FÍSEÁN: Al Fresco, agallamh beirte agus bona fide – an foclóir Gaeilge nua
Seoladh an tseachtain seo an chéad mhórfhoclóir Gaeilge aonteangach. Seo seacht rud a rith leis an saineolaí teanga Éamonn Ó Dónaill faoin saothar nua
Seoladh an tseachtain seo an chéad mhórfhoclóir Gaeilge aonteangach. Seo seacht rud a rith leis an saineolaí teanga Éamonn Ó Dónaill faoin saothar nua
Jacko
Fuaimnítear an focal ‘ábhar’ gan síneadh fada (=abhar) i gcásanna áirithe i gcanúint Chorca Dhuibhne.
Ráinneodh go ndéantar amhlaidh i gcanúintí eile…
“ag imeacht ar a abhar féin” mar shampla.
“Abhar dochtúra, abhar sagairt” etc
Ach “ag déanamh ábhair” etc etc
Níl aon aitheantas tugtha do san in aon áit (go bhfios dom) ach i bhfoclóir an Duinnínigh.
Jacko
Féach an iontráil ar ‘aiteas’ thíos.
Ní thuigfeá ‘pleasantness’ ná ‘fun’ (áineas, spraoi etc) as an míniú a thugtar ach is in í an bhrí is mó atá le ‘aiteas’ i gCorca Dhuibhne.
Tugtar an bhrí sin leis sna foclóirí eile, áfach.
Is maith ann é an Foclóir Gaeilge-Gaeilge agus tréasluím a saothar leo ach uaireanta, de ghrá na simplíochta agus na soiléireachta, níor mhiste cúl a thabhairt leis an bpiúratánachas agus focal amháin Béarla a chur isteach. Tá cainteoirí breátha ann a bhfuil sáreolas acu ar an gcanúint sin ó dheas ach teagmháil a dhéanamh leo.
aiteas cmu
ainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh
(g.u. aitis)
1. An staid nó cáilíocht a bhaineann le duine nó le rud atá neamhghnách nó nach mbeadh súil agat leo agus a chuirfeadh míshuaimhneas áirithe ort
2. Rud éigin neamhghnách nó suimiúil a tharlaíonn de sheans
3. An cháilíocht a bhaineann le duine nó le hiompar duine atá an-amaideach nó an-aisteach, dar leat
Jacko
“Ó an t-aiteas,” arsa’n coileach ach a n-éirigh sé anuas den gcearc.
Bteandán Ó Beaglaoich