TUAIRIM TUAIRISC: Lá stairiúil sonais don Ghaeilge in Westminster

Chuir an Dream Dearg feachtas fada lán fuinnimh agus samhlaíochta isteach agus tá toradh a saothair agus údar ceiliúrtha anois acu

TUAIRIM TUAIRISC: Lá stairiúil sonais don Ghaeilge in Westminster

Rómhinic a bhíonn ‘Lá stairiúil don Ghaeilge’ ag barr phreasráiteas an ghníomhaí teanga nó mar cheannteideal ar alt an iriseora.

Ba cheart dúinn a bheith níos cúramaí mar is minic nach mbíonn an ‘Lá stairiúil don teanga’ chomh stairiúil is a shíleamar, nó má bhíonn ní sa tslí a shíleamar é.

Oireann sé mar chur síos sa chás seo, áfach.

Lá stairiúil don Ghaeilge a bhí ann in Westminster an tseachtain sei, áit ar ritheadh an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) a thabharfaidh stádas oifigiúil don teanga den chéad uair sa Tuaisceart.

In ainneoin an tsuaitheadh polaitíochta, mionbhuiséad an apacailipsis agus an teacht agus imeacht gan stad ag uimhir 10, d’éirigh leo am a fháil i bparlaimint na Breataine Dé Céadaoin le reachtaíocht teanga a rith a chuirfidh go mór le stádas na teanga sa Tuaisceart.

Níl le déanamh anois ach séala an Rí Séarlas a fháil agus beidh an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) achtaithe.

Mura mbeadh ann ach an méid sin is lá stairiúil a bheadh ann. Lá stairiúil lán d’íoróin na staire.

Is ait an mac an saol.

Ní bille gan locht atá ann agus is mór idir é agus an t-acht neamhspleách don Ghaeilge amháin a bhí á éileamh ag lucht feachtais.

Na laigí a bhí ar an reachtaíocht teanga nuair a foilsíodh í tá siad ann go fóill. D’fhéadfadh sé tarlú i gcónaí go mbeadh veto de facto ag an DUP roimh fheidhmiú achta agus is cosúil nach mbeidh dóthain neamhspleáchais ag Oifig an Choimisinéara Teanga. 

Níor cheart dearmad a dhéanamh ach oiread ar an gcúis gur in Westminster Shasana a tugadh an reachtaíocht isteach. Theip ar lucht Stormont an beart a dhéanamh mar gheall ar chlaonadh páirtí amháin in aghaidh na Gaeilge, lucht a labhartha agus a gcearta.

Rinne seisear feisirí parlaiminte an DUP iarracht amháin eile an reachtaíocht a shuncáil in Westminster ach níor tugadh aon aird orthu, léiriú ar dhul i léig a stádais thall.

Is bocht an teist é ar an gcóras abhus ach ar cheann de na rudaí is tábhachtaí sa bhille nua tá go dtugtar cumhacht do Státrúnaí Thuaisceart Éireann gníomhú lena chinntiú go gcuirfidh an Feidhmeannas in Stormont na gealltanais sa reachtaíocht teanga i gcrích.

Idir an dá linn, cá bhfios ach go spreagfar an DUP le filleadh ar an bhfeidhmeannas nuair a fheicfidh siad an Rí Séarlas III agus a lámh á cur aige le bille a thabharfaidh cosaint do chearta lucht labhartha na Gaeilge.

Idir bille teanga a mbeidh séala Rí Shasana leis agus an t-ardú 16% ar líon na ndaoine a dúirt sa daonáireamh deireanach go bhfuil an teanga acu, b’fhéidir go bhfuil sé in am ag an DUP athbhreithniú a dhéanamh ar a straitéis i leith na Gaeilge.

Dúirt Steve Baker, aire stáit in Oifig Thuaisceart Éireann, gur “lá sonais” a bhí ann Dé Céadaoin don dream a bhíonn ag saothrú ar son na Gaeilge.

Ach mar is léir d’aon duine ó dheas ar mór acu cearta teanga, tá obair mhór le déanamh i gcónaí lena chinntiú go gcuirfear an reachtaíocht nua i bhfeidhm agus go láidreofar amach anseo í.

Tuigeann an grúpa is mó a throid ar son na reachtaíochta nua, an Dream Dearg, an méid sin.

Ach sin scéal do lá éigin eile.

Chuir siad feachtas fada lán fuinnimh agus samhlaíochta isteach agus tá toradh a saothair agus údar ceiliúrtha anois acu.

Lá sonais, agus lá stairiúil, leis.

Fág freagra ar 'TUAIRIM TUAIRISC: Lá stairiúil sonais don Ghaeilge in Westminster'

  • Paul Laughlin

    Tá ardmholadh tuillte ag an Dream Dearg as a bhfuil déanta acu.

  • Séamus Mac G

    Maith iad an Dream Dearg: tá difríocht mhór déanta ag a bhfeachtas, an fuinneamh atá acu, an tsiombail dhearg le feiceáil i ngach cearn, agus anois dul chun cinn ó na polaiteoirí dá bharr. Éacht nach beag.

  • Roibeárd Liam Mac Cathmhaoil

    Lá stairiúil gan dabht. Dá fhada an oíche tagann an lá agus tá fáinne geal an lae os ár gcomhair amach anois.