Tá an dara leabhar sa tsraith Diary of a Wimpy Kid le Jeff Kinney ar fáil anois i nGaeilge Mhanann. Jialann Tootagh: Rodrick Aboo an teideal Manainnise atá tugtha ag an aistritheoir Adrian Cain – múinteoir sa bhunscoil lán-Mhanainnise san oileán – ar an leagan nua Gaelg seo.
Ba é Cain a chuir Manainnis ar an gcéad leabhar sa tsraith, Jeelane Tootagh, sraith a mbíonn an-tóir ag léitheoirí óga ar fud an domhain uirthi. Bhí mac Cain féin ocht mbliana d’aois agus an-suim aige in eachtraí an phríomhcharachtair Greg Heffley nuair a thug sé faoin gcéad aistriúchán sin.
Seoladh Rodrick Aboo sa Bhunscoill Ghaelgagh mar chuid den cheiliúradh a rinneadh ar ‘Lioaryn Shenn as Noa’, ócáid a reáchtáladh do Lá Domhanda na Leabhar níos túisce an mhí seo.
“Is breá an rud é go bhfuil an leabhar foilsithe. Tá súil agam go mbeidh sé ina áis thaitneamhach agus tharraingteach d’fhoghlaimeoirí Manainnise agus do chainteoirí den uile aois, agus go mbeidh ceacht ann dúinn ar fad – ní bhíonn dea-chríoch ar chóisirí a eagraítear i ngan a fhios do thuismitheoirí riamh, mar shampla!” a dúirt Cain.
Dúirt Ruth Keggin Gell, oifigeach forbartha Manainnise le Culture Vannin, an eagraíocht a d’fhoilsigh an leabhar nua, go dtugann an leagan Manainnise de The Diary of a Wimpy Kid bealach “spraíúil” do pháistí le bheith ag léamh sa teanga. Dúirt sí go bhfuil sé ina “áis luachmhar” d’fhoghlaimeoirí agus do theaghlaigh atá ag iarraidh an Mhanainnis a úsáid “taobh amuigh den seomra ranga”.
“Chuaigh an t-uafás oibre isteach sa leabhar seo agus tá ríméad orainn é a fheiceáil ar na seilfeanna! Is iontach an rud é aistriúcháin Mhanainnise de leabhair ábhartha chomhaimseartha a bhfuil tóir orthu do chainteoirí de gach aois.
“Tá muid ag súil go mór leis an gcéad rud eile a aistreoidh Adrian a fheiceáil. Le cúnamh Dé, tabharfaidh a chuid aistriúchán spreagadh do ghlúin nua cainteoirí Manainnise a leabhair féin a scríobh amach anseo,” a dúirt Keggin Gell.
Deir Culture Vannin gur foilsíodh os cionn céad leabhar i Manainnis le blianta beaga anuas agus go bhfuil 1,500 páiste ag foghlaim na teanga i scoileanna an oileáin.
Tá Diary of a Wimpy Kid ar fáil in os cionn 60 teanga ar fud an domhain, an Ghaeilge ina measc. D’fhoilsigh an comhlacht Futa Fata leagan Gaeilge de Diary of a Wimpy Kid den chéad uair in 2016 faoin teideal Dialann Dúramáin, teideal a roghnaigh cailín óg, Aisling Ní Fhlatharta, as Tír an Fhia i gcontae na Gaillimhe.
Ba í Máirín Ní Mhárta a chuir Gaeilge ar leabhar iomráiteach Jeff Kinney, agus foilsíodh trí leabhar eile sa tsraith ó shin: Dialann Dúradáin: Roderick Abú; Dialann Dúradáin: An Fhírinne Shearbh; agus Dialann Dúradáin: Leadaí na Leisce.
Fág freagra ar '‘Diary of a Wimpy Kid’ aistrithe go Gaeilge Mhanann'