Bhí alltacht ar dhaoine anuraidh nuair a fuarthas amach go raibh comhalta den PSNI freagrach as mí-úsáid ghnéis a dhéanamh ar dhuine goilliúnach a ndeachaigh sé ‘i gcabhair’ uirthi mar chuid dá dhualgas.
Tháinig an scannal chun solais nuair a foilsíodh go bhfuair an comhalta bata is bóthar ón PSNI ach is údar imní é an fhad a thóg sé chun é a bhriseadh as a phost.
Is bocht an scéal é go dtógann sé blianta chun foghlaithe gnéis i measc na bpóilíní a chúiseamh agus a smachtú. Tá cigire ag éileamh go ndéanfaí leasuithe go haibéil chun fiosruithe a bhrostú agus muinín sa tseirbhís póilíneachta a chothú.
Tá Ombudsman na bPóilíní ag fiosrú 24 cás, an líon is mó ariamh, é líomhnaithe gur bhain póilíní mí-úsáid as a ról le haghaidh gnéis. Sin méadú ó 19 cás i mí Iúil anuraidh. Tá sé dearbhaithe ag Oifig an Ombudsman gur ciontaíodh nó gur briseadh seisear póilíní ó 2020 as mí-úsáid a bhaint as a bpostanna chun foghail ghnéis a dhéanamh.
Maidir leis an gcás a tharraing aird anuraidh, bhí sé tagtha chun deiridh in 2022 ach níor nochtadh an t-eolas ag an am. Rinne an t-oifigeach achomharc in aghaidh a bhriste luath in 2022 ach theip air mí na Nollag dár gcionn.
Is in 2016 a bhí caidreamh gnéis aige le bean leochaileach a chuaigh chuig stáisiún PSNI chun tuairisc a thabhairt faoi thrioblóid. Tharla an caidreamh comhthoiliúil eatarthu ag ionad tionsclaíoch ach ina dhiaidh sin bhagair sé uirthi gan inseacht d’éinne céard a tharla. D’fhan sí ina tost go dtí 2019 nuair a d’fhreastail sí ar an stáisiún céanna faoi ábhar eile. Cuireadh an cás faoi bhráid an Ombudsman a mhol cúiseamh. Níor cúisíodh é d’uireasa dóthain fianaise ach tugadh próiseas smachtaithe an PSNI chun críche.
Tá an cheist i mbéal an phobail arís de bharr tuairisc ó chigire riar na córa, an CJI (Criminal Justice Inspector), seirbhís neamhspleách a d’éiligh go gcuirfí bailchríoch ar chásanna i bhfad níos tapúla. Léirigh a scrúdú ar obair an Ombudsman gur thóg fiosrú 510 lá (17 mí) de ghnáth agus cúiseamh nó smachtú breis is bliain eile, 397 lá sa mhullach ar sin.
I measc na moltaí a rinne an cigire, Jacqui Durkin, bhí éileamh go rithfí reachtaíocht nua a chuideodh leis an PSNI comhalta a bhriseadh go tapaidh nuair a bheadh fianaise chuí ar fáil. Mhol sí freisin go n-aontófaí sainmhíniú dlíthiúil ar an míchleachtas ‘mí-úsáid phost an phóilín’ maille le straitéis chun cuidiú le hoifig Ombudsman na bPóilíní ina cuid fiosruithe.
Ghlac an tOmbudsman, an Roinn Cirt in Stormont, an tSeirbhís Ionchúisimh agus an PSNI leis na moltaí. Ach cathain a chuirfear i bhfeidhm iad? Dúirt an leasPhríomh-Chonstábla gur eisigh an PSNI léiriú intinne don fhoireann anuraidh á chur in iúl nach gcuirfí suas lena leithéid de mhíchleachtas. Bheadh comhoibriú leis an Ombudsman agus páirtnéirí eile chun diansmachtú a dhéanamh ar an mí-iompar do-ghlactha sin, a dúirt sé.
Dúirt an tAire Cirt, Naomi Long gur cúis mhór buartha é lion na gcásanna. Bhí sí imníoch faoin mhímhuinín sa phóilíneacht a chothódh siad agus an díspreagadh do dhaoine a mbeadh cásanna le cur faoi bhráid an PSNI acu.
Dúirt sí go raibh réamhobair maidir le leasuithe ar an dlí idir lámha sa roinn. ach nach mbeadh siad faoi réir chun an dlí a athrú i saolré an Tionóil seo – sin idir seo agus Bealtaine 2027.
Meileann na muilte go mall ….
Fág freagra ar 'Foghlaithe gnéis i measc na bpóilíní á bhfiosrú – go mall'