AN POD SPÓRT: Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann – giorriacha na Gaillimhe nó laochra na gcéadta cath Luimnigh?

Eagrán speisialta atá againn an tseachtain seo agus criú an Pod Spórt ag féachaint chun cinn ar chluiche ceannais na hÉireann le Mark Foley agus John Allen

AN POD SPÓRT: Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann – giorriacha na Gaillimhe nó laochra na gcéadta cath Luimnigh?

 

Ar an eagrán speisialta seo de An Pod Spórt, caitear súil chun cinn ar chluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh idir Luimneach agus an Ghaillimh. Tá John Allen, Corcaíoch, iarbhainisteoir agus iarimreoir, agus Mark Foley, Luimníoch, iarlaoch agus All Star in éineacht le Seán Tadhg agus Pádraic chun na ceisteanna móra go léir a phlé.

Caitear súil ghrinn ar chóras daingean imeartha na Gaillimhe. An mbrisfidh Luimneach le nós chun dul i ngleic leis nó an bhfanfaidh siad dílis don chóras a bhfuil oiread sin buaite aige dóibh?

An mbláthóidh imreoirí óga na Gaillimhe ar an ardán mór nó an mbeidh an iomarca taithí ag Luimneach dóibh?

Cé a thosóidh? Cé a rachaidh ag marcáil cé?

Cluiche an-teaicticiúil atá á thuar ach an mar sin a bheidh nuair a bheidh an crú ar an tairne?

Fág freagra ar 'AN POD SPÓRT: Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann – giorriacha na Gaillimhe nó laochra na gcéadta cath Luimnigh?'