Raidió na Gaeltachta agus Tábhacht na gCraoltaí Seachtracha

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  1. Céard atá RnaG a dhéanamh le cúpla mí anuas?
  2. Cad a cheapann an t-údar de na cláir seo?
  3. Téigh ar shuíomh Raidió na Gaeltachta agus faigh amach cé hiad na ceantair a mbíonn na cláir atá luaite sa chéad alt ag freastal orthu.
  4. Cén fáth a luaitear carr?
  5. Cén fáth a luaitear Twitter?
  6. Cén bhaint atá ag Tigh Watty leis an scéal?
  7. Déan an abairt seo thíos a chur san ord ceart.
    agus comórtais pheile?Nach Aifrinn mbíonn an Raidió phobail go minic – le linn féilte, amuigh i measc an fleadhanna,

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an dá abairt dheireanacha arís.
  • Aimsigh sampla don tuiseal ginideach agus dhá ainmfhocal firinscneacha.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cuir in ord

  • Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déanaigí iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin agaibh.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
    1. ‘Níor facthas an Raidió mar ba mhaith linne é – agus bhí muid ag iarraidh an Raidió a thabhairt amach ag na daoine arís – é a thabhairt ar ais dóibh.’
    2. Gearóid Mac Donncha faoi na craoltaí seachtracha. Bhí mé ag iarraidh a fháil amach freisin ar chuidigh an
    3. Bíonn cinnte, agus is mór an fháilte a chuirtear roimh an Ródaí nuair a fheictear an leoraí mór sin
    4. agus mana RTÉ Raidió na Gaeltachta air ag teacht aníos an bóthar. Ach feictear dom féin go bhfuil rud éigin eile
    5. teicneolaíocht ar aon bhealach lena dtabhairt ar an saol. Tá baint ag cúrsaí teicneolaíochta leis, ceart go leor, mar a mhínigh sé dom,
    6. ar fad tarlaithe le tamall leis na ‘craoltaí seachtracha’ seo atá mar dhlúthchuid den sceideal ó tosaíodh ag
    7. ceiliúradh an Raidió agus é 50 bliain ar an bhfód. Labhair mé le Ceannaire an stáisiúin,
    8. ach ní shin é an scéal ar fad. ‘Bhí chuile dhuine againn faoi ghlas le dhá bhliain go leith,’ a dúirt sé liom.

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard ina mbeirteanna.

Fág freagra ar 'Raidió na Gaeltachta agus Tábhacht na gCraoltaí Seachtracha'

  • Múinteoir

    Déarfainn gur feiliúnaí ‘deachtú’ na ‘deachtóireacht’ (!) faoi Ghníomhaíocht 2.