Tá Sinn Féin ag iarraidh ar an gCeann Comhairle éirí as i bhfianaise na conspóide faoi chearta cainte sa Dáil.
Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh nósanna imeachta na Dála “scriosta” ag Verona Murphy agus gur “cur i gcéill” a bhí sa mhéid a tharla sa Dáil inné nuair a bhí sí ina cíor thuathail ag conspóid na gceart cainte.
“Caithfidh tú imeacht,” a dúirt ceannaire Shinn Féin.
Dúirt Mary Lou McDonald go raibh muinín an fhreasúra “caillte ar fad” ag Verona Murphy agus gur chóir di éirí as.
Bhagair ceannaire Shinn Féin go rithfí rún mímhuiníne sa Cheann Comhairle mura n-éireodh sí as. Dúirt McDonald gur bhrúigh Verona Murphy tríd moladh an rialtais maidir le cearta cainte a thabhairt do na Teachtaí Dála atá ag tacú leo. Léirigh an Ceann Comhairle go raibh sí claonta agus ní fhéadfadh sí fanacht ina hoifig dá bharr, a dúirt Mary Lou McDonald.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gurbh í an aidhm a bhí ag Sinn Féin ná a chinntiú go mbeadh ruaille buaille sa Dáil ionas nach bhféadfadh an rialtas a chuid oibre a dhéanamh.
Dúirt Micheál Martin nach bhféadfadh an Dáil feidhmiú mar ba chóir dá gceadófaí don fhreasúra mímhuinín a léiriú sa Cheann Comhairle aon uair nár aontaigh an Ceann Comhairle leo. Mhaígh an Taoiseach gurb é cur chuige an fhreasúra ná cur in aghaidh an rialtais go hiomlán agus go raibh iarracht ar siúl a chinntiú nach bhféadfaí aon ghnó a dhéanamh “gan cead an mhionlaigh”.
Sheasfaí an fód in aghaidh Shinn Féin agus ní cheadófaí dóibh ceannas a fháil ar thaobh an rialtais den Dáil, a dúirt Micheál Martin.
Dúirt Martin nach mbeadh an Dáil mar a chéile arís go deo i ndiaidh achrann an lae inné.
Bhí cúrsaí ina gcíor thuathail sa Dáil tráthnóna inné nuair a cuireadh imeachtaí ar athlá go dtí inniu de dheasca an bhabhta aighnis is déanaí faoi chonspóid na gceart cainte.
Cuireadh an Dáil ar fionraí i dtosach, agus ar deireadh thiar thall, nuair a d’fhill na Teachtaí Dála, bhain an Ceann Comhairle leas as a cuid cumhachtaí chun dlús a chur leis an vótáil faoi mholadh an Rialtais maidir le cearta cainte a thabhairt do na neamhspleáigh atá ag tacú leo.
Chuir Verona Murphy cuid de sceideal an lae ar leataobh chun bogadh ar aghaidh go dtí an vótáil. Gníomh ab ea é sin arbh léir gur tháinig sé aniar aduaidh ar dhaoine, agus nuair a lean Teachtaí Dála an fhreasúra den liúireach agus den trasnáil i ndiaidh na vótála, chuir Murphy an teach ar athlá go dtí maidin inniu.
Roimhe sin, chuir an Ceann Comhairle an Dáil ar fionraí tar éis 50 nóiméad clampair agus sáraíochta le linn cheisteanna na gceannairí.
D’achainigh an Ceann Comhairle arís is arís eile ar Theachtaí meas a léiriú uirthi mar chathaoirleach agus dúirt sí gur “náire shaolta” a bhí in iompar na dTeachtaí Dála.
Dúirt sí le Teachtaí Dála an fhreasúra gur “mór an náire iad os comhair an tsaoil mhóir”.
Dúirt leascheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta, Cian O’Callaghan, chomh maith go raibh muinín an fhreasúra caillte ag an gCeann Comhairle agus gur chóir di smaoineamh ar éirí as.
Dúirt Ivana Bacik, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre go raibh iarracht ar bun ag an Rialtas a chinntiú nach mbeadh ar bun ag an bhfreasúra ach “cur i gcéill” agus go raibh buanorduithe na Dála curtha as riocht ar mhaithe le “cute hoorism”.
Mhaígh Ivan Bacik nár chuir an Ceann Comhairle rialacha na Dála i bhfeidhm i gceart inné agus gur chóir do Verona Murphy “machnamh” a dhéanamh air sin.
Carraig
Deacair a chreidiúint go bhfuil an bhligeardaíocht agus an chladhaireacht seo fós sa tsiúl ag ár bpolaiteoirí.
Muran féidir leo rialacha a chomhaontú faoi ghnó na Dála a rith, cén seans atá ann go réiteoidh an dream céanna mórfhadhbanna na tíre seo?
Cuimhnigh leis go bhfuair an binse fiosrúcháin faoin Tiobraideach atá laistiar den dearg-sheafóid seo agus a bhfuil Martin is eile ag tacú leis ó bhonn go raibh sé
“breathtakingly corrupt”.
Cuimhnímís air sin leis nuair a bheidh an chéad olltoghchán eile ann.