Is rud íogair, leochaileach í an sprid foirne

Mura gcítear agus mura mothaítear sprid foirne ó Dhoire i gCaisleán an Bharraigh tráthnóna, cas paca orthu

Is rud íogair, leochaileach í an sprid foirne

Tá sé tosnaithe arís ná fuil?

Ní túisce an port deireanach bainte as a fheadóig ag an réiteoir Martin McNally i bPáirc de hÍde Dé Domhnaigh seo caite nó go mothófá an dóchas ag éirí arís i lucht leanúna Mhaigh Eo. Cé ná fuil aon amhras ann ná go bhfágadar an bua ina ndiaidh in aghaidh Átha Cliath, bhí cogarnaíl chiúin agus siosarnach chainte tosnaithe an athuair tar éis a dtaispeántais agus sinn ag déanamh isteach ar bhaile Ros Comáin agus mo ghraidhin iad, giodam agus teaspach an tsamhraidh ag brúchtaíl arís. Murach go raibh sé feicthe, braite agus cloiste cheana againn, bheimis féin chomh tógtha céanna leis an dtaispeántas ó fhoireann Kevin McStay.

Pé acu an ngéillimid do thréithe Mhaigh Eo i mbliana nó ná géillimid, thugadar misneach don uile chontae atá fágtha sa rás. Thugadar misneach, muinín agus dóchas dóibh trí nochtadh a  dhéanamh ar leochaileacht áirithe i leagan amach agus i  gcur chuige Átha Cliath.

Thaispeánadar gur fiú, má tá na himreoirí agat, dul fear le fear ar Chon O’Callaghan agus Brian Fenton agus thaispeánadar, leis, go mb’fhéidir nach iad na himreoirí a thaibhseofaí dhuit ar an gcéad éachtaint na himreoirí ba cheart a chur ag fiach.

Tá cuid mhaith den gcaint ón nDomhnach seo caite dírithe ar ghabháil Chiarán Kilkenny ó chic amach Stephen Cluxton agus ar an slabhra pasála idir Jack McCaffrey, Colm Basquel agus Cormac Costello a lean ach buille fé thuairim cad air atá Kevin McStay agus a bhuíon bainistíochta ag caint le laethanta beaga anuas? Bí siúráilte go bhfuilid ag rá lena gcuid imreoirí go gcaithfidh siad a bheith níos fuaire, níos gránna agus níos mallaithe nuair a bhíonn an lasair sa bharrach.

Samhlaigh cad a bheadh déanta ag lucht na ngeansaithe gorma sa chás céanna Dé Domhnaigh seo caite dá mbeidís siúd pointe chun cinn agus iad i ngiorracht leath nóimeat do dheireadh na himeartha. Ní gá duit é a shamhlú mar tá an iliomad sampla againn don stothadh is don stracadh a dheineadar chun rithim agus sruth na himeartha a threascairt sa tréimhse dheiridh sin. Ní hiad Áth Cliath amháin a dhein agus a dhéanfadh a leithéid. Is oth liom é a rá agus is leasc liom é a admháil ach aon fhoireann gur fiú dóibh foireann a thabhairt orthu féin, dhéanfaidís an rud céanna a dhéanfadh na Dubs. Rud é seo ná fuil foghlamtha ná cleachtaithe go fóill ag Maigh Eo.

Ní gá do Dhoire aon cheachtanna a thógaint i  gceird sin na diabhlaíochta, ach tá deacrachtaí i bhfad níos bunúsaí ná san acu siúd. Is deacair cúis a dtámáilteachta ó thús na craoibhe a dhéanamh amach agus nuair a labhartar ar thnáitheadh coirp is aigne de dhroim dianfheachtas sraithe, b’fhéidir go bhfuil ár gcuid cainte ag teacht róbhog orainn.

Tá seans go bhfuil an scéal i bhfad níos casta ná san ach aithnítear le tamall go bhfuil rud éigin bunoscionn le foireann Dhoire. Cuimhním i gcónaí ar Bhrian Cody agus ar an mbéim a leag sé ar an bhfocal sprid nuair a bhíodh sé i mbarra réime. Cuimhním chomh maith ar an dtuiscint a bhí ag Jim Gavin ar choincheap an ésprit de corps nuair a bhí sé siúd ina mháistir ar Áth Cliath. Is rud íogair, leochaileach í an sprid chéanna. Rud ann féin is ea í. Rud luachmhar nach féidir a cheannach ná a dhíol. Tógann sé síorthindeáil an sprid seo a chaomhnú is a chothú agus is furaist í a sheirgeadh chun dímhisnigh.

Is deacair í a chruthú mar bhainisteoir gan nasc domhain agus daingean a bheith agat le himreoirí. Is deacra fós an sprid sin a chothú ar feadh bliana nó níos faide ach tá sé ana-fhuraist a aithint nuair atá imreoirí ag imirt ina héagmais. Muna gcítear agus muna mothaítear sprid foirne ó Dhoire i gCaisleán an Bharraigh tráthnóna, cas paca orthu agus cur caidhp an bháis ar phlandáil Thír Eoghain chomh maith.

Maidir le Tír Eoghain féin, b’fhuraist dá dtaispeántas in aghaidh Chorcaí an dubh a chur ina gheal orainn. An rabhadar chomh maith sin nó an amhlaidh go raibh Corcaigh chomh bocht sa dara leath? Is mór an buille é sa lá atá inniu ann imreoir a chailliúint leis an gcárta dubh agus b’amhlaidh a bhí ag Corcaigh agus Chris Óg Jones Dé Sathairn seo caite é. Bhí an t-ualach rómhaith dá chomhghleacaithe a bhí ag saothrú go dian go nuige sin agus d’fhág easnamh Jones ar feadh na ndeich nóimeat san go raibh Corcaigh pollta tar éis an tráthnóna a thabhairt ag paisteáil. Beidh tomhas níos fearr againn ar chumas Thír Eoghain agus iad ag imirt ar a bpaiste féin in aghaidh Ros Comáin tráthnóna ach ba cheart go raghaidís chuig na babhtaí ceathrú ceannais de chosa tirime.

Is dóigh liom gurb é an dála céanna i mBóthar na Trá ag an nGaillimh. Pé goimh a bheidh orthu chuchu féin as a ngreim a chailliúint an tseachtain seo caite in aghaidh Ard Mhacha, ba chóir go mbeadh sé le braistint agus le feiscint sa taispeántas in aghaidh Mhuineacháin. Tá Muineachán féin ar chuma na seanchaorach maoile agus a béal caillte faoin dtráth seo, í ag fanacht leis an mbás. Iontas a bheadh ann muna bhféadfadh an Ghaillimh an buille maraithe a bhualadh orthu.

Ní hionann agus foirne eile atá fágtha sa chraobh, tá sé le maíomh ag contae Lú gurb iad Áth Cliath agus Ciarraí an t-aon dá fhoireann a bhuaigh i mbliana sa chraobh orthu. Ní beag san mar chúis mhaíte ach n’fheadar an sásódh san a mbainisteoir uaillmhianach, Ger Brennan? Ní bheidh seans níos fearr acu a gcéad bhua craoibhe in aghaidh Chorcaí ó 1957 a bhaint amach agus iad ag cur faid ama 20 nóimeat ar an aistear ar Chorcaigh in Inis Caoin. Nuair a bhuaileann an contae is mó in Éirinn leis an gcontae is lú, ba dhóigh leat ná déanfadh faid bóthair 18 ciliméadar, puinn difríochta ach cloisim muintir Chorcaí atá anseo inár measc ag cnáimhseán fé ionad an chluiche le laethanta beaga anuas.

Má tá imreoirí Chorcaí ag géilleadh don bhféintrua is don gcnáimhseán, beidh thiar orthu. Deinim amach, áfach, go mbeidh coimhlint eile i  ndán dóibh an deireadh seachtaine seo chughainn agus ná cuirfidh said aon nath ina dturas go dtí Páirc an Chrócaigh dósan.

Maigh Eo, Gaillimh, Tír Eoghain agus Corcaigh le bheith sna babhtaí ceathrú ceannais tar éis an deireadh seachtaine.

Fág freagra ar 'Is rud íogair, leochaileach í an sprid foirne'

  • Carraig

    “….go raibh Corcaigh pollta tar éis dóibh an tráthnóna a thabhairt ag paisteáil.”
    “…cuma na seanchaorach maoile agus a béal caillte aici …ag fanacht leis an mbás.”

  • Seán Mag Leannáin

    Ceann amháin as ceithre cinn ag Dara. Ní dhéanfadh sé sin cúis sna ciceanna éirice!