Ceolchoirmeacha in Amharclann Chois Fharraige, Albam nua le Brian Danny Minnie, ceardlann idirnáisiúnta scríbhneoireachta

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

Ceolchoirmeacha in Amharclann Chois Fharraige, Albam nua le Brian Danny Minnie, ceardlann idirnáisiúnta scríbhneoireachta

CEOL

 

An Chéad Ghlúin Eile agus a gcairde i gCois Fharraige

Cuirfidh na deirfiúracha, Máire agus Étáin Ní Churraoin, i dteannta an chruitire Jennifer Leahy agus aíonna eile, ceolchoirm speisialta ar bun in Amharclann Chois Fharraige, Indreabhán ar an Satharn an 15 Lúnasa, ón 7.30pm.

Is deirfiúracha as Ráth Chairn iad ‘An Chéad Ghlúin Eile’, amhránaithe ar an sean-nós agus cainteoirí dúchais Gaeilge. Bhain Étáin agus Máire Ní Churraoin an chéad áit amach i gcomórtas teaghlaigh TG4 ‘Réalta agus Gaolta’ in 2019.

Seanuncail leo ab ea an t-amhránaí clúiteach Darach Ó Catháin.

Is baill iad Étáin agus Máire chomh maith den bhanna ‘Bláth na hÓige’ a bhuaigh RTÉ Folk Award do Folk Track na bliana 2024, agus den bhanna ‘Aibhse’. Tá an cheolchoirm á cur ar bun le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta.

Tá ticéid (€15) le fáil ar Eventbrite nó ag an doras ar an oíche

Bí Liom, Bí ar camchuairt ag Becky, Muireann agus Aisling

Beidh Becky Ní Éallaithe, damhsóir ar an sean-nós as Conamara, Muireann Ní Shé, píobaire uilleann as Corcaigh, agus Aisling Lyons, cruitire, cumadóir agus seinnteoir ar an gconsairtín, ag teacht le chéile do sheó nua, Bí Liom, Bí, a bheidh á thabhairt ar camchuairt acu go ceithre chontae i mí Mheán Fómhair.

Cuirfidh siad an seó ar stáitse in Amharclann Chois Fharraige in Indreabhán ar an Satharn an 12 Meán Fómhair agus beidh siad i Pot Duggan’s in Inis Díomáin an oíche roimhe sin. Tugann an seó ceol, amhráin agus damhsa áiteanna dúchais na mban le chéile agus beidh saothar nuachumtha le chaon duine acu le cloisteáil ansin freisin.

Beidh Bí Liom, Bí i Coughlan’s, Corcaigh ar an 4 Meán Fómhair, agus i The Cobblestones, Baile Átha Cliath ar an 5 Meán Fómhair.

Ticéid agus tuilleadh eolais anseo.

Albam nua le Brian Danny Minnie seolta

Seoladh an t-albam nua Galún Uí Dhomhnaill: Gaelic Songs from Donegal le Brian Danny Minnie Ó Domhnaill ag ócáid ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain tráthnóna inné. Sheol an t-amhránaí Máire Ní Choilm an t-albam nua ag tráthnóna airneáil sa Chaifé Ceoil. I gcuideachta Bhriain i mbun ceoil agus aithriseoireachta ag an ócáid, bhí Róise Nic Corraidh, Ultán Ó Dónaill agus Róise Ní Mhurchú.

Is as Anagaire i nGaeltacht Thír Chonaill é Brian Ó Domhnaill nó Brian Danny Minnie mar is fearr aithne air go háitiúil. Chuir sé spéis ar leith san amhránaíocht ar an sean-nós agus é ag fás aníos, agus thosaigh sé ag glacadh páirt in ócáidí amhránaíochta agus i gcomórtais chomh maith.

Seinneann Brian an fheadóg mhór agus cuireann sé spéis sna hamhráin áitiúla agus sna hamhránaithe a bhain leis na glúnta roimhe. Tá an-cháil air mar chócaire freisin agus ghnóthaigh sé gradam don chócaire is fearr i gContae Dhún na nGall agus tis é atá i bhfeighil ‘Dannie Minnie’s’ in Anagaire, bialann a ghnóthaigh go leor gradam.

SCRÍBHNEOIREACHT

 

Ceardlann idirnáisiúnta do scríbhneoirí Gaeilge

Beidh ceardlann idirnáisiúnta do scríbhneoirí Gaeilge á reáchtáil ar líne ag Cló Iar-Chonnacht ar an Luan an 17 Lúnasa 2026. Tá an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge atá ina gcónaí taobh amuigh d’Éirinn agus nach mbíonn deis acu de ghnáth bualadh le scríbhneoirí Gaeilge eile lena saothar a phlé.

Is iad na scríbhneoirí Micheál Ó Conghaile agus Mícheál Ó Ruairc stiúrthóirí na ceardlainne agus cuirfear fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí nua. Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, dánta (suas le 3 dhán) sliocht as úrscéal nó sliocht próis (5-10 lch) nó splancscéal a sheoladh chuig Micheál Ó Conghaile i gcomhad Microsoft Word ag moccic22@outlook.com roimh an 8 Lúnasa 2026.

Tuilleadh eolais anseo.

Fág freagra ar 'Ceolchoirmeacha in Amharclann Chois Fharraige, Albam nua le Brian Danny Minnie, ceardlann idirnáisiúnta scríbhneoireachta'