Ryan Tubridy ag éirí as The Late Late Show 

Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ gur chinntigh Ryan Tubridy go raibh gean ar leith ag an bpobal i gcónaí ar an gclár cainte fadbhunaithe

Ryan Tubridy ag éirí as The Late Late Show 

Tá Ryan Tubridy chun éirí as The Late Late Show ag deireadh an tséasúir.

Dúirt sé gur phribhléid a bhí ann an clár cainte fadbhunaithe a chur i láthair le 14 bliain anuas.

Ghabh sé buíochas lena chomhghleacaithe in RTÉ agus leis an lucht féachana agus lena mhuintir.

Níl aon chinneadh déanta go fóill faoi cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Tubridy.

Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes gur chinntigh Ryan Tubridy go raibh gean ar leith ag an bpobal i gcónaí ar an gclár cainte agus luaigh sí go háirithe a chuid oibre ar The Late Late Toy Show.

Dé hAoine an 26 Bealtaine a bheidh a chlár deireanach ag Tubridy mar láithreoir ar an seó. Leanfaidh sé air ag cur i láthair a chlár maidine ar RTÉ Radio One.

In 2009 a thosaigh Tubridy mar láithreoir ar The Late Late Show, atá á chraoladh ó 1962.

I measc na ndaoine atá á lua mar chomharba Tubridy, tá Miriam O’Callaghan, Tommy Tiernan, Brendan O’Connor, Claire Byrne. Jennifer Zamparelli agus Ray D’Arcy.

Tá Daithí Ó Sé, ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, luaite ag geallghlacadóir amháin ag praghas 16-1.

Tá ceangal na nglúnta ag Ryan Tubridy féin le Gaeltacht Chonamara.  Bhíodh a shin-seanathair agus a shin-seanmháthair ag múineadh i Scoil Mhic Dara na Ceathrún Rua agus bhí a sheanathair, Seán Tubridy, ina dhochtúir leighis i mBéal an Daingin agus ina Theachta Dála do Ghaillimh Thiar. D’athraigh muintir Tubridy soir ar an Órán Mór níos deireanaí agus ba ansin a rugadh a athair.

Bhí teach saoire ag a sheanathair, ar thaobh a mháthar, Todd Andrews i mBaile na hAbhann mar a dtagann gaolta leis go fóill.

Fág freagra ar 'Ryan Tubridy ag éirí as The Late Late Show '

  • Breathnóir1

    B´fhéidir go raibh gaol ag Ryan le Conamara ach ní dóigh liom gur chuala mé é ag labhairt Gaeilge riamh, seachas b´fhéidir an ´cúpla focal´. Nár bhreá an rud é dá gceapfaí duine le Gaeilge líofa don chúram?

  • jpmorley0@gmail.com

    Más maith is mithid.