Scoláireachtaí bronnta ar mhic léinn Ghaeltachta atá ag tabhairt faoi chúrsaí sláinte

Tá scoláireachtaí bronnta ar chúigear - triúr Gaillimheach, Conallach agus Ciarraíoch - mar chuid den Scéim Scoláireachta Gaeltachta atá á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta

Scoláireachtaí bronnta ar mhic léinn Ghaeltachta atá ag tabhairt faoi chúrsaí sláinte

Tá scoláireachtaí bronnta ar chúigear mac léinn Gaeltachta atá i mbun cúrsaí a bhaineann le sláinte in iarracht rochtain ar sheirbhísí sláinte trí Ghaeilge sa nGaeltacht a fheabhsú.

Tá na scoláireachtaí bronnta ar an gcúigear – triúr Gaillimheach, Conallach agus Ciarraíoch – mar chuid den Scéim Scoláireachta Gaeltachta atá á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe, agus Pobail agus Gaeltachta.

Tá an scéim dírithe ar mhic léinn ollscoile ón nGaeltacht atá ag déanamh staidéir ar chúrsaí a bhaineann le sláinte. Is í aidhm na scéime tacú le mic léinn Ghaeltachta, agus níos mó gairmithe sláinte le Gaeilge a spreagadh chun dul ag obair sa nGaeltacht.

Is iad an cúigear ar bronnadh scoláireacht orthu in 2026 ná Colm de Buitléar as an gCeathrú Rua atá ag tabhairt faoi Leigheas (BMBS) in Ollscoil Luimnigh; Éilís Ní Ruiséil as Gort an Choirce atá ag tabhairt faoin Leigheas in Ollscoil Luimnigh; Colm Ó hEartáin as Corca Dhuibhne atá ag tabhairt faoi Leigheas in Ollscoil na Gaillimhe; Leah Nic Dhonnacha as Camus Uachtair atá ag tabhairt faoi Altranas in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne; agus  Siona Ní Chonghaile as Inis Mór atá ag tabhairt faoi Altranas Ginearálta in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Sligeach.

Is fiú €4,000 in aghaidh na bliana an deontas a thugtar do na mic léinn do bhlianta 2 go 4 den chúrsa. Is gá do mhac léinn a bheith líofa sa nGaeilge, a bheith as an nGaeltacht agus a bheith cláraithe ar chúrsa fochéime i réimse na sláinte chun cur isteach ar an scoláireacht.

Chomh maith leis an gcúigear ar ar bronnadh scoláireachtaí 2026, bronnadh teastas freisin ar bheirt alumni de chuid na scéime, Dr. Odharna Ní Dhomhnalláin as Ros Muc, Conamara, ar bronnadh scoláireacht uirthi in 2017 agus í ag tabhairt faoin Leigheas i gColáiste na Tríonóide (agus ag tabhairt faoi chúrsa sa Chógaseolaíocht Chliniciúil agus Teiripeolaíocht), agus Fedelma Ní Ráighne as Indreabhán ar bronnadh scoláireacht uirthi in 2024 agus í ag tabhairt faoi Dhioplóma Iarchéime sa Teiripe Spraoi.

“Is buncheart do phobal na Gaeltachta go mbeadh siad in ann an chumarsáid ríthábhachtach a tharlaíonn idir othar agus soláthróir leighis a dhéanamh trí Ghaeilge,” a dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta agus é ag déanamh comghairdeachais leo siúd a fuair scoláireacht.

“Ina theannta sin, is iontach an deis í an scoláireacht seo le fostaíocht Ghaeltachta a chur ar fáil do dhaoine óga cumasacha as an nGaeltacht. Déanann muid comhghairdeas leis na mic léinn ar bronnadh scoláireacht orthu go dtí seo as ucht a gcuid oibre agus a dtiomantas don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus dá gcúram san earnáil sláinte. Tá moladh mór tuillte acu.”

Dúirt Jonathan Hoare, Stiúrthóir Réigiúnach Cumarsáide agus Gnóthaí Poiblí le FSS gur “infheistíocht i dtodhchaí an chúraim sláinte i bpobail Ghaeltachta” í an scéim scoláireachta.

“Tacaíonn sí le mic léinn ar féidir leo saineolas gairmiúil agus cumas Gaeilge a thabhairt isteach i seirbhísí sláinte agus cúram sóisialta, rud a chabhróidh le seirbhísí níos inrochtana, níos freagraí agus níos nasctha leis na pobail ar a bhfreastalaíonn siad a fhorbairt.”

Dúirt Ceannasaí na Seirbhíse Gaeilge i FSS cheana gur cheart go dtabharfaí deis do dhaltaí atá ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, i dTuaisceart Éireann san áireamh, leas a bhaint as na scoláireachtaí.

Fág freagra ar 'Scoláireachtaí bronnta ar mhic léinn Ghaeltachta atá ag tabhairt faoi chúrsaí sláinte'