Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
- Céard atá RnaG a dhéanamh le cúpla mí anuas?
- Cad a cheapann an t-údar de na cláir seo?
- Téigh ar shuíomh Raidió na Gaeltachta agus faigh amach cé hiad na ceantair a mbíonn na cláir atá luaite sa chéad alt ag freastal orthu.
- Cén fáth a luaitear carr?
- Cén fáth a luaitear Twitter?
- Cén bhaint atá ag Tigh Watty leis an scéal?
- Déan an abairt seo thíos a chur san ord ceart.
agus comórtais pheile?Nach Aifrinn mbíonn an Raidió phobail go minic – le linn féilte, amuigh i measc an fleadhanna,
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
- Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éist leis na habairtí arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist leis an dá abairt dheireanacha arís.
- Aimsigh sampla don tuiseal ginideach agus dhá ainmfhocal firinscneacha.
- An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 4 – Cuir in ord
- Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
- Ag obair le do pháirtí déanaigí iarracht é a chur in ord.
- Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin agaibh.
- Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
-
- ‘Níor facthas an Raidió mar ba mhaith linne é – agus bhí muid ag iarraidh an Raidió a thabhairt amach ag na daoine arís – é a thabhairt ar ais dóibh.’
- Gearóid Mac Donncha faoi na craoltaí seachtracha. Bhí mé ag iarraidh a fháil amach freisin ar chuidigh an
- Bíonn cinnte, agus is mór an fháilte a chuirtear roimh an Ródaí nuair a fheictear an leoraí mór sin
- agus mana RTÉ Raidió na Gaeltachta air ag teacht aníos an bóthar. Ach feictear dom féin go bhfuil rud éigin eile
- teicneolaíocht ar aon bhealach lena dtabhairt ar an saol. Tá baint ag cúrsaí teicneolaíochta leis, ceart go leor, mar a mhínigh sé dom,
- ar fad tarlaithe le tamall leis na ‘craoltaí seachtracha’ seo atá mar dhlúthchuid den sceideal ó tosaíodh ag
- ceiliúradh an Raidió agus é 50 bliain ar an bhfód. Labhair mé le Ceannaire an stáisiúin,
- ach ní shin é an scéal ar fad. ‘Bhí chuile dhuine againn faoi ghlas le dhá bhliain go leith,’ a dúirt sé liom.
Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
- Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
- Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard ina mbeirteanna.
Múinteoir
Déarfainn gur feiliúnaí ‘deachtú’ na ‘deachtóireacht’ (!) faoi Ghníomhaíocht 2.