Grianghraif le Jasper Walter Bastian
Charcoal Press a d’fhoilsigh sna Stáit Aontaithe, 2023
Teanga: Béarla
96 leathanach
52 íomhá
Tráth den saol, comharsana maithe ab ea na Liotuánaigh agus na Bealarúisigh sna sráidbhaile iargúlta atá ar theorainn a chéile. Ní raibh sa teorainn eatarthu ach líne ar an mapa, ar nós mar atá in Éirinn faoi láthair; ach sa bhliain 2004 dhaingnigh an Eoraip an teorainn eatarthu. D’fhág sin go leor bailte teorann i liombó sóisialta – cairde agus siblíní deighilte óna chéile.
Sea, creid é nó ná creid, tá cumha ar dhaoine áirithe i ndiaidh an tseansaoil agus i ndiaidh na gcomhfheirmeacha Sóivéadacha.
Spreag an grianghraf thuas i mbun haiku mé:
sreanga a ghearrfadh tríot . . .
a éanlaith an aeir
seachnaígí
Olagón
Olagón na Tíre/ Gemidos de la Tierrea an teideal atá ar shaothar ealaíne neamhghnách de chuid Jackie Amézquita,
ainmneacha na dteifeach a cailleadh ó thús an chéid seo agus iad á gcoinneáil ag ICE (Immigration and Customs Enforcement). Tá na hainmneacha
seo le léamh ar phainéil ar thaobh trucailí chun aird a tharraingt ar an scannal.
De chré bhácáilte iad ainmneacha na ndaoine, measctha le taos arbhair, uisce na spéire agus salann. De bhunadh Mheicsiceo go leor de na teifigh a cailleadh agus daoine eile ó Hondúras, El Salvador, Guatamala, Cúba agus áiteanna níos faide i gcéin an tSín, Gána, Háítí agus Poblacht na Seice.
Tá tuilleadh eolais faoin ealaíontóir anseo.
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Cumha i ndiaidh na gcomhfheirmeacha'