Driseacha cosáin roimh fheilméaraí óga agus gan cinnteacht leis an saol

Tuige nach bhfuil fonn ar dhaoine a theacht ar ais ar an nádúr? Uachtarán Chumann na bhFeilméaraí é féin a chuir an cheist…

Driseacha cosáin roimh fheilméaraí óga agus gan cinnteacht leis an saol

Éisteann Francie Gorman leat go cúramach; tá an cháil sin ar Uachtarán Chumann na bhFeilméaraí. Thabharfá sin faoi deara agus é suite i measc chomhluadar na talún i seid feilme Cháilín Uí Chonghaile i gCloch na Rón, an lá cheana. Bhí an Gormánach, arb as ceantar Bhaile na Cille i gcontae Laoise é, ar chamchuairt go Conamara.

Tugann an cruth fáiscthe atá faoina cholainn léargas ar a mhianach fisiciúil –  iarphrapa rugbaí é. Léiríonn an chaint thomhaiste go bhfuil macasamhail a thréithe colainne ag baint lena bheartaíocht intinne.

Ag éisteacht a bhí sé ar feadh tamaill nuair a tarraingíodh anuas na driseacha cosáin atá roimh dhaoine óga atá ag cuimhneamh ar shaol na feilméarachta, bíodh sé ar mhachairí glasa Bhaile na Cille, nó ar thalamh righin, tanaí Chonamara.

Tuige nach bhfuil fonn ar dhaoine fanacht, agus tuige nach bhfuil fonn orthu a theacht ar ais, ar an nádúr? Uachtarán Chumann na bhFeilméaraí é féin a chuir an cheist.

Labhair na daoine a bhí ann go hoscailte; b’fhéidir go gcuidíonn tíriúlacht an tseid feilme le béalscaoilteacht an chomhluadair.

Easpa talún, a dúradh, praghas an-ard agus drogall ar thuismitheoirí agus ar an nglúin shinsearach scaradh leis an úinéireacht. Luadh freisin an trioblóid a bheadh ag baint le teach cónaithe a fháil ar an bhfód dúchais.

Bhí ceist eile ag Francie Gorman: Tuige a bhfuil drogall ar thuismitheoirí scaradh le ceannas na feilme? Bhí na chéad fhreagraí soiléir go maith. B’fhéidir nach mbeadh a ndóthain teacht isteach ag an seandream dá n-aistreoidís ceannas chuig mac nó iníon. B’fhéidir freisin go mbeadh drogall orthu go mbeidís ag tarraingt an bháis ina dtreo, dá ndéanfaidís uacht.

Ach, ansin, bhí údar eile ag cuid acu.

Dúradh leis an Uachtarán go raibh cuid mhaith tuismitheoirí anois amhrasach faoin mbuaineadas a bheadh le pósadh, no páirtnéireacht neamhphósta. Dá scarfadh na daoine óga óna chéile bheadh baol ann go n-imeodh an fheilm as ainm nó seilbh an teaghlaigh.

Ní mba scéal nua an chaint seo i gcluasa Uachtarán Chumann na bhFeilméaraí. Chroith sé a chloigeann. Ní raibh freagra ag aon neach beo ar chuid de na ceisteanna daonna seo, a deir Francie Gorman. Ach, b’fhacthas dó go bhféadfadh an Rialtas éascaíocht a dhéanamh maidir le haistriú talún ó ghlúin go glúin dá mbeadh buntáistí sa gcóras cánach. Creideann sé freisin go bhfuil gá le ugach a thabhairt don ghlúin shinsearach ó thaobh scaradh le ceannas. Sin é an leagan amach atá aige féin ar an saol. “An dá luath agus a abróidh duine den chlann, agus iad in aois chéille, gur mhaith leis/léi fanacht ar an bhfeilm, tabharfar na cáipéisí úinéireachta dóibh; ní féidir liom an fheilm a thabhairt liom ar imeacht dom as an saol seo.” Sin é dearcadh an fhir is cumhachtaí in eagras feilméarachta in Éirinn. Ach is léir go bhfuil an úinéireacht ar an talamh chomh tábhachtach agus a bhí ariamh imeasc go leor eile.

An bhfuil fianaise agus cruthúnas leis an mbaol – mar a fheictear dóibhsean é – go gcaillfeadh an teaghlach greim ar a gcuid talún?

I lár na 1990idí a tugadh cead colscartha i bPoblacht na hÉireann; 9,800 duine a bhí colscartha de réir Dhaonáireamh 1996. Bhí 104,000 duine colscartha sa tír de réir Dhaonáireamh 2022. Ní léamh amháin a bhíonn ar fhigiúirí: abraítear go bhfuil muid ar an tríú tír is ísle san Eoraip maidir le colscaradh. Abraíonn Institiúid Iona, eagraíocht a thaobhaíonn leis an gCríostaíocht ar bhealaí traidisiúnta, go bhfuil muid ag dul le fána. Míníonn siadsan go raibh 20,594 pósadh sa bPoblacht in 2010 ach go raibh laghdú go dtí 20,348 in 2025, fiú is go raibh an daonra méadaithe go mór.

Gan trácht ar an laghdú sin, tá go leor cúplaí in aontíos anois agus cliseann ar na ceangail sin scaití freisin. Ach ó thaobh fianaise ar pháipéar, is iad na staitisticí colscartha is cruinne. Léiríonn measúnú orthu sin gur seacht bpósadh as gach 1,000 pósadh atá i mbaol a gcliste.

An leor é sin le riar daoine a chur ó chodladh na hoíche?

Is léir gurb ea nuair a bhíonn talamh i gceist.

Fág freagra ar 'Driseacha cosáin roimh fheilméaraí óga agus gan cinnteacht leis an saol'