydd á chraoladh ar S4C agus ar a ardáin uile ó Lá Nollag ar aghaidh. Tá an scéal seo fógartha agus an scannán íocónach a eisíodh ar dtús i 1977 ag ceiliúradh 50 bliain an bhliain seo chugainn.
Chuir Príomhfheidhmeannach S4C, Geraint Evans fáilte roimh an togra ag rá gur deis iontach é leis an mBreatnais a chur chun cinn agus lucht féachana an chainéil a leathnú amach.
Tá lear mór aisteoirí ón mBreatain Bheag a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta acu le cloisteáil ag aisteoireacht sa leagan Breatnaise. Ina measc tá Matthew Rhys i bpáirt Han Solo, Rhys Ifans mar Obi-Wan Kenobi agus Aimee-Ffion Edwards i bpáirt an Bhanphrionsa Leia.
Is é Mark Lewis Jones, a bhí le feiceáil i Star Wars: The Last Jedi (2017), a dhéanfaidh glór Darth Vader, agus beidh Osian Morgan, réalt óg a bhfuil an-dul chun cinn á dhéanamh aige, i bpáirt Luke Skywalker.
Aisteoirí eile ón mBreatain Bheag a bheidh ag glórú carachtair aitheanta eile sa scannán, Llry Ifans (C-3PO), Nia Roberts (Aunt Beru), Richard Harrington (Grand Moff Tarkin), Owain Arthur (Red Leader) agus Rhodri Meilir (Gold Leader).
Tá an leagan dubáilte á stiúradh ag Ellyn Stern agus léirithe ag Michael Kohn, Stiúrthóir Gníomaíochtaí Dáiliúcháin ag Lucasfilm. Dúirt Kohn go raibh an-áthas orthu go raibh siad in ann an togra seo a chur chun cinn ar roinnt cúiseanna. Bhí sé féin páirteach i dtograí dá leithéid i dteangacha eile agus an aidhm atá acu ná daoine a spreagadh leis na teangacha a fhoghlaim. Dúirt sé gur éirigh go maith leis na leaganacha i dteangacha dúchasacha atá déanta acu go dtí seo, ní hamháin i measc a bpobal féin ach go hidirnáisiúnta.
Is as an Bhreatain Bheag ó dhúchas Comh-Uachtarán Lucasfilm, Lynwen Brennan, agus dúirt sí go raibh ríméad uirthi go mbeadh an leagan Breatnaise mar chuid den cheiliúradh mór a bheidh ag Star Wars: A New Hope in 2027. Dúirt sí go bhfuil traidisiún láidir scéalaíochta sa Bhreatain Bheag agus go raibh áthas uirthi go mbeadh cainteoirí Breatnaise in ann taitneamh a bhaint as an scannán ina dteanga féin.
Bhí páirt ag an mBreatain Bheag i stair thograí eile de chuid Star Wars i gcaitheamh na mblianta agus i léiriúcháin eile le Lucasfilm. Tógadh ‘Millenium Falcon’ iomlán ag Pembroke Dock i 1979 don scannán Star Wars: The Empire Strikes Back agus rinneadh scannánú ar radharcanna do Willow agus do Star Wars: The Acolyte ag an láthair sin freisin.
Fág freagra ar 'Réalta móra na Breataine Bige tagtha le chéile do Star Wars as Breatnais'