Leabhair fuaime Le cúpla bliain anuas, tá fás ar an méid leabhar fuaime ilghníomhacha atá ar an margadh agus ceol, rannta agus dánta as Gaeilge iontu. Bíonn buntáiste ag baint lena leithéid sa mhéid is gur féidir leis an bpáiste féin iad a úsáid go neamhspleách ó aois an-óg.
I measc na dtuismitheoirí go bhfuil aithne agam orthu atá ag tógáil clainne le Gaeilge, baineann neart de na ceisteanna ar na grúpaí WhatsApp leis na hacmhainní atá ar fáil as Gaeilge, don pháiste agus don duine fásta araon.
Dúinne, nach bhfuil Gaeilge ón gcliabhán againn, agus atá ag tógáil clainne le Gaeilge, tá géarghá le hacmhainní le Gaeilge shaibhir nádúrtha atá feiliúnach do pháistí óga. Baineann cúrsaí canúna leis an gceist seo, ar ndóigh, agus go dtí seo ní raibh a leithéid ar fáil do chainteoirí a raibh Gaeilge Chonamara acu.
Bá chóir lúcháir a bheith ar thuismitheoirí Chonamara mar sin agus comhlacht ón Spidéal, Futa Fata, i ndiaidh dhá leabhar fuaime a fhoilsiú Gúgalaí Gug agus Tic Teaic Tiú. Tá rogha rannta agus amhrán iontu atá tógtha ón mbunleabhar agus dlúthdhiosca, Gugalaí Gug a foilsíodh i 2005 agus ar díoladh os cionn 12,000 cóip de.
Tá sé cinn de rannta agus amhrán i ngach ceann de na leabhair fuaime seo, agus níl le déanamh ag an bpáiste ach cnaipe a bhrú leis na traiceanna a chloisteáil. Tá sean-amhráin aitheanta ar nós ‘A Nóra Bheag’ le cloisteáil in éindí le rannta spraíúla, ina measc ‘Froganna Beaga Glasa’.
Le cúpla lá anois, tá mo shaineolaí beag féin sa mbaile, atá ceithre bliana d’aois, ag déanamh mionscrúdú ar na leabhair agus ag tabhairt cead dom suí síos in éindí léi anois is arís ag léamh agus ag éisteacht.
Tá tábhacht nach beag leis an gclúdach agus an dearadh ar leabhar atá dírithe ar pháistí agus ardchaighdeán atá le feiceáil anseo. Tá na léaráidí gealgháireacha cruthaithe ag Cartoon Saloon agus an dearadh do na leabhair fuaime seo déanta ag Anú Design.
Tá siad deartha le bheith éasca ag lámha beaga iad a úsáid. Níl ach cnaipe amháin le brú leis an traic a chloisteáil agus tá siad déanta as cairtchlár crua – atá éasca le glanadh nuair atá méaracha salacha á láimhseáil!
Nuair a osclaítear na leabhair, feictear amhrán amháin leagtha amach thar dhá leathanach, ar bhealach atá so-léite agus tá neart spáis fágtha timpeall ar an téacs. Tá léaráidí ildaite, spraíúla le gach amhrán agus stíl líníochta shainiúil Cartoon Saloon le feiceáil go láidir iontu. Cuireann na pictiúir go mór leis na scéalta agus spreagann siad samhlaíocht an pháiste.
Ní féidir léirmheas a thabhairt ar leabhar fuaime gan trácht a dhéanamh ar an méid atá le cloisteáil, ar ndóigh. Is iad John Ryan agus Tadhg Mac Dhonnagáin atá mar stiúrthóirí glórtha agus ceoil ar na traiceanna. Rud a thaitin liom leis na leabhair seo ná an éagsúlacht atá leis an dearadh fuaime. Tá cuid de na hamhráin mar a bheifeá ag súil leo, ceol álainn agus glórtha binne, ach le cuid eile acu cloistear fuaimeanna feirme sa gcúlra agus éifeachtaí fuaime eile den chineál sin.
Tá ceoltóirí aitheanta le cloisteáil, ina measc Caitlín Ní Chualáin agus Mairéad Ní Chonghaile ach, dar le mo shaineolaí beag, thaitin na páistí óga a bhí le cloisteáil i bhfad níos fearr léi ná duine fásta ar bith.
Páistí Rang a hAon i Scoil Shailearna sa mbliain 2005/6 atá le cloisteáil ag canadh agus d’ardódh sé do chroí na glórtha beaga a chloisteáil agus an Ghaeilge álainn atá acu.
Tá muid beirt ag baint an-sult as na hamhráin a fhoghlaim le chéile agus tá mo chailín beag an-sásta lena cuid ‘party pieces’.
Beidh na leabhair fuaime seo riachtanach agus muid ag dul ar thuras bóthair i gcomhair karaoke teaghlaigh sa gcarr, má thugann sí cead do mhamaí agus dadaí ceol in éindí léi!
Mar fhocal scoir, ón saineolaí beag:
“Is maith liom an ceol sna leabhair seo agus cuideoidh siad le mo chuid cairde Gaeilge a fhoghlaim.”
Futa Fata
Gugalaí Gug agus Tic Teaic Tiú
Fág freagra ar 'Dhá leabhar fuaime le Gaeilge shaibhir nádúrtha don karaoke teaghlaigh sa gcarr'