“Seo é mo scéal agus má tá bréag ann bíodh, mar ní mise a chum ná a cheap.” Ba mar sin ba ghnách leis na seanchaithe deireadh a chur lena gcuid eachtraí. Ar thosaí dom a dhéanfas mise aithris orthu an tseachtain seo.
An bhfaca sibh le linn na seachtaine gur tugadh $6.1 billiún ar leipreachán? Níl aon ghá duit breathnú an dara huair air, Bhí tú leathcheart ar an gcéad amharc. Sé mhilliún milliún dollar más uait go míneofaí glan amach arís é.
Níl a fhios agam céard a cheapfadh Fergus Mac Leití don scéal. Más fíor ba é Fergus an chéad duine riamh a chonaic leipreachán.
Agus b’fhéidir an duine deiridh. De réir Annálacha na gCeithre Máistrí ba é Fergus a bhí ina rí ar dheisceart Uladh tuairim 200 R.Ch. Bhí rí eile darbh ainm Congal Cláringnech i gceannas ar thuaisceart an chúige. Bhí údarás ag Ardrí ar Éirinn ar an mbeirt acu. Lugaid Luaigne an t-ainm a bhí ar siúd.
Na bí ag ceapadh ach an oiread go mba é saol an mhadaidh bháin ar fad a bhíonn ag ríthe. Ag an am údaí ar chuma ar bith bhí a chontúirt féin ag baint leis an bpost a bhí ag an triúr.
Nuair a iarradh ar an Ardrí aon ríocht amháin a dhéanamh d’Ulaidh ba d’Fhergus a thug sé an choróin. D’fhógair Congal cogadh agus bhain an cloigeann de Lugaid. D’fhógair sé ansin go mba é féin rialtóir na tíre. Ag teacht le finíochtas na linne cheap Congal a dheartháir féin ina rí ar Ulaidh ach mharaigh Fergus é siúd agus ar an gcuma sin fuair an choróin ar ais.
Agus sibhse ag ceapadh go raibh cúrsaí go dona in Dáil Éireann i gcaitheamh na seachtaine!
Seo an áit a dtagann na leipreacháin isteach sa scéal.
Ní nach ionadh b’obair throm thuirsiúil a bhí sa gcogaíocht agus sa mbúistéireacht seo ar fad agus tamall dár gcionn bhí Fergus ag ligean néal thairis cois na trá nuair a dhúisigh fuacht an uisce é. Ar dhíriú aníos dó, thug sé faoi deara go raibh triúr leipreachán ag iarraidh é a tharraingt amach sa bhfarraige.
Ghabh sé iad agus ba é an bás céanna a bhfuil luaite san alt go dtí seo a bhí i ndán dóibh nó gur ghealladar trí mhian dó.
Mar is iondúil leo ó shin bhuail an triúr leipreachán bob ar Fhergus bocht agus iad ag bronnadh a chuid mianta air. A bheith ar a chumas snámh faoin uisce ar nós an éisc a bhí i gceann acu sin. Bronnadh sin air ar choinníoll nach dtriailfeadh sé a leithéid a dhéanamh i Loch Rudraige nó Cuan Dhún Droma ar chósta Chontae an Dúin, áit a bhí ina ríocht féin.
Tá a fhios agaibh féin an chuid eile. Ní raibh Fergus in ann diúltú don chathú agus nuair a chaith sé é féin isteach sa taoille ansiúd mharaigh ainbheithíoch é i gcomhrac a mhair trí lá agus a d’fhág go raibh an sáile chomh dearg le fuil.
Bíodh agat féin an scéal sin a chreidiúint nó gan a dhéanamh ach nuair a deirim go ndeachaigh a cháil chomh fada le Hollywood, sé lomchlár na fírinne atá mé a inseacht. Bhí sé luaite sa gcéad scannán a chonaic mé ariamh agus mé i mo phutach i 1959. Darby O’ Gill and the Little People an t-ainm a bhí air. Ba é Walt Disney a rinne é agus ann, d’fhógair Rí na Leipreachán i mBéarla go raibh sé ina shuí ar ‘Ríchathaoir Fergus Mac Leda.’
Níl a fhios agam féin cén chleasaíocht atá beartaithe ag an leipreachán ar íocadh na $6.1 bhilliún air an tseachtain seo ach beidh Gaeil Bhostúin go háirid (agus is líonmhar iad) ag súil gurb é an t-ádh a thabharfaidh sé leis.
Is é an leipreachán áirithe seo suaitheantas agus sonóg fhoireann cispheile na Boston Celtics, dream a bhfuil úinéirí nua anois orthu tar éis do theaghlach Goldbeck a bhí ina mbun na Celtics ó 2003 iad a dhíol an tseachtain seo caite.
Fiontraí caipitil darbh ainm Wycliffe is ea ceann feadhna an teaghlaigh sin. Ní foláir ach beagán de mhianach an leipreacháin a bheith ag baint leis fhéin mar tá €6.1 billiún sa bpota óir atá faoi bhun an tuair cheatha anois ag Wycliffe. €360 milliún a thug seisean ar na Celtics trí bliana fichead ó shin.
Riamh go dtí seo níor frítheadh níos mó airgid ar fhoireann spóirt de chineál ar bith sna Stáit Aontaithe ná a fuair sé an tseachtain seo.
Tá muintir Bhostúin thar a bheith dílis agus ceanúil ar fhoirne spóirt na cathrach sin. Ba de bhunadh na cathrach teaghlach Brown a bhunaigh an fhoireann an chéad lá ariamh agus a raibh úinéireacht acu orthu ar feadh na mblianta. B’amhlaidh do na húinéirí deireanacha agus do Bill Chisolm atá ina mbun anois.
‘If it ain’t broke, don’t fix it.’ Straitéis í sin a bhíonn go mór i gceist ag an bPoncánach agus cheana féin tá sé ráite aigesean nach mbeidh aon mhórathruithe i gceist faoina réimeas.
Cén fáth a mbeadh. Ba iad na Celtics a bhuaigh príomhchomórtas cispheile na Státaí an séasúr seo caite, rud atá déanta acu níos minicí ná aon fhoireann eile sa tír. Cathair Ghaelach den chuid is mó í Bostún agus bhí an leipreachán i mbarr a réime idir 1957 agus 1969 nuair a bhuaigh siad chuile chraobh a imríodh cé is moite de phéire.
Cóitseálaí darbh ainm Red Auerbach a bhí i gceannas na bhfoirne formhór na mblianta sin agus más fíor scéal is deartháir dá chuid arbh ealaíontóir é a rinne dearadh ar an leipreachán a sheasann don chlub ó bhí an ré órga sin ann.
Ba é deireadh an Dara Cogadh Domhanda a d’fhógair teacht an NBA, an eagraíocht a stiúrann an chispheil ghairmiúil i Meiriceá. Bhí na Celtics páirteach ón tús agus mar a thuigfeá óna n-ainm iad meáite ar gceangal leis an saol Gaelach a bheith ar thús cadhnaíochta.
An tseamróg an suaitheantas ba thúisce a bhí acu, ach ó 1950 i leith is é ár gcara a chniog Fergus Mac Leití a bhíonn ag gáire amach linn.
Criostóir Ó Maonaigh, An Astráil
An iad seo na ‘Ceilticí ‘ atá níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin?
Erasmus
Saor Gaza.
Saor an Úcráin.
An Ghraonlainn saor.
Ceanada saor.
Murascáil Mheicsiceo go deo.