TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: 200 bliain den neamhspleáchas á gceiliúradh inniu agus toghchán ar na bacáin

Beidh an gabhar á róstadh sa Bhrasaíl inniu. Ní hiad na heachtraí a tharla 200 bliain ó shin a bheidh á bplé cois fulachta áfach ach an toghchán uachtaránachta atá ar na bacáin

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: 200 bliain den neamhspleáchas á gceiliúradh inniu agus toghchán ar na bacáin

Independência ou Morte le Pedro Américo

Dhá chéad bliain cothrom an lae inniu, d’fhógair an Bhrasaíl a neamhspleáchas ón bPortaingéil.

I dtíortha eile, b’fhéidir, bheadh bús ag baint lena leithéid d’ócáid; seans, fiú amháin, go gcaithfí an bhliain iomlán i mbun comórtha agus cuimhneacháin. Ach go dtí seo, níor chuala mé oiread agus tagairt amháin don lá stairiúil seo ó mo chairde agus lucht aitheantais sa Bhrasaíl.

Cinnte, beidh comóradh oifigiúil ar siúl inniu. Beidh paráid i ngach uile chathair agus beidh searmanas san ardchathair Brasília a bheidh eagraithe timpeall ar chroí chéad Impire na Brasaíle, Dom Pedro I, a tugadh chun na Brasaíle ón bPortaingéil i mbuidéal lán formaildéid ar iarratas ó uachtarán na Brasaíle, Jair Bolsonaro.

Is ea, tá sé seo ar fad á léamh i gceart agat: croí impire, formaildéad, An Phortaingéil.

Ní hionann agus i gcuid mhór tíortha eile i Meiriceá Theas, ní raibh réabhlóid mhór ag baint le neamhspleáchas na Brasaíle. Bhí roinnt scliúchais ann, cinnte – ach ag deireadh an lae ní raibh ann ach gur fhógair mac rí na Portaingéile ag an am, Dom Pedro I, neamhspleáchas óna athair, Dom João VI: d’fhan teaghlach ríoga na mBragança i gcumhacht.

D’fhan cuid mhór rudaí mar a bhí. Lean an sclábhaíocht ar aghaidh go dtí an bhliain 1888, mar shampla (ba í an Bhrasaíl an tír dheireanach ar domhan a chuir deireadh léi) agus níor tháinig deireadh le réimeas na mBragança go dtí an bhliain dár gcionn, 1889, nuair a fógraíodh poblacht.

Fiú ina dhiaidh sin, d’fhan go leor rudaí mar a bhí. Ríocht, impireacht, poblacht, deachtóireacht, daonlathas nua-aimseartha: i gcónaí ba iad na feirmeoirí móra a rinne agus a dhéanann a gcuid airgid ar chána siúcra, ar phónairí caife, ar mhairteoil agus ar phónairí soighe a bhí i gceannas ar an tír i ndáiríre, fiú le linn na tréimhse eisceachtúla sin idir 2002 agus 2016 nuair a bhí an sóisialach Lula agus a chomharba Dilma Rousseff ina n-uachtaráin ar an tír.

Is deacair scríobh faoin 200 bliain de neamhspleáchas atá á gcomóradh inniu gan tagairt a dhéanamh don toghchán uachtaránachta a bheidh ar siúl i gceann cúpla seachtain, ar an 2 Deireadh Fómhair.

Agus an t-uachtarán reatha Jair Bolsonaro ag iarraidh teacht i dtír, is cosúil, ar pé cumha a bheadh ar uasaicme na tíre i ndiaidh ré na hImpireachta, ní ag iarraidh na feirmeoirí móra agus lucht an airgid a chur ó dhoras atá a phríomhchéile comhraic, Lula, ach oiread. Go deimhin léiríonn rogha iarrthóra Lula don leasuachtaránacht – iar-ghobharnóir stát São Paulo, Geraldo Alckmin, a shamhlaítear leis an lár polaitiúil agus a bhfuil tacaíocht láidir aige i measc an lucht gnó – nach aon réabhlóid ollmhór atá á beartú aige.

‘Íosfaidh muintir na Brasaíle trí bhéile sa lá arís – beidh churrasco (fulacht) acu arís agus pinga (deochín) leis’ an mana atá ag Lula, atá go láidir chun cinn ar Bolsonaro sna pobalbhreitheanna.

Is iomaí beárbaiciú a lasfar sa Bhrasaíl inniu, óir is lá saoire náisiúnta atá i Lá an Neamhspleáchais gan dabht, ach is dóichí ná a mhalairt gur toghchán na bliana seo, seachas eachtraí a tharla 200 bliain ó shin, a bheidh á phlé cois fulachta.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: 200 bliain den neamhspleáchas á gceiliúradh inniu agus toghchán ar na bacáin'