Níl aon cheal misnigh ná féinmhuiníne ar bhainisteoir na hIarmhí, Mark McHugh, ná ní raibh riamh.
Bhí sé i lár an aonaigh sa réabhlóid pheile a scaoil Jim McGuinness amach as a phutóga chughainn in 2011 agus ní mór do dhuine a bheith dána, tiarnúil agus misniúil chuige sin. Bhí McHugh ina chloch cúinne do chuid mhaith dá raibh beartaithe ag McGuinness agus ní bheadh craobh na hÉireann 2012 buaite gan é. Níorbh aon ról tarraingteach é an cosantóir corraiceach nó an cosantóir le cois a bhí á imirt ag McHugh i mblianta ramhra san Dhún na nGall ach ghlac sé leis an gcúram gan cheist agus chomhlíon go dílis.
Chomh maith leis an ndánaíocht is an misneach, bhí gá le tréith amháin eile chun a raibh ag teastáil a bhaint amach. Bhí leibhéal ard aclaíochta, leibhéal b’fhéidir ná raibh sroichte go nuige sin ag puinn imreoirí. Bhláthaigh McHugh toisc go raibh an t-inneall aige chuige agus ba bheag a bhí inchurtha leis chun an chaid a aistriú ó chúl a tí go dtí’n ngairdín tosaigh nuair a bhíodh an t-aistriú seilbhe mar lón cogaidh ag foireann san Dhún na nGall.
Is ait liom i gcónaí, ainneoin na n-athruithe – agus an claochló – a thagann ar chluiche na caide ó ghlúin go glúin is ó ré go ré, gur féidir macallaí na staire a mhothú agus a chlos arís is arís eile.
Tá foireann seo na hIarmhí agus cuid dá dtréithe ag scáthánú is ag baint macallaí as cluiche Dhún na nGall cúig bliana déag ó shin. Caithfidh go raibh McHugh ag faire is ag feitheamh anuraidh agus é mar chóitseálaí ag Dermot McCabe nuair a bhí sé de mhí-ádh ar an Iarmhí gan aon chluiche a bhuachtaint i Roinn 2 na sraithe agus babhta ceathrú ceannais Chorn Tailteann a chailliúint in aghaidh Chill Mhantáin. Caithfidh go bhfaca sé mianach éigin iontu go dtóg sé ról an bhainisteora air féin i ndeireadh na bliana seo caite.
Caithfidh go ndúirt sé leis féin go raibh a fhios aige cé na gnéithe den imirt acu a d’fhéadfaí a fheabhsú agus dála McGuinness na blianta fada ó shin, thosnaigh sé le cúrsaí aclaíochta agus le coisíocht. Má tá an Iarmhí le teip i mbliana, ní ceal aclaíochta ná coisíochta ná ceal oibre a tharlóidh san. Tosnaigh leis na máithreacha is na clocha cúinne agus beidh bonn tathagach daingean faoin dtigh tar éis tamaill.
Tá a rian air, thug imreoirí na hIarmhí an geimhreadh ag rith is ag rás ins na coillte i mBaile na gCros ar theora an Chabháin is na hIarmhí. Dála saighdiúirí Sparta na Gréige fadó, ní bhuafadh aoinne orthu agus ní sheasódh aoinne an cúrsa chomh fada leo. Is dóigh liom go mbaineadh siar as an Mhí i gcluiche ceathrú ceannais Laighean le déine na hoibre ón Iarmhí agus iad ag iarraidh seilbh na caide a bhuachaint thar n-ais. Bhí na comharthaí sóirt ann roimis sin ón Iarmhí ina mbua ar Longfort. Bhí cúig bháide, leis, acu an lá úd agus le ceithre cinn eile in aghaidh na Mí agus dhá cheann i gcoinne Chill Dara, tuigfidh Áth Cliath cá dtosnóidh siad ag ceansú an mhisnigh agus ag cealú na féinmhuiníne iontu. Ná géill báide agus tá leath do chúram déanta.
Níl ann ach a leath, áfach, mar ní foireann iad an Iarmhí a luífidh síos go socair. Tá ceannairí ar nós a gcaptaen Ronan Wallace, Ray Connellan agus Sam McCartan ábalta iad a choimeád sa ghleo fiú nuair atá rudaí ag imeacht ina gcoinne. Tá ceannaire eile, Luke O’Loughlin, ar lár ach is fiú aon ní John Heslin a bheith thar n-ais arís an tseachtain seo. B’fhéidir ná beadh sé chomh tréan is a bhí tráth ach is fear é go mbeidh cluais agus aird an n-imreoirí óga aige ag dul isteach go Páirc a’ Chrócaigh agus tá a luach féin leis sin inniu.
Tá imreoirí eile ann ná feadar fós cá bhfuil a gceann scríbe is a dteora forbartha. Imreoirí ar nós Brandon Kelly agus Conor Dillon (a chiúnaigh Jordan Morris na Mí an mhí seo caite) agus Matthew Whittaker, má bhíonn sé lánfhuinte agus a ghortú ailt curtha de aige. Chonac cuid mhaith de Whittaker aimsir na Nollag anuraidh agus é ag imirt lena chumann Tobar an Chláir. Bhí tamall ann gur cheapas gurb iad seachas na Solláin a thiocfadh amach as craobh idirmheánach chlubanna Laighean agus bheifeá ana-thógtha le Whittaker. Tá súil agam go bhfuil sé féin agus na Spartaigh eile ullamh chun catha inniu mar beidh an uile dhuine ag teastáil chun na Dubs a chloí.
Thuaidh i gCluain Eois, níos déanaí sa lá, beidh Ard Mhacha ar a gcroí díchill ag iarraidh an drochnós a bhriseadh agus gan ceithre chluiche ceannais Uladh as a chéile a chailliúint. D’fhoireann gur minicí a luaitear bua ná bris leo, níl craobh Uladh buaite ó 2008 acu agus, cé go bhfuil spriocanna níos mó acu, táim siúráilte nach n-eiteodh aon imreoir ó Ard Mhacha bonn cúige ag an bpointe seo. Ní hualach dóibh na boinn chéanna.
Níl ach Rory Beggan ar fhoireann Mhuineacháin le bonn cúige agus seachas Ryan Wylie agus Ryan McAnespie ar an mbinse, níl oiread is bonn cúige amháin eile idir na haon imreoir ar an bpáirc inniu. Agus gaoth agus báisteach á thuar, ní haon lá inniu é chun iarracht a dhéanamh a bheith róchliste leis an gcaid. Is deacair a shamhlú go bhféadfadh lá chomh maith arís a bheith ag Blaine Hughes i mbáide Ard Mhacha agus is deacra ná san a shamhlú go mbeadh Muineachán chomh géilliúil is a bhí contae an Dúin coicíos ó shin. As na báideoirí go léir a chífir as seo go deireadh na craoibhe, ní bhfaighir beirt níos fearr i mbun a gceirde ná Beggan agus Hughes.
Murach an dá thréimhse codlata a bhí ag Ard Mhacha sa dara leath in aghaidh Thír Eoghain agus Fear Manach, bheinn ag rá go mbuafaidís an ceann seo go bog ach, ar chuma éigin, tugann Ard Mhacha léasanna beaga dóchais i gcónaí duit fiú agus tú fé chois acu. Ceist eile ar fad í an bhfuil Muineachán inniúil ar adhmad a bhaint as na léasanna céanna. Nuair a thagann sé chuige agus nuair a théitear i muinín na bhfear ionaid, is dóigh liom gur treise Ard Mhacha i gcónaí.
Fág freagra ar 'Ní foláir do Spartaigh na hIarmhí a bheith ullamh chun catha'