Mura bhfuil Paschal Donohoe ciontach, is léir go bhfuil sé ciotach

Ní chothaíonn sé muinín an phobail nuair a bhíonn ar aire, agus Aire Airgeadais go deimhin, dul ar ais agus an dara ráiteas a thabhairt faoi scéal

Mura bhfuil Paschal Donohoe ciontach, is léir go bhfuil sé ciotach

Tá seanfhocal ann a deir gurb í an chosaint is fearr ná dul ar an ionsaí.

Chuimhnigh mé ar an seanfhocal sin agus mé ag éisteacht le hiriseoirí agus polaiteoirí ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir cás Paschal Donohoe agus an leasú a rinne sé ar a ráiteas faoi chostais i dtaobh olltoghchán 2016 agus cás Shinn Féin a rinne leasú bliain ó shin ar a ráiteas siúd maidir le 2020.

I gcás Donohoe níor luaigh sé obair a rinneadh ar a shon sa bhfeachtas.  Nuair a tháinig an t-eolas amach, mhaígh Donohoe nach raibh an luach a bhain leis an obair sách ard go gcuirfeadh an dearmad isteach ar na rialacha.

Ach nuair a labhair sé sa Dáil faoi, dhiúltaigh sé ceisteanna díreacha a fhreagairt, agus bhí an freasúra sásta nach raibh aon éiginnteacht ag baint lena leagan den scéal, go háirithe i dtaobh na sonraí.

Agus ansin bhí air dul ar ais sa Dáil agus ráiteas breise a dhéanamh le tuilleadh eolais a chur ar an taifead.

Bhí dhá shíntiús i gceist sa gcéad scéal: úsáid veain ar chostas €140 dar leis (a bhí faoin uasteorainn €200); agus obair na n-oibrithe i gcomhlacht Michael Stone ar luach dar leis de €927, níos lú ná an €1000 atá ceadaithe.

Dúirt sé nach raibh a fhios aige gur íocadh na daoine a chroch na póstaeir in airde, agus sin é an fáth nár luaigh sé an obair.

Ach, ar aon chuma, níl an freasúra sásta leis na figiúirí seo agus theastaigh uathu tuilleadh eolais a fháil faoi na sonraí – eolas nach bhfuarthas.

De réir na rialacha ní mór luach tráchtála a chur ar shíntiúis den chineál seo, agus tá an freasúra ag cur ceiste faoi sin.

Níor chabhraigh sé le Donohoe, ach an oiread, gur tugadh post ar bhord na Gníomhaireachta Forbartha Talún do Michael Stone, ábhar ceiste eile ag an bhfreasúra; nó gur tháinig sé chun solais gur thug Stone síntiúis eile do Fhine Gael roimhe: go deimhin go bhfuair comhlachtaí de chuid Michael Stone €8.7 milliún thar thréimhse bliana ó chonarthaí stáit.

Is cosúil freisin go raibh a fhios ag Donohoe in 2017 nach raibh an ráiteas costais cruinn, ach níor cheartaigh sé é go dtí gur fhoilsigh iriseoirí an scéal.

I gcás Shinn Féin, ní síntiús nó deontas don pháirtí a bhí i gceist ach an méid a chaith siad sa bhfeachtas toghcháin.  Tá uasfhigiúr i gceist leis sin freisin, ach fágadh as an tuairisc a thug Sinn Féin €7,000 a chaith siad le Survation ar phobalbhreith phríobháideach.

Is é Sinn Féin Féin a thug an scéal seo chun solais, agus dúirt siad gur fágadh é as an gcuntas toisc go raibh roinnt den fhoireann ag obair sa mbaile le linn na paindéime.

Nuair a bhí an fhoireann ar ais ag obair san oifig chuaigh siad tríd na cáipéisí agus tháinig siad ar an dearmad.  Is i mí Eanáir na bliana seo caite a leasaigh siad a ráiteas.  Ní dhearnadh aon argóint faoi ag an am, agus glacadh leis an míniú a thug an páirtí.

Is léir go bhfuil difear mór idir an dá scéal, ach a luaithe is a cuireadh Fine Gael faoi bhrú maidir le scéal Donohoe chuaigh siad ar an ionsaí ar Shinn Féin maidir leis an scéal eile.  Agus bhí iriseoirí ar na nuachtáin agus in RTÉ sásta ‘an líne’ sin a fhoilsiú.

Agus nuair nach ndeachaigh an iarracht sin sách fada, thiontaigh siad ar ais ar sheanscéal eile, ag iarraidh Jonathan Dowdall a lua i gcomhthéacs mhaoiniú Shinn Féin.

Ach ní cluiche é seo. Nó ní cóir gur chluiche é.  Tá na rialacha ann ar mhaithe le cumhacht an airgid mhóir a rianú i gcúrsaí toghcháin, agus ní ar mhaithe le pointí a scóráil idir na páirtithe. Agus nuair a dhéantar dearmaid, is cóir a bheith ionraic fúthu agus míniú iomlán a thabhairt ar an toirt.

Ní chothaíonn sé muinín an phobail nuair a bhíonn ar aire, agus Aire Airgeadais go deimhin, dul ar ais agus an dara ráiteas a thabhairt faoi scéal.

Mura bhfuil sé ciontach, is léir go bhfuil sé ciotach!

Is í an easpa trédhearcachta a chothaíonn amhras, agus go dtí seo ní léir trédhearcacht i dtaobh an scéil seo.

An féidir leis na meáin mhóra a bheith níos neamhchlaonta faoi eachtraí den chineál seo, agus an féidir leis na polaiteoirí labhairt go díreach leis an bpobal faoi aon tionchar a bhíonn ag comhlachtaí orthu agus faoi leas ar bith a fhaigheann comhlacht as páirt a ghlacadh i bhfeachtais toghcháin?

 

Fág freagra ar 'Mura bhfuil Paschal Donohoe ciontach, is léir go bhfuil sé ciotach'