Ní ceadmhach do Rialtas na hAlban reifreann neamhspleáchais a reáchtáil gan cead Westminster

Dúirt Céad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon, gur léiriú ar an ngá a bhí le neamhspleáchas é cinneadh na cúirte uachtaraí go mbeadh reifreann faoi neamhspleáchas in aghaidh an dlí

Ní ceadmhach do Rialtas na hAlban reifreann neamhspleáchais a reáchtáil gan cead Westminster

Ní ceadmhach do Rialtas na hAlban reifreann neamhspleáchais a reáchtáil gan cead an Rialtais in Westminster, a deir Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe.

Dúirt Céad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon, gur léiriú ar an ngá a bhí le neamhspleáchas é cinneadh na cúirte go mbeadh reifreann faoi neamhspleáchas in aghaidh an dlí.

Tá Sturgeon ag iarraidh go mbeadh reifreann ann ar an 19 Deireadh Fómhair an bhliain seo chugainn.

Dhiúltaigh Rialtas na Breataine go dtí seo cead a thabhairt an reifreann a chur ar siúl.

Dúirt Uachtarán na Cúirte Uachtaraí, Robert Reed, nach raibh an chumhacht ag Parlaimint na hAlban reachtaíocht a dhéanamh faoi ghnéithe den bhunreacht a bhain leis an aontas idir Sasana agus Albain.

Dhiúltaigh sé don argóint go bhféadfadh Albain cinneadh a dhéanamh faoi reifreann mar gheall ar an gceart féinchinntiúcháin atá sa dlí idirnáisiúnta.

Dhiúltaigh an Chúirt chomh maith d’áiteamh Rialtas na hAlban nach mbeadh aon tionchar ag an reifreann ar an aontas féin mar nach raibh i gceist ach tuairim daoine a fháil faoi neamhspleáchas.

Fiú dá vótálfaí ar son neamhspleáchais, a mhaígh Rialtas na hAlban, níorbh ionann é sin agus deireadh a chur leis an aontas nó le Parlaimint na Ríochta Aontaithe.

Dúirt Lord Reed áfach go mbeadh “impleachtaí tábhachtacha polaitiúla” ag an reifreann don aontas agus don pharlaimint.

Dúirt Céad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon go raibh “díomá” uirthi faoi bhreith na cúirte cé gur ghlac sí leis.

Faoi na breithiúna a bhíonn sé brí a bhaint as an dlí ach ní hiad a dhéanann an dlí, arsa Sturgeon.

“Dlí ar bith nach gceadaíonn d’Albain a shocrú cad ba mhaith linn féin amach anseo gan cead a fháil ó Westminster, is dlí é sin a léiríonn gur miotas atá sa chomhpháirtíocht dheonach agus dlí é ar cás maith é don Indy.”

Fág freagra ar 'Ní ceadmhach do Rialtas na hAlban reifreann neamhspleáchais a reáchtáil gan cead Westminster'

  • Séamus Ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Nicola Sturgeon
    ” —- miotas atá sa chomhpháirtíocht dheonach agus dlí é ar cás maith é don Indy. ”

    Níor thug Deachtóireacht nó Impire ar bith ar fud an Domhain le cuimhne na ndaoine cé acu
    An Bhreatain, An Fhrainc, Na Stáit Aontaithe , an Ghearmáin cead a gcinn do na daoine bochta a d’imir siad cos ar bholg orthu gan Reabhlóid a bheith ann.

    I gcás na hAlbain chaithfidís — Féachtas Poblachtach Soisialach — a chur ar siúil i gcoinne Chórais Caipitiligh a bhfuil an cuma ar an scéal go bhfuil siad sáite ann anois i ndiaidh na céadta bliain de slad, ár agus cur i gcéill ag Ríthe agus Banríon Sasanacha/Albanacha.

    Is mise le dóchas
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    An Ghaeltacht/Jailteacht
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

    Focal Scoir :—

    ( Gabh mo leithscéal as an Clampar, mar tá mé ag obair ó mo chillín
    ar láthair thógála ‘Bloc E ‘agus braon den ‘Asbestos’ agus deanach timpeall orm i gcónaí )

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************