‘Más gá scoil Bhéarla a dhúnadh chun scoil lán-Ghaeilge a oscailt, déan sin’

Tá sé curtha i leith na Roinne Oideachais ag an iar-aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, go bhfuil galar na hintinne bige orthu fad is a bhaineann sé le bunú scoileanna lán-Ghaeilge

‘Más gá scoil Bhéarla a dhúnadh chun scoil lán-Ghaeilge a oscailt, déan sin’

Deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur chóir Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a thógáil i gceantair ina bhfuil éileamh ar a leithéid, is cuma má tá roinnt scoileanna lán-Bhéarla sa cheantar cheana féin

Tá ráite ag iarAire Gaeltachta gur chóir scoileanna lán-Bhéarla a dhúnadh agus a chónascadh más gá sin a dhéanamh chun scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú.

Deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur chóir Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a thógáil i gceantair ina bhfuil éileamh ar a leithéid, is cuma má tá roinnt scoileanna lán-Bhéarla sa cheantar cheana féin.

Tá Gaelscoileanna i gceantair i ndeisceart Bhaile Átha Cliath i mbun feachtais i láthair na huaire agus iad ag iarraidh ar an Aire Oideachais Norma Foley cead a thabhairt chun Gaelcholáiste nua a thógáil chun freastal ar an éileamh atá ann.

Níl iarbhunscoil lán-Ghaeilge ar bith ann i gceantair Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 ach tá breis agus dhá scór iarbhunscoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla sna ceantair chéanna.

Tá Ó Cuív ag tacú leis an bhfeachtas agus é ráite ag an Teachta de chuid Fhianna Fáil go bhfuil sé soiléir go dteastaíonn Gaelcholáiste nua a thógáil i ndeisceart na príomhchathrach.

“Tá an t-éileamh ann sa chuid sin de Bhaile Átha Cliath. Ní féidir le Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin freastal ar dheisceart chathair Bhaile Átha Cliath [uile],” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.

“Teastaíonn scoil ansin. Má theastaíonn uathu scoil Bhéarla a dhúnadh agus í a chónascadh le scoil eile, tá sé sin togha liomsa.”

Dúradh i dtuarascáil de chuid na Roinne Oideachais le gairid nach mbeidh ach “deiseanna teoranta” ann scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú sna blianta amach romhainn.

Cé go n-aithnítear sa tuarascáil na bearnaí móra sa soláthar lasmuigh den Ghaeltacht, deirtear gur ar éigean go mbeidh mórán Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí nua á mbunú sna blianta amach romhainn mar go dtiocfaidh laghdú ar bhunú scoileanna go ginearálta mar gheall ar athruithe déimeagrafacha.

Chuir Ó Cuív “galar an tiny mind” i leith oifigeach na Roinne Oideachais agus dúirt sé nár cheart go mbeadh aon bhaint ag an gcinneadh scoil lán-Ghaeilge a bhunú le líon na scoileanna Béarla atá sa cheantar cheana féin. Thagair sé freisin don Ráiteas i Leith na Gaeilge a rinne an Rialtas in 2006 a dúirt go gcuirfí “oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é.”

“An rud atá ann ná an bhfuil dóthain scoileanna lán-Ghaeilge ann?” a dúirt Ó Cuív. “Níl aon bhaint aige le cé mhéad scoileanna Béarla atá ann. Má tá an iomarca acusan ann, sin scéal eile.

“Ach má tá éileamh ar scoil Ghaeilge agus mura bhfuil na scoileanna Gaeilge atá ann in ann freastal ar an éileamh sin, nó mura bhfuil siad i ngiorracht réasúnta do líon mór gasúr, ba cheart ceann nua a thógáil. Mar a dúirt mé, má dhéanann tú sin trí cheann de na scoileanna Béarla a dhúnadh, bíodh sin.”

Bhailigh cúpla céad dalta, múinteoir agus tuismitheoir ón chúig Ghaelscoil atá i gceantair Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 – Scoil Mológa, Gaelscoil Lios na nÓg, Scoil Bhríde, Bunscoil Synge agus Gaelscoil Eoin – os comhair Theach Laighean an tseachtain seo caite chun a n-éileamh do Ghaelcholáiste nua a chur in iúl don Aire Oideachais.

Dúirt Cormac Chambers, príomhoide Ghaelscoil Lios na nÓg, go raibh na cúig Ghaelscoil ag cur oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do bhreis is 1,000 dalta ach nach bhféadfaí rogha a thabhairt dóibh leanúint ar aghaidh leis an ngaeloideachas toisc nach raibh áit i ngaelcholáiste ann dóibh.

Léirigh anailís Tuairisc anuraidh gur ar éigean go bhfuil aon ardú tagtha ar chéatadán na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas.

Fág freagra ar '‘Más gá scoil Bhéarla a dhúnadh chun scoil lán-Ghaeilge a oscailt, déan sin’'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Smaoineamh é seo a gcuirfeadh fústar ar na ‘Sir Humphries’ sa Roinn Oideachais. Ach an é ‘galar na hintinne bige’ atá ar ceannairí na Roinne nó ‘galar an choilíneachais’?