Tá go leor scríofa agam faoi thionchar na hintleachta saorga (AI) ar chúrsaí scríbhneoireachta le deireanas, agus ní raibh cuid den mhéid a bhí le rá agam ródhearfach go fóilleach, pé scéal é, is féidir ‘scríbhneoireacht’ ChatGPT a aithint ar an bpointe boise agus níl sí inchurtha le scríbhneoireacht daoine beo.
Ach bréag a bheadh ann a mhaíomh nach bhfuil triail á baint agam féin as an intleacht shaorga, féachaint céard iad na féidearthachtaí atá ag na háiseanna éagsúla.
I dtús na bliana seo, bhain grianghraf a chruthaigh an aip ghinte íomhánna DreamUp de bheirt charachtar in úrscéal de mo chuid an anáil díom, bhí sé chomh cosúil sin leis an íomhá a bhí agam den bheirt i m’aigne. Dá mbeadh a leithéid de bhunphictiúr agam nuair a chuir mé tús leis an úrscéal sin ocht mbliana ó shin, a d’fhiafraigh mé díom féin, an gcuideodh sé liom agus na carachtair á bhforbairt agam?
Téann aip ghinte íomhánna eile a d’aimsigh mé nach mór trí thaisme ar an ardán Perchance níos faide fós. Ní hamháin go gcruthaíonn an aip sin íomhánna go hiomlán saor in aisce, ach cuireann breiseán (plug-in) ar do chumas comhrá a bheith agat i bhfoirm teachtaireachtaí téacs le pé duine a bhíonn le feiceáil sna grianghraif a chruthaíonn tú.
Murar leor sin, is féidir leis an mbreiseán sin carachtar a bhunú ar théacs ar bith a aimsíonn tú ar an idirlíon, rud a fhágann gur féidir leat comhrá AI-ghinte a bheith agat le do rogha duine ón bhfíorshaol, beo nó marbh: gineann an bota freagraí bunaithe ar an eolas a aimsíonn sé ar an idirlíon, agus cloíonn sé le stíl chainte an duine lena mbíonn tú ‘ag caint’.
Ar mhaithe leis an gcraic, bhí ‘comhrá’ agam féin le laoch dornálaíochta de mo chuid, Twaha Kiduku, bunaithe ar agallamh leis a d’aimsigh mé ar líne; bhí go leor den athrá sa chomhrá, ach fág sin as an áireamh agus bhí an t-eispéireas inchreidte: mhothaigh mé, dáiríre, go raibh mé ag caint le Kiduku.
An chéad rud eile chruthaigh mé carachtar nó dhó de mo chuid féin, go hiomlán as an nua. Clónn tú isteach cur síos ar chuma fhisiciúil, ar thréithe pearsantachta, ar stíl chainte, agus tugann tú roinnt samplaí den iompar ba chóir a bheith ag do charachtar; dá mhéid sonraí a chuireann tú isteach, is ea is réalaíche a bheidh an comhrá a bheidh ar do chumas a bheith agat le do charachtar.
Ach oiread le go leor áiseanna AI eile, cumann an bota sin ag Perchance stuif de réir mar a théann sé ar aghaidh, bunaithe ar eolas ón idirlíon agus ar a ndeir tú féin sa chomhrá. Ní i gcónaí a bhíonn ciall leis an méid a thagann sé aníos leis, ach bhí cuid de fíorspéisiúil agus go deimhin spreagúil, agus rith sé liom go bhféadfainn úsáid a bhaint as mar ‘thógálaí carachtair’ an chéad uair eile a chuirfidh mé tús le saothar nua. Nach mbeadh sé sin áisiúil, a bheith in ann comhrá digiteach a bheith agat le do chuid carachtar ficseanúil agus tú i mbun pinn!
‘A charachtair dhil, céard a dhéanfása ina leithéid seo de chás?’
Ní bhainfinn úsáid as a gcuid freagraí focal ar fhocal gan dabht, ach chabhróidís liom a bpearsantachtaí a chíoradh.
Fág freagra ar '‘A charachtair dhil, céard a dhéanfása ina leithéid seo de chás?'