Fir aeracha sna scothspóirt, ábhar atá faoi their i gcónaí?

Agus a scéal pearsanta féin á stiúradh dhein David Gough scrúdú pointeáilte ar an ionchuimsitheacht sa spórt sa ghála is déanaí den tsraith ‘Misneach’

Fir aeracha sna scothspóirt, ábhar atá faoi their i gcónaí?

Seans gurb é David Gough duine de na réiteoirí peile is cumasaí agus is iomráití sa tír. Is liosta le háireamh iad na cluichí móra a bhí faoina chúram agus na cinntí cinniúnacha a dhein sé. In 2015 thug sé le fios go raibh sé aerach agus ó shin i leith tá sé ag labhairt amach go paiseanta neamhbhalbh faoin ionchuimsitheacht.

Sa ghála is déanaí den tsraith Misneach, thug Bród sa Spórt (TG4, Dé Céadaoin) éachtaint ar an tslí a bhfuil daoine aeracha, fir ach go háirithe, fós imeallaithe sna scothspóirt. Agus a scéal pearsanta féin á stiúradh dhein David Gough scrúdú pointeáilte ar an ionchuimsitheacht sa spórt. Labhair meitheal bhreá cloigne cainte i gcaitheamh an chlár; gach duine ó Valerie Mulcahy go Tom Parsons agus Máire Ní Bhraonáin. Caithfear a rá chomh maith go raibh formhór an chláir as Gaeilge agus gur láithreoir caithiseach, cumasach é Gough a chuir a chuid aíonna ar a gcompord.

Meabhraíodh dúinn ag pointe amháin go bhfuil breis agus 2,000 fear ag imirt peile agus iománaíochta ag leibhéal idirchontae agus go gcaithfidh, go staitisticiúil, sciar áirithe díobh a bheith aerach. Níl na heiseamláirí ann. Do labhair David féin faoi seo agus an tslí gur fhág sé féin an pheil agus é fós sna ficheadaí mar nár mhothaigh sé istigh leis féin sa seomra feistis.

An mothú nach féidir do chló féin a thaispeáint an eagla nach nglacfaí leat agus go n-athródh caidrimh ó bhonn. Tráchtadh ar mheon tíriúil an tseomra feistis, meon a imeallaíonn daoine óga de réir a chéile, agus i ngan fhios, b’fhéidir. Cuireadh in iúl dúinn go léiríonn an taighde go bhfuil 92% d’imreoirí óga tar éis maslaí homafóbacha a chlos.

Gné shuimiúil den chlár ná an tslí go bhfuil rudaí níos ionchuimsithí anois. Ag dul siar sna blianta bhí Billy Jean King agus Martina Navratilova ann. Inniu, agus in Éirinn, tá leithéidí Valerie Mulcahy, Aisling Maher, Katie Harrington agus Katie McCabe ann. Cé gur thug Dónal Óg le fios in 2019 go raibh sé aerach, agus gur dhein daoine eile amhlaidh, is ábhar suntais nach bhfuil fir na scothspórt compordach a ngnéasacht a fhógairt go poiblí.

Cúis eile, b’fhéidir, go bhfuil leisce ar fhir teacht amach ná an baol go ndéanfaí é a chasadh chucu mar achasán ar pháirc na himeartha. Aithníonn an t-iarimeoir peile Tom Parsons é sin go macánta; ní bhíonn aon teora leis an saighdeadh ar an bpáirc spóirt. An ceann is fearr faighte ag an bhfearúlacht nimhe ar an bhfearúlacht. An t-iomaíochas agus an fhisiciúlacht ag dul in aimhréidh na homafóibe.

Cé go bhfuil dul chun cinn déanta le blianta anuas maidir leis an ionchuimsitheach sa spórt mheabhraigh an clár tábhachtach, tomhaiste seo dúinn go bhfuil bóthar cigilteach fós le siúl againn.

Fág freagra ar 'Fir aeracha sna scothspóirt, ábhar atá faoi their i gcónaí?'

  • Carraig

    Ní ar pháirc na himeartha amháin ná sa seomra feistis ‘tíriúil’ atá an t-ábhar nó na daoine seo faoi their.
    Tá sé i ngach scoil, i ngach pub, i ngach club, i ngach cumann agus i ngach oifig

    Tá an-mhisneach ag David Gough agus moladh dá réir tuilte aige.