Is fusa ullmhúcháin i gcomhair athaontú na hÉireann a mholadh ná a thosú i gceart

Léirigh díospóireacht Dála ar athaontú na tíre easaontas faoi chur chun cinn na haidhme atá ag gach páirtí i bprionsabal

Is fusa ullmhúcháin i gcomhair athaontú na hÉireann a mholadh ná a thosú i gceart

Shílfeá go mbeadh rath ar thogra, nó ar chuid de ar a laghad, a mhol na páirtithe seo go léir: Fine Gael, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, Páirtí an Lucht Oibre, Pobal Seachas Brabús, Éire Neamhspleách, an Comhaontas Glas agus an SDLP. 

Neartófaí do bharúil dá dtabharfadh an t-aire dlí agus cirt Jim O’Callaghan agus triúr Teachtaí Dála eile i bpáirtithe an chomhrialtais – Pat the Cope Ó Gallchóir, Emer Currie agus Malcolm Byrne – tacaíocht ghinearálta don togra céanna. Chomh maith le scata Teachtaí Dála eile i bhFianna Fáil atá báúil leis an togra ach tostach go dtí seo.

Ní hionann dóchúlacht agus deimhnitheachtáfach. Go háirithe má bhaineann an togra leis na hullmhúcháin is gá a dhéanamh leis an tír aathaontú. Is é sin más féidir í a athaontú.

Tá na páirtithe agus na Teachtaí Dála thuasluaite ar aon tuairim faoin riachtanas: ní foláir ullmhú i gcomhair aontú, dar leo go léir. Aontaíonn siad le chéile, a bheag nó a mhór, gur chóir do rialtas i mBaile Átha Cliath abheith faoi réir le haghaidh reifrinn ar athaontú na tíre (tá nóta thíos faoi reáchtáil reifreann ar an dá thaobh den teorainn). 

Níl siad ar aon tuairim, áfach, maidir le leagan amach an chláir oibre. Ná faoin gcineál eagraíocht is fearr chun tabhairt faoin obair, ná faoin sceideal ama. 

Faraor, is ríléir an toradh is dóichí a bheidh ar an easaontas eatarthu: iomaíocht ar bheagán tairbhe idir na páirtithe agus laistigh díobh chomh maith le moilleadóireacht, útamáil, éidreoir agus caint gan éifeacht.

Is follasach an t-easaontas ón tuairisc ghearr seo ar a ndúirt príomhphearsana an scéil le gairid:

D’fhógair ceannaire Fhine Gael Simon Harris ar an 14 Meitheamh go bhfoilseodh a pháirtí treoirphlean do thír aontaithe faoi mhí na Samhna. Dáiríre.

Dúirt an t-aire dlí agus cirt Jim O’Callaghan le comhdháil a reáchtáil an SDLP i mBéal Feirste ar an 25 Meitheamh gur chóir don chéad rialtas eile a rá cad a tharlódh agus cad a mholfaidís dá mbeifí ag vótáil ar reifreann ar athaontú.

Dúirt ceannaire an SDLP Claire Hanna an lá céanna go raibh dualgas ar gach rialtas pleanáil i gcomhair na todhchaí. Is féidir a rá, dar léi, gur mó ná riamh anois an seans go n-aontófar an tír.

Mhol ceannaire Shinn Fein Mary Lou McDonald bille sa Dáil Dé Máirt chun iachallar chur ar an rialtas Páipéar Uaine (a leagann amach féidearthachtaí ar bhonncomhairliúcháin) faoi athaontú a dhréachtúfaoi cheann 18 mí. Reáchtálfaí tionól saoránach uile-Éireann lena phlé ina dhiaidh sin.

“Ní mór dúinn pleanáil agus ullmhú do reifreann aontachta. Anois an t-am,” a dúirt sí.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin i nach raibh clár ama dá leithéid inchreidte, gur theip ar an gcur chuige a mhol sí le céad bliain anuas agus go mb’fhearr leanacht le togra ‘Oileán Comhroinnte’ an rialtais.

D’aontaigh Sinéad Gibney ó na Daonlathaithe Sóisialta le Mary Lou McDonald ach dúirt sé go bhféadfaí an spriocam 18 mí a shíneadh. 

Dúirt Duncan Smith ón Lucht Oibre go mbeadh neamhaird rialtais ar an bplé ar aontú na tíre “mífhreagrach agus dodhéanta”.

Vótáil Pat the Cope Ó Gallchóir ó Fhianna Fáil in aghaidh an bhille ach dúirt sé roimh ré go raibh súil aige go rithfí é agus go rachfaí chun cinn leis an bPáipéar Uaine.

Vótáil Emer Currie ó Fhine Gael in aghaidh an bhille freisin ach dúirt sí gur mhaith léi go n-oibreofaí in éineacht chun Páipéar Uaine a dhréachtú ach gan spriocam a shocrú le haghaidh críoch na hoibre.

Níor chuir toradh na vótála Dé Céadaoin (79/69 in aghaidh an bhille) iontas ar dhuine ar bith ach is tábhachtaí an bhearna idir caint na bpáirtithe agus an seans go n-athróidh cur chuige an rialtais.

Níl fianaise sna pobalbhreitheanna fós go bhfuil móramh sa Tuaisceart i bhfabhar Éire aontaithe. Pléann páirtithe sa Phoblacht a mholann athaontú na tíre go foirmiúil an cheist

gan féidearthachtaí a bheith molta, cíortha ná pléite ar bhonn eagraithe.

Dúirt Claire Hanna go bhfuil baol ann gur ar bhonn páirtí a phléifear athaontú na tíre in ionad díriú ar ábhair a léireodh comhthuiscint.

Léirigh an díospóireacht sa Dáil arís eile,áfach, nach bhfuil na páirtithe i bhfoisceacht scread asail den chomhthtuiscint phraiticiúil a mhol sí.

NÓTA: Bheadh reáchtáil reifrinn sa Tuaisceart ag brath go hiomlán de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta ar chinneadh a dhéanfadh státrúnaí Thuaisceart Éireann amach anseo gur dócha go vótálfadh móramh i bhfabhar Éire Aontaithe.

Glactar leis, dá mbeifí ag vótáil ar athaontú ó thuaidh, go reáchtálfaí reifreann sa Phoblacht an lá céanna nó thart ar an am céanna. Níl foráil shoiléir sa Chomhaontú áfach faoin socrú a dhéanfadh an rialtas i mBaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Is fusa ullmhúcháin i gcomhair athaontú na hÉireann a mholadh ná a thosú i gceart'