Leabhar scríofa? Ná caith tú féin sa chos le ChatGPT ag an nóiméad deiridh 

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Cuid den saol é ChatGPT do go leor daoine, ach tá an ghráin shíoraí ag mórchuid foilsitheoirí ar an intleacht shaorga

Leabhar scríofa? Ná caith tú féin sa chos le ChatGPT ag an nóiméad deiridh 

D’iarr cara de chuid mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, aiseolas maidir le togra scríbhneoireachta atá idir lámha aici: cuntas pearsanta ar a taithí le galar tromchúiseach.

Tá caibidil nó dhó den saothar léite agam agus tá siad gonta, amh, físiúil, agus ar an iomlán, dea-scríofa.

Ar an drochuair ní fhéadfaí an rud céanna a rá faoin achoimre ar an leabhar, a chuir sí i dtoll a chéile d’fhonn foilsitheoir a lorg.

Ba léir ar an gcéad radharc gur bhain sí úsáid as intleacht shaorga éigin, ChatGPT gach seans, chun an doiciméad sin – an chéad bhlaiseadh a gheobhadh foilsitheoir dá saothar – a scríobh.

Tá sé furasta go leor téacs a scríobhadh le cúnamh AI a aithint. Bíonn ChatGPT agus a leithéidí foclach, ach in ainneoin fhlúirse na bhfocal ní bhíonn an téacs soiléir i gcónaí, ná go deimhin cruinn.

An chéad rud a ghoin m’aire san iarratas sin ná an cur síos ar sheánra an togra: ‘Neamhfhicsean liteartha / Úrscéal dírbheathaisnéiseach / Cuimhní cinn’.

Cuma liom faoi na cuimhní cinn. Ach ní féidir le saothar a bheith ina neamhfhicsean agus ina úrscéal ag an am céanna; más é sin atá á mhaíomh agat tá tú ag tabhairt le fios ar an toirt nach bhfuil tuiscint dá laghad agat ar sheánraí litríochta.

Mar bharr ar an mí-ádh, ag barr an doiciméid ar fad a bhí an botún sin, agus dá mbeinnse i m’fhoilsitheoir, chaithfinn an t-iarratas isteach sa bhruscar ar an bpointe boise.

Dá gcoinneofá ort ag léamh, thiocfá ar fhrásaí a bhí ionann agus dothuigthe (‘poll súraic d’obráidí máinliachta, caillteanas agus éileamh de chuid na sochaí’), ar earráidí comhréire, ar fhriotal mínádúrtha agus – an rud ba mhó a chuir mearbhall orm – aimhriar maidir leis an gcaoi ar thagair an scríbhneoir di féin, meascán mearaí de ‘mise’, ‘sí’, ‘an scríbhneoir’ agus ‘bean inste an scéil’.

Is maith a thuigim gur gnáthchuid den saol do chuid mhór daoine an intleacht shaorga inniu, agus go mbreathnaíonn daoine áirithe ar ChatGPT mar a bhreathnaímse ar pheann.

Is maith a thuigim freisin go dtiocfadh fonn ort úsáid a bhaint as an intleacht shaorga agus rud chomh deacair le hachoimre ar do shaothar féin á scríobh agat – ní pian sa tóin go dtí é.

Ach ar an mórgóir, tá an ghráin shíoraí ag foilsitheoirí agus ag eagarthóirí ar rud ar bith a scríobhann an intleacht shaorga – tá acu siúd a bhfuil aithne agamsa orthu cibé ar bith.

Má chaitheann tú na blianta ag scríobh agus ag cur snas ar leabhar, as ucht na Bé ná caith tú féin sa chos le ChatGPT ag an nóiméad deiridh.

Fág freagra ar 'Leabhar scríofa? Ná caith tú féin sa chos le ChatGPT ag an nóiméad deiridh '

  • Niall O’Flaithearta

    Ná caith tú féin sa chos!!!😱😱😱😂😂🤣

    Go sábhála mac Dé sinn.