Dúirt Hilary Benn, Státrúnaí Thuaisceart Éireann, go raibh súil aige go raibh daoine ag déanamh a machnaimh ar “na radharcanna fíorscanrúla” i mBéal Feirste agus daoine “á ndíbirt as a dtithe le tinte mar gheall ar dhath a gcraicinn”.
“Ní féidir an beart gránna sin a chosaint agus ní mhíneodh aon rud é agus tá go leor daoine sceimhlithe dá bharr,” arsa Benn.
Gortaíodh dháréag póilíní agus gabhadh seisear déag eile aréir, an dara hoíche de na círéibeacha sa Tuaisceart, achrann a shaighid ionsaí scine i mBéal Feirste.
Dúirt an Státrúnaí go raibh “sé sásta” nach raibh an t-anord chomh dona aréir agus a bhí an oíche roimhe sin agus cháin sé an “maistíneacht chiníoch” a bhí ar siúl i ndiaidh ionsaí scine an Luain.
Tugadh fear 30 bliain d’aois, arb as an tSúdáin ó dhúchas dó, os comhair cúirte inné agus é cúisithe in iarracht duine a mharú le scian, ionsaí a ghoin Stephen Ogilvie, an fear a sádh, go han-dona go deo.
Tá tuairiscí faighte faoi mhaslaí ciníocha agus bagairtí a bheith á gcaitheamh le hoibrithe cúram sláinte agus iad ag déanamh a mbealaigh chun na hoibre nó abhaile.
Dúirt an ceardchumann Unison gurbh éigean d’altra “nach geal atá a craiceann” teitheadh isteach go dtí Ospidéal Uladh agus cúigear fear faoi phúicíní sa tóir uirthi.
“Rinne an t-altra seo cinneadh go rachadh sí isteach ag a cuid oibre in Ospidéal Uladh le haire a thabhairt do na daoine is leochailí inár bpobal. Is mór idir a hiompar agus iompar na ndaoine a scanraigh ina craiceann í agus í ag iarraidh a cuid oibre a dhéanamh,” a dúradh i ráiteas ó Iontaobhas Sláinte an Oirdheiscirt.
Tá tuairiscí ann faoi chorraíl a bhí i nDoire agus i gCúil Raithin freisin aréir ach ar an iomlán bhí cúrsaí níos socra ná mar a bhí oíche Dé Máirt nuair a thug daoscarshlua faoi mhionlaigh eitneacha.
Bhain póilíní leas as gunnaí móra uisce le lucht círéibe a raibh púicíní orthu a cheansú agus iad ag lascadh oifigigh na bpóilíní le brící agus buamaí peitril.
Tá cáineadh déanta arís ag teaghlach an té a sádh, Stephen Ogilvie, ar na léirsithe foréigneacha.
“Tá déistin orainn leis na radharcanna a chonacthas inné ar fud Thuaisceart Éireann tar éis an rud a tharla,” a dúradh i ráiteas an teaghlaigh.
“Is mian linn go mbeadh sé an-soiléir nach bhfuil tacaíocht ár dteaghlaigh ag an réabadh seo agus is agóid shíochánta an t-aon slí le dul chun cinn a dhéanamh i gcónaí.”
Dúirt an teaghlach nár theastaigh uathu go n-úsáidfí an rud a tharla dá nduine féin le daoine a dheighilt óna chéile.
“Is iomaí imirceach atá ina gcónaí anseo a dhéanann tairbhe iontach dár dtír agus an córas cúram sláinte agus earnáil an fháilteachais san áireamh ansin. Táimid ag brath orthu chun ár dtír a choinneáil ag oibriú,” a dúirt siad sa ráiteas.
“Ní mian line go mbainfí leas as an tubaiste uafásach seo chun daoine a dheighilt nó chun naimhdeas a chothú – ná déanaigí é seo in ainm an té dár dtugann muidne gean mar ní hionann na luachanna atá againn.”
Tá beirt cúisithe ó tharla an réabadh.
Dúirt Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) gur cúisíodh bean atá ceithre bliana fichead in iompar mí-ordúil agus in earra a bheith ina seilbh agus rún aici damáiste a dhéanamh leis.
Dúirt siad chomh maith gur gabhadh fear atá ocht mbliana fichead agus gur cúisíodh é i gcur in aghaidh a ghabhála agus i ndiúltú an bhréagriocht a bhí air a bhaint de nuair a ordaíodh sin dó.
Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ar an ‘maistíneacht chiníoch’ i mBéal Feirste '