DIALANN TUAIRISC: Culaith Ghaeltachta an uachtaráin; ‘Cré na Cille’ molta don úrscéal Béarla is fearr; Yes, Minister Ó Cuív

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

DIALANN TUAIRISC: Culaith Ghaeltachta an uachtaráin; ‘Cré na Cille’ molta don úrscéal Béarla is fearr; Yes, Minister Ó Cuív

‘Dev’s grandson chased through Dublin with a can of paint’

Fuair muid amach an tseachtain seo go raibh an t-iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív tráth ag cuimhneamh ar ghairm in earnáil na teilifíse a bhaint amach dó féin, dá n-éireodh sé as an bpolaitíocht.

Agus é ag labhairt le baill Chumann Barra na Gaeilge ag a mórdhinnéar in Óstán Chois Fharraige ag an deireadh seachtaine, dúirt Éamon go bhfuair sé inspioráid do chlár nua teilifíse agus é ina aire Gaeltachta ag iarraidh Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur trí Thithe an Oireachtais – Sea, a Aire, ach… ab ainm don chlár nua.

“Rud amháin a bhí spéisiúil ná an cur ina aghaidh taobh istigh den chóras nuair a tháinig an tAcht i bhfeidhm. Bhí go leor leor scéalta faoin gcostas a bhaineann le doiciméid a aistriú agus is ón gcóras a bhíodar ag teacht,” ar sé.

Lá amháin, bhí sé ag caint le duine a bhí ag obair sa Roinn Airgeadais agus dúirt sé leis go raibh i bhfad níos mó sna treoirlínte deonacha a bhí ag Michael D Higgins sna 1990idí ná mar a bhí san acht nua. ‘Sea, a Aire,’ a dúirt sé, ‘ach níor cheap muid riamh go gcuirfí i bhfeidhm iad!’”.

“Ní fhéadfá é a scríobh, chuir sé an clár sin a Yes, Minister! i gcuimhne dom, agus bhíodh mé féin agus an comhairleoir a bhí agam i gcónaí a rá go gcuirfeadh muid Sea, a Aire, ach…! mar chlár ar TG4,” a dúirt sé.

Bhí scéilín eile ag Éamon le linn a óráide faoin trioblóid a chuireadh sé air féin cearta teanga a bhaint amach do chainteoirí Gaeilge sula raibh cumhacht an Aire Rialtais aige. Bhí sé féin agus a chomrádaithe i mbun ‘obair phéinteála’ ar chomharthaí bóthair i mBaile Átha Cliath agus é ina mhac léinn.

“Rug na Gardaí orm oíche. Bhí pota beag péinte agam agus scuab. Tugadh isteach muid, ceistíodh muid, scaoileadh amach muid, agus tugadh chun cúirte muid. Bhí an Breitheamh Delap ina bhreitheamh ann. Bhí aturnae le Gaeilge againn, agus nuair a thug an Garda a fhianaise, d’fhiafraigh sé de cén scrios a bhí déanta agus mar sin.

“‘Cén damáiste a rinne siad?’ an cheist a chuir sé air. Dúirt an Garda ‘níl a fhios agam, bhí an rud curtha ina cheart ag an gComhairle Cathrach an mhaidin dár gcionn’. Féar plé do Delap, chaith sé amach an cás cúirte, ach bhí ceannlíne sa bpáipéar faoin scéal – ‘Dev’s grandson chased through Dublin with a can of paint’.’

Maitiú Ó Coimín

Culaith le dearthóir Gaeltachta ar Catherine Connolly

https://sarahlorraine.ie/

Culaith le dearthóir Gaeltachta a bhí á caitheamh ag an Uachtarán Catherine Connolly ar an gcéad lá dá cuairt oifigiúil ar an Ríocht Aontaithe. Seaicéad agus sciorta bán olla a chaith an tUachtarán ón mbailiúchán ‘Audrey’ de chuid bhranda ‘Sarah Lorraine’ le Sarah Gallagher, dearthóir as Gaoth Dobhair. Chaith an tUachtarán an chulaith agus í ar cuairt ar Ionad Cultúir na hÉireann i Hammersmith i Londain.

Tuairiscítear sa Donegal Daily gur tháinig an tUachtarán trasna ar shaothar Gallagher nuair a chuir a deirfiúr pictiúr chuici den chulaith a chonaic sí san Irish Times. Chuaigh oifig an Uachtaráin i dteagmháil le Gallagher ina dhiaidh sin agus thug sí cuairt ar Áras an Uachtaráin le toisí a shocrú.

Tá dhá bhúitíc ag Sarah Gallagher, ceann ar an mBun Beag agus ceann ar an gClochán Liath. Ba le sin-seanmháthair Gallagher an siopa i dtús aimsire agus tá sí féin ag cloí leis an traidisiún agus ag tógáil air.

(BB)

The Dirty Dust i measc na moltaí don 100 úrscéal Béarla is fearr riamh

Bhí The Dirty Dust, aistriúchán Alan Titley ar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, i measc na leabhar a moladh don liosta den 100 úrscéal i mBéarla is fearr riamh a foilsíodh ar an Guardian le deireanas. Beirt scríbhneoirí Éireannacha a chuir an leabhar san áireamh ina liostaí den deich n-úrscéal is fearr riamh.

Bhí sé ag uimhir a sé ag Doireann Ní Ghríofa, údar A Ghost in the Throat, leabhar a ghnóthaigh Gradam Leabhar na Bliana An Post in 2020 chomh maith le go leor gradam eile nuair a foilsíodh é. Na mairbh atá ag caint sa leabhar is deireanaí le Ní Ghríofa, Said the Dead, atá mar Leabhar na Seachtaine ag RTÉ an tseachtain seo.

Ag uimhir a haon a bhí The Dirty Dust ar a liosta ag an scríbhneoir Naoise Dolan, a bhfuil ardmholadh gnóthaithe aici as a húrscéalta Exciting Times agus The Happy Couple. Sna nótaí a chuir sí lena moladh, dúirt sí gur ‘A gossipy, choral and altogether maddening Irish-language masterpiece’ é Cré na Cille. Mhol Naoise chomh maith Lead Us Into Temptation, aistriúchán Bhreandán Uí hEithir féin ar a úrscéal cáiliúil Lig Sin i gCathú a foislíodh cothrom an ama seo 50 bliain ó shin.

Luann Naoise freisin an t-aistriúchán eile go Béarla atá déanta ar mhórshaothar an Chadhnaigh, Graveyard Clay le Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson, ar aistriúchán níos beaichte agus níos acadúla é ar an mbunsaothar ná leagan Alan Titley, a tharraingíonn ar spiorad agus fuaim an bhunleagain.

Níor éirigh le The Dirty Dust Lead Us Into Temptation áit a bhaint amach ar an liosta deiridh den 100 úrscéal is fearr riamh, ach maith iad Doireann agus Naoise as a ndícheall a dhéanamh ar son litríocht na nGael.

Dhá leabhar le scríbhneoirí Éireannacha a bhain áit ar an liosta deiridh amach, Ulysses le James Joyce ag uimhir 3 agus Dracula le Bram Stoker ag uimhir 76.

(BB)

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Culaith Ghaeltachta an uachtaráin; ‘Cré na Cille’ molta don úrscéal Béarla is fearr; Yes, Minister Ó Cuív'