Cúnamh ag teastáil go géar ó Roderic O’Gorman 

Agus Lá Fhéile Pádraig ag teannadh linn cad déarfadh na teifigh atá ag teacht chun na tíre seo faoi ‘Céad Míle Fáilte’ na hÉireann?

Cúnamh ag teastáil go géar ó Roderic O’Gorman 

D’fhógair an rialtas an tseachtain seo an clár oibre is cuimsithí riamh don Fhéile Pádraig, agus cuairteanna oifigiúla le tabhairt ag Airí Rialtais ar 44 tír ar fud an domhain, ón mBreatain go dtí an Bhrasaíl.

‘Deis ar leith’ is ea an Fhéile Pádraig an tír seo, ár mbuanna agus ár luachanna a chur chun cinn, agus aird an domhain dírithe go hiomlán ar an oileán beag s’againne. Cuirfear béim, de réir fhógra an rialtais, ar oiriúnacht na hÉireann mar áit chónaithe, áit turasóireachta, deis infheistíochta, cara trádála nó staidéir.

Ach dá gcuirfeá an cheist ar na teifigh atá ag teacht chun na tíre seo faoi láthair, an mbeadh siad ar aon fhocal faoi ‘Céad Míle Fáilte’ na hÉireann?

Ó rinne an Rúis ionsaí ar an Úcráin beagnach bliain ó shin, tá ceist na dteifeach i bhfad níos lárnaí i gcúrsaí polaitíochta ag baile. De réir na bhfigiúirí ag tús na bliana, cuireadh fáilte roimh os cionn 70,000 míle Úcránach ó thús an chogaidh, agus 50,000 míle acu siúd ag brath ar an Stát chun lóistín agus cúnamh eile a chur ar fáil. Anuas air sin, tá méadú suntasach tagtha ar líon an dteifeach a thagann chun na hÉireann ag lorg dídine faoin “chosaint idirnáisiúnta” (an gnáthchóras teifeach), thart ar 19,000 in 2022.

Tá an méadú seo tar éis brú ollmhór a chur ar an gcóras tithíochta, agus ar ranna eile Stáit, agus tá na himpleachtaí atá aige seo le feiceáil i ndíospóireachtaí polaitíochta laethúla.

Tá an t-ualach oibre is troime, is cosúil, ar ghualainn an Aire Lánpháirtíochta, Roderic O’Gorman, atá freagrach as an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais agus Óige chomh maith.

Tuairiscítear go bhfuil an Roinn Lánpháirtíochta buartha go mbeidh ganntanas tithíochta ann le teacht an tsamhraidh, ach a bhfillfidh go leor óstán, ina bhfuil na mílte teifeach ag fanacht faoi láthair, ar an earnáil turasóireachta, agus deirtear go bhfuil gnólachtaí áirithe ann atá i ndeireadh na feide leis na hagóidí frith-inimirceach atá ag bailiú nirt le cúpla mí anuas.

Fógraíodh anuraidh nach gcuirfear deireadh leis an soláthar díreach, an córas cónaithe atá in úsáid do theifigh faoi chosaint idirnáisiúnta le fada an lá, rud a bhí mar sprioc ag an gComhaontas Glas agus iad ag dul isteach sa gcomhrialtas.

Deimhníodh le déanaí go dtógfar tithíocht shealadach chun lóistín a sholáthar ach nach mbeidh sin réidh go dtí aimsir na Cásca. Ní hin an réiteach draíochta a theastaigh ón rialtas, is léir.

Ní hé sin amháin atá ag déanamh imní don Aire O’Gorman, áfach.

D’impigh sé ar a chomhghleacaithe rialtais aon áras nó lóistín oiriúnach lena ranna a aimsiú agus a chur ar fáil dá Roinn. Tuairiscíodh ag an deireadh seachtaine áfach nár tháinig freagra nó tairiscint ar bith ó aon Roinn rialtais go fóill. Pléadh an cheist seo ag cruinniú na bpáirtithe parlaiminte, agus tuigtear gur léiríodh frustrachas leis an Aire O’Gorman, agus comhghleacaithe comhrialtas den tuairim nach bhfuil ag éirí leis tabhairt faoin gceist seo go héifeachtach.

Go hoifigiúil, tá lántacaíocht ag an Aire O’Gorman, ach is fíor a rá go bhfuil deacrachtaí an chórais á bplé go macánta agus go poiblí ar bhealach nach ndearnadh go dtí seo.

Ceapadh an tAire Stáit Joe O’Brien, Teachta Dála eile de chuid an Chomhaontais Ghlais, le cúnamh a thabhairt don Roinn Lánpháirtíochta leis an gceist seo, ach an bhfuil an cás ó smacht cheana féin?

Deir na polaiteoirí nach le hÉirinn amháin a bhaineann an fhadhb seo. Go deimhin, ba léir ag cruinniú mullaigh speisialta a eagraíodh an tseachtain seo caite chun an scéal a phlé go bhfuil imní ar na tíortha Eorpacha ar fad mar gheall ar cheist na dteifeach.

Mhaígh an Taoiseach Leo Varadkar go gcuirfear fáilte roimh theifigh, ach go gcaithfear an córas a fheabhsú, an próiseas a bhrostú agus a chinntiú go gcuirfear daoine a thagann chun na tíre go fealltach ó dhoras. An gcabhraíonn a leithéid de ráiteas leis an Aire O’Gorman, nó an bhfuil dlisteanacht an chórais á ceistiú?

Tacaíonn pobal na hÉireann i gcoitinne le polasaí an rialtais i leith na dteifeach. Tuigeann na hÉireannaigh go rímhaith traidisiún na himirce, agus an bád bán tógtha go minic ag ár muintir san am a caitheadh.

Sin ceann de na cúiseanna go ndéanfar an Fhéile Pádraig a cheiliúradh ar fud na cruinne. Deimhnítear arís agus arís eile go gcuirfear gach cúnamh agus tacaíocht ar fáil do theifigh in am an ghátair, agus nach bhfágfaidh Éire éinne ar an trá fholamh.

Ach an ndéanfaidh an rialtas beart de réir briathair ag an mbaile agus an dtiocfaidh siad i gcabhair ar a gcomhghleacaí rialtais, nuair is léir go bhfuil cúnamh agus comhoibriú ag teastáil go géar uaidh?

Fág freagra ar 'Cúnamh ag teastáil go géar ó Roderic O’Gorman '