Bhuail Parthas ar talamh liom inniu ach nílim chun a rá leat cá’il sé le heagla go mbeifeá ann romham an chéad uair eile a dh’ardóinn mo sheolta!
Suaimhneas an chéad bhraistint a bhraitheas ach a bhfeaca uaim síos an cuan is an charraig lasmuigh agus an t-uisce ceangailte dos na clocha.
Tar éis bliain ghnóthach le foilsiú leabhartha agus seoltaí ina dhiaidh san gan trácht ar thógaint tí chun greim a choimeád ar mo chearta mar fhear Gaeltachta maireachtaint im bhaile dúchais (rud a dhiúltaíonn búir phleanála a chur san áireamh) bhí a leithéid d’áit a’teastáil go dóite uam agus im aonar.
Mar bharr ar sin cailleadh mo dhriofúr Bríde le hailse an tseachtain sula bhfágas agus cloch throm le hiompar é sin dom mhuintir is dá clann ach níl aon ghnó againn ag déanamh truáin dúinn fhéin ach ceann na maitheasa a chur romhainn do i gcónaí mar ná leat an lá amáireach.
Léimeas amach as an mbus fiche neómantaí roimh cheann scríbe a bhaint amach is shiúlaíos na cúig neómantaí fichead eile agus is mise atá sásta go ndeineas.
Béas a phriocas suas óm chara Danny Sheehy, aon bhaile nua dá dtagaim isteach ann, dul isteach sa tsáipéal dhá neómant agus coinneal a lasadh ann. Isteach liom agus tháinig dhá shúil dom ach a bhfeaca an sáipéal lán, rud ná chífeá aige baile. Sagart Afraiceánach ag léamh an Aifrinn, toradh na misinéirí a thug chuchu an creideamh san an chéad lá. Cé chreidfeadh tamall ó shin é. Ní hé Fr. Tom go háirithe a thabharfadh aon ghéilleadh dho mar scéal

Sea leanaíos orm tríd an mbaile i dtreo an ché a bhí cúig neómantaí ó bhaile agus mé nach mór ann ghaibheas timpeall cor sa bhóthar is tháinig dhá shúil dom ach a bhfeaca uam síos é…Parthas ar talamh os mo chomhair amach.
An cuan is an cé
Bhí mo chroí im bhéal agam le háthas ar an t-iontas a chonac romham amach agus an suaimhneas a bhraitheas agus pé rian scamaill a bhí im aigne nó ar m’anam go dtí san, thráigh sé de gheit.
Tamall eile de bhóthar is chonaic fógra dos na daoine cáiliúla a bhí titithe i ngrá leis an áit romham agus bhí liosta le háireamh ansan fhéin, Sophia Loren, bandia na háilleachta agus í in airde láin ina measc.

Bhí dhá bhialann deasa san áit is chaitheas mo shúil ar bhiachlár an dá cheann acu ach nuair a bhí ag dul díom m’aigne a dhéanamh suas cheistíos bean a bhí i mbéal dorais a siopa éadaí galánta idir an dá áit cioca ab fhearr acu. Caith uam Tripadvisor mar an focal áitiúil an t-eolas is fearr i gcónaí. Stiúraigh sí ar dheis mé is gháireamair araon agus gheallas di ná bogfainn mo bhéal mar go dtuigim cé chomh fuirist is atá sé comharsain a chur in earráid i gceantar beag cúláisteach mar é seo. Isteach liom is bhí sailéad aoibhinn agam ann leis an bhfarraige buailte liom, nach mór fé mar dá mbeinn ar bord loinge.

Rud a thugas fé ndeara sa chuan seo agus cuanta nach é ná an méid báid bheaga iascaigh a bhí ceangailte do ché agus iad ar fad ag obair, díreach mar a chífeá i mBaile na nGall agus sa Chuas agus cuanta mar iad daichead bliain ó shin ar chósta na hÉireann. Táimid scaoilte síos go náireach aige’n ár bpolaiteoirí. Ná maith atá cead acu seo a gcuid farraigí fhéin a dh’iascach?
Sea, thugas cúpla uair an chloig timpeall an ché is ach a bhfágas é bhí mo chroí chomh héadrom le lon ar sceach.
Ní haon mhaitheas a bheith ag gearán i dtaobh na haimsire in Éirinn. Má tá do shláinte agat agus pinginí reatha id phóca agus sa bhanc agat, níl na háiteanna aoibhne seo ach i ngiorracht scread asail uait ar eitleán. Pé rud a chosnóidh sé ort, beidh a leath ar a laghad caite agat má fhanann tú aige baile mar is saoire na tíortha seo maidir le bia is deoch dó de ghnáth. Ní haon mhaith dhuit greim ródhaingean a bheith agat ar an scilling. Níl aon phóca ar an aibíd ná aon hitch ar an hearse mar sin caith é faid is tá do shláinte agat chuige sin, go háirithe má tá ‘leabhar an bháis” agat, mar a thug Seán an Ghréasaí ar leabhar an phinsin! Ba dhiabhail an seanfhondúir dúchasach deisbhéalach flaithiúil é.
Tá na turasanna seo go hiontach níl aon bhaol air ach ritheann sé liom go minic cad dúirt Máirín Firtéar le Danny i dtéacs agus oileáin na Faroes [Na Scigirí] bainte amach againn in 2011, ‘Ná dearúd an Gleann a dh’fhágais dá shuairce iad gairdíní Pharthais’ agus ní dheinim mar ‘an áit a saolaítear an t-éan sea is fearr leis a bheith’, más í an bháistigh is an ghaoth fhéin a chuireann fáilte abhaile romhainn!
Leide. Oileán beag lasmuigh do Napoli is ea é!

Tomás
Capri. Beidh tú lán de cheol nua ar theacht abhaile duit.
Flannán Ó Coileáin.
An é sin an oileán céanna is a bhí an taoiseach Rómánach iomráiteach Tiberius in a cónaí ann ? I rith a réimse cuireadh Iosa Chríost chun bás. Dá dtiocfadh sé ar ais arís agus sagart Afraiceánach ag leamh an Aifreann agus fear as Baile na nGall ag canadh Sean Nós agus ag seinm an bhosca ceoil ann, thabharfainn pingin rua as a chuid smaointe.
Dónal
Isle of Capri, Frank Sinatra
https://youtu.be/zxwIeLBx3KU?si=gO7AvITvQDEpCsiO
Jacko
‘Tá sé ar an dtaobh thall.”
Sin cur síos atá sa Ghaeilge ar dhuine a bheadh imithe ar shlí na fírinne.
An taobh thall agus an taobh abhus.
Sin dhá thaobh den rud céanna, d’aon rud amháin.
Béas mós forleathan i measc Críostaithe is ea coinnle a lasadh i gcuimhne nó in ómós do na mairbh.
Lon a ghlacadh ón saol chun dul i mbun do mharana agus do rinnfheithimh.
Tá an rá seo sa Ghaeilge chomh maith;
“Níl sa bhás ach múchadh coinnle i mbéal maidine.”
Siombail álainn is ea an choinneal; suthain agus duthain.