Scéal Thatcher agus an stailc ocrais a spreag bunú S4C le hinsint i scannán nua

Insítear i scannán nua scéal an fheachtais ar son na teilifíse Breatnaise, feachtas a bhí ina eiseamláir ag lucht an fheachtais ar son bhunú Theilifís na Gaeilge

Scéal Thatcher agus an stailc ocrais a spreag bunú S4C le hinsint i scannán nua

Tá scannán faoin bhfeachtas chun macasamhail TG4 a bhunú sa Bhreatain Bheag le taispeáint i bpictiúrlanna sa Bhreatain an mhí seo chugainn.

Y Sŵn, nó ‘An Torann’, bunaithe ar na hiarrachtaí a rinneadh sna 1970idí agus ag tús na 1980idí stáisiún teilifíse Breatnaise a bhunú.

Insítear sa scannán scéal na ndaoine a bhí lárnach sa bhfeachtas chun S4C a bhunú, an feisire parlaiminte agus ceannaire Plaid Cymru, Gwynfor Evans, ina measc.

I 1980, bhagair Evans go rachadh sé ar stailc ocrais tar éis do rialtas Margaret Thatcher gealltanas go mbunófaí stáisiún teilifíse Breatnaise a tharraingt siar. Agus é ina chogadh i dTuaisceart Éireann ag an am, bhí imní ann sa Bhreatain go mbeadh sé ina fhoréigean dá dtarlódh tada d’Evans agus ghéill Thatcher faoi dheireadh go mbunófaí an stáisiún. Thosaigh S4C ag craoladh i 1982.

Bhí an feachtas chun S4C a bhunú ina eiseamláir ag lucht an fheachtais ar son bhunú Theilifís na Gaeilge abhus. Chuaigh cúigear déag ar fad go príosún sa tír seo idir na blianta 1977 agus 1992 toisc gur dhiúltaigh siad ceadúnas teilifíse a cheannach mar agóid in aghaidh RTÉ nó ar son Teilifís na Gaeilge a bhunú.

Dúirt scríbhneoir agus léiritheoir Y Sŵn, Roger Williams, go raibh sé “ríthábhachtach” go n-inseofaí scéalta Breatnaise ar an scáileán mór agus go raibh súil aige do dtabharfadh an scannán tuiscint do dhaoine ar an obair a bhí i gceist le bunú S4C agus go spreagfadh sé caint i dtaobh thodhchaí na Breatnaise.

D’fhógair Netflix an tseachtain seo caite go raibh sraith i mBreatnais ceannaithe ag an tseirbhís sruthaithe den chéad uair. Beidh an tsraith scéinséara Dal y Mellt, a choimisiúnaigh S4C, le feiceáil ar Netflix mí Aibreáin.

Fág freagra ar 'Scéal Thatcher agus an stailc ocrais a spreag bunú S4C le hinsint i scannán nua'