Raidió na Gaeltachta agus tábhacht na gcraoltaí seachtracha 

Is mór idir clár a thagann amach as an stiúideo agus clár atá á chraoladh as caifé Gaeltachta nó teach ósta, nó fiú amháin as áit ‘amuigh faoin aer’

Raidió na Gaeltachta agus tábhacht na gcraoltaí seachtracha 

Le roinnt míonna anuas, tá RnaG ag craoladh cláracha beo as áiteacha éagsúla sa nGaeltacht. Cláracha iomlána iad seo, ar nós An Saol Ó Dheas, Barrscéalta, Iris Aniar agus a leithéidí.

Caithfidh mé a rá gur cláracha den scoth a bhíonn iontu agus d’éinne a bhíonn ag éisteacht go rialta, tugann siad an clár, na cainteoirí agus na ceoltóirí díreach chugat – isteach i do chistin, do charr nó pé ar bith áit a mbíonn tú ag éisteacht. Is mór idir clár a thagann amach as an stiúideo agus clár atá á chraoladh as caifé Gaeltachta nó teach ósta, nó fiú amháin as áit ‘amuigh faoin aer’.

Don té ar suim leis nó léi a fháil amach cé as a bhfuil an clár á chraoladh, bíonn neart pictiúr le feiceáil ar shuíomh Twitter an chláir nó ar aon cheann de na meáin shóisialta.

Feicfidh siad ansin cén chaoi a bhfuil na boird leagtha amach Tigh Watty, feicfidh siad na ceoltóirí amuigh faoin aer ar Barrscéalta nó feicfidh siad an bia agus na cupáin chaife a luaitear ar an chlár agus a thabharfar do na haíonna gan mhoill.

Agus cén fáth a mbeinn ag déanamh iontais de seo ar aon nós, a deir tú? Nach mbíonn an Raidió amuigh i measc an phobail go minic – le linn féilte, fleadhanna, Aifrinn agus comórtais pheile?

Bíonn cinnte, agus is mór an fháilte a chuirtear roimh an Ródaí nuair a fheictear an leoraí mór sin agus mana RTÉ Raidió na Gaeltachta air ag teacht aníos an bóthar. Ach feictear dom féin go bhfuil rud éigin eile ar fad tarlaithe le tamall leis na ‘craoltaí seachtracha’ seo atá mar dhlúthchuid den sceideal ó tosaíodh ag ceiliúradh an Raidió agus é 50 bliain ar an bhfód.

Labhair mé le Ceannaire an stáisiúin, Gearóid Mac Donncha faoi na craoltaí seachtracha. Bhí mé ag iarraidh a fháil amach freisin ar chuidigh an teicneolaíocht ar aon bhealach lena dtabhairt ar an saol.

Tá baint ag cúrsaí teicneolaíochta leis, ceart go leor, mar a mhínigh sé dom, ach ní shin é an scéal ar fad.

‘Bhí chuile dhuine againn faoi ghlas le dhá bhliain go leith,’ a dúirt sé liom. ‘Níor facthas an Raidió mar ba mhaith linne é – agus bhí muid ag iarraidh an Raidió a thabhairt amach ag na daoine arís – é a thabhairt ar ais dóibh.’

‘Bhí béim againn ar an rud neamhfhoirmeálta. Mar shampla, le Iris Aniar, shocraigh muid roinnt bricfeastaí,’ dúirt sé. Bhí de thoradh air sin, go rabhadar in ann slua i bhfad ní ba mhó a chur os comhair micreafóin.

‘Bhí braon tae acu, bhíodar in ann a gcuid scéalta a inseacht – thugamar ardán do dhaoine.’

Bhí gné eile ag baint leis seo – nó b’fhéidir gur chirte a rá go raibh gné nach raibh ag baint leis na craoltaí seo. 

‘Níl sé ag brath ar fhéile, ná léirsiú ná imeacht de shaghas ar bith. Bíonn béim againn ar na glórtha nua. Ar ndóigh táimid an-bhuíoch do na daoine ar fad a bhí againn le blianta ach chuir na léiritheoirí an-bhéim ar dhaoine agus glórtha nua a aimsiú,’ dúirt sé.

Agus tá mé cinnte nach bhfuil sé sin an-éasca. Bíonn gach léiritheoir agus láithreoir ag brath ar dhaoine áirithe ó am go chéile. D’admhaigh Gearóid go raibh sé ‘dúshlánach’ agus go raibh obair agus cartadh breise le déanamh chun teacht ar dhaoine nua agus ar scéalta nua. ‘Ach tugann criú an Raidió faoi le fonn.’

Bhíomar ag trácht ar an gclár Tús Áite a chuir Fachtna Ó Drisceoil i láthair beo as Inis Mór le gairid. Bhuaigh na hoileáin duais ar an gclár don áit is fearr in Éirinn le cuairt a thabhairt air agus bhí an clár ag teacht beo as Árainn leis an mbua a cheiliúradh. 

Bhí painéal cainteoirí – oileánaigh ar fad – ar an gclár agus tháinig ceist aníos faoi Shasana agus iad gar don deireadh. Labhair siad go bríomhar faoin ábhar. ‘Bhí Sasana go maith dúinne,’ a dúirt bean amháin. Dúirt sé gur ‘chuir Sasana airgead ina bpócaí nuair nach raibh tada anseo’. Labhair Micheál Ó Goill faoi na ceangailtí éagsúla – cuid acu ag dul siar sa stair – idir Árainn agus Sasana. Scéalta aige faoi oileánaigh agus lucht báid i Sasana a bheith ag scríobh ag a chéile agus scéal faoi chriú an bháid tarrthála agus a gcuairt ar Phálás Buckingham.

‘Sin léargas nach bhfaighinn ó phainéal i mBaile Átha Cliath,’ a dúirt Fachtna.

Mheas mé féin ag an am go raibh an craoladh seo difriúil toisc go raibh sé ag teacht beo as an áit ina raibh daoine ina gcónaí. Ní mar a chéile a labhraíonn daoine nuair a thugtar isteach chuig stiúideo iad, nó fiú nuair a bhíonn siad sa mbaile ach ag caint ar an bhfón.

‘Dream iad sin atá ina gcónaí cois cósta, tá siad ar an imeall,’ arsa Gearóid. ‘Ní mar a chéile an t-amharc a bheas acu agus a bheas ag daoine eile. Tá an lucht éisteachta ag fáil anailís ó dhaoine iomlán nua, beidh léamh eile ar an saol acu – deis foghlama í seo dúinne agus don éisteoir.’ 

Luaigh sé ansin an clár a tháinig as Ráth Chairn. ‘Bhí lead 12 bliain ag casadh ceoil ar an gclár sin agus bhí sé iontach amach is amach. Sin lead nach mbeadh cloiste againn murach an craoladh seachtrach.’

Luaigh sé an t-eagrán de An Saol Ó Dheas a tháinig as Oileán Chléire agus an fháilte a cuireadh rompu nuair a tháinig foireann an chláir ann. ‘Bhí Helen Ní Shé agus an fhoireann freisin sa Rinn agus dá gcloisfeá an chraic a bhí acu…’

Bhain mé féin an-taitneamh as Barrscéalta agus iadsan freisin imithe amach ón stiúideo chuig oileáin ar nós Árainn Mhór agus Toraigh.

Bhí mé fiosrach faoin gcostas – bhíodh sé le rá i gcónaí go raibh costas mór ag baint le craoladh seachtrach, idir chostais foirne agus chostais taistil. Agus anuas air sin, bhíodh híreáil satailíte i gceist chomh maith leis an ‘veain’ agus gach costas a bhain leis sin.

D’athraigh an t-idirlíon é sin ar fad. ‘Má bhíonn eireaball den leathanbhanda le fáil in aon áit, tiocfaidh muide chomh fada leis,’ a dúirt Gearóid. Bíonn costas fós ag baint leis – costas taistil den chuid is mó, ach tá méid an innealra laghdaithe go mór. Teastaíonn micreafóin, ar ndóigh, agus cáblaí agus ríomhairí glúine. Ach úsáideann siad an buiséad clár atá acu cheana féin – ní bhíonn aon chostais bhreise ag baint leis ná níor tugadh aon airgead breise dóibh lena chur i gcrích. ‘Bímid ag iarraidh a bheith chomh ciallmhar agus is féidir linn leis an airgead atá againn.’

Mar a bheifeá ag súil, faigheann siad aiseolas breá ó na pobail ar tugadh cuairt orthu. Bhí litir díreach faighte ag Gearóid ó Scoil Samhraidh Shligigh Theas, ag glacadh buíochais faoi gur chaith Neansaí ‘tamall inár measc’.

‘Bímid ag iarraidh a bheith feiceálach – an Treabhdóireacht, an Fhleadh, comórtais spóirt,’ a deir Gearóid. ‘Agus tá sé tábhachtach go bhfeicfeadh an ‘dream eile’- na Béarlóirí, chomh siúlach is atá muid.’

Agus ar fhaitíos go gceapfadh éinne go dtiocfaidh deireadh leis- deir sé gur ag cur leis na gréasáin a bheas siad amach anseo – ‘tá súil againn tógáil air seo.’

Fág freagra ar 'Raidió na Gaeltachta agus tábhacht na gcraoltaí seachtracha '