Miotas agus míthuiscint faoin Úcráin a thagann ó léamh lochtach

Míthuiscint é a rá go raibh scoilt shimplí idir daoine a bhí ‘ar son na Rúise’ agus daoine a bhí ‘ar son an Iarthair’ san Úcráin roimh 2014

Miotas agus míthuiscint faoin Úcráin a thagann ó léamh lochtach

Nuair a thosaigh cogadh na hÚcráine ní raibh mórán saineolais ag iriseoirí na Gaeilge ná iriseoirí an iarthair i gcoitinne faoi chúrsaí na tíre sin. D’fhág sin folús inar neadaigh míthuiscintí, miotais agus i gcásanna áirithe mífhaisnéis faoi chúrsaí na hÚcráine iad fhéin in intinn an phobail.

Sníonn cúpla ceann de na miotais le chéile chun scéal a théann rud beag mar seo a chumadh:  bhí pobal na hÚcráine scoilte nach mór leath agus leath idir daoine a bhí ‘ar son na Rúise’ agus daoine a bhí ‘ar son an iarthair’ roimh 2014, díbríodh uachtarán pro-Rúiseach na tíre Viktor Yanukovich i coup d’état sa bhliain sin, agus níl aon mhíniú sásúil ar cad a tharla do na vótóirí ‘pro-Rúiseacha’ ar fad sna blianta ina diaidh sin. 

D’fhág na tuiscintí, nó na míthuiscintí, seo go raibh an oiread ionadh beagnach ar a lán daoine san iarthar is a bhí ar Putin féin gur sheas muintir na hÚcráine an fód chomh láidir sin i gcoinne an ionraidh agus nár thit an rialtas i gCív laistigh de chúpla lá de thús an ionradh.

Ghlacfadh sé cúpla alt na gnéithe éagsúla den mhiotas thuasluaite a bhriseadh síos agus anailís a dhéanamh orthu. Mar sin tosaímis inniu leis an míthuiscint go raibh scoilt shimplí idir daoine a bhí ‘ar son na Rúise’ agus daoine a bhí ‘ar son an Iarthair’ san Úcráin roimh 2014.

Tagann an mhíthuiscint sin ón léamh lochtach a dhéantar ar thoghcháin uachtaránachta agus parlaiminte na hÚcráine in 2010. Bhuaigh an t-uachtarán ‘pro-Rúiseach’ Victor Yanukovih le 49% den vóta i gcoinne 45% dá chéile comhraic Yulia Tymoshenko a bhí ‘ar son an iarthair’.    

An chéad rud gur chóir a rá faoin toradh toghcháin seo ná gurbh é sin toradh an dara babhta den toghchán. Níorbh é Victor Yanukovick an chéad rogha ag 49% de na vótóirí. Fuair sé 36% sa chéad bhabhta. Ní bhaineann sin ó dhlisteanacht a bhua – níl ann ach go raibh speictream tuairimí ag na vótóirí seachas iad a bheith deighilte go simplí idir dhá champa.

Nuair a chuirim na focail ‘pro-Rúiseach’ idir lúibíní agus mé ag tagairt do Victor Yanukovkich agus dá pháirtí, Páirtí na Réigiún, ní hionann sin is a rá go bhfuilim ag tabhairt le fios nach bhfuil bunús ar bith leo, ach díreach go gceileann siad an oiread is a léiríonn siad. Is fíor go raibh claonadh níos mó i dtreo na Rúise ag Yanukovich ná mar a bhí ag Tymoshenko, ach bhí Yankovich fhéin i bhfabhar comhaontú caidrimh leis an Aontas Eorpach sna blianta sin mar a bhí formhór an phobail agus formhór mór feisirí na parlaiminte, na teachtaí ó pháirtithe ‘pro-Rúiseach’ san áireamh.

Vótáil 315 feisire as 349 feisire ar son an chomhaontaithe leis an Aontas Eorpach mí Feabhra 2013. Conas mar sin a d’fhéadfadh páirtithe ‘pro-Rúiseacha’ vótáil ar son comhaontú caidrimh leis an Aontas Eorpach? Is léir nach raibh rudaí chomh simplí san Úcráin sna blianta sin is a thugann tráchtairí áirithe le fios.

In ainneoin na tacaíochta don chomhaontú caidrimh leis an Aontas Eorpach, léirigh suirbhé a rinne Institiúid Idirnáisiúnta Socheolaíochta Chív in 2013 go raibh dearcadh dearfach i leith na Rúise ag os cionn 80% de mhuintir na hÚcráine.

Cinnte bhí mionlach a bhí naimhdeach don Rúis agus báúil leis an Aontas Eorpach agus vice versa, ach bhí dream mór den phobal áit éigin i lár baill.

Mar a léirigh mé i m’alt deireanach ar Tuairisc, in ainneoin go raibh tromlach san oirthear i gcoinne ballraíochta i NATO agus san Aontas Eorpach bhí tromlach mór freisin i gcoinne fórsaí na Rúise a bheith ag teacht isteach sa tír, i gcoinne na críochdheighilte agus i gcoinne deireadh a chur le neamhspleáchas na hÚcráine.   

De réir mar a tháinig an dáta a bhí socraithe do shíniú an chomhaontais leis an Aontas Eorpach níos gaire mhéadaigh an brú a bhí á chur ag Putin ar Yanukovych gan dul ar aghaidh leis agus comhaontú a dhéanamh leis an Rúis ina áit. Bhí idir mhealladh agus bhagairt sa bhrú sin.  Chuir an Rúis tús le cogadh trádála leis an Úcráin agus gealladh iasacht $15 billiún don tír.

I mí na Samhna 2013, seachtain roimh an dáta a raibh an comhaontú leis an Aontas Eorpach le síniú ag cruinniú mullaigh i Vilnius rinne Yanukovych u-chasadh.  Thaistil sé go dtí an cruinniú mullaigh ach dhiúltaigh sé an comhaontú a shíniú.  

Ba é an u-chasadh seo an spreagadh do na léirsithe ar shráideanna Chív a chuir tús leis na léirsithe a dtugtar na Léirsithe Euromaidan nó Réabhlóid na Dínite orthu san Úcráin ach go dtugann bolscairí na Rúise agus roinnt daoine san iarthar coup d’état orthu. Ach sin scéal eile d’alt eile.

An pointe is tábhachtaí faoin gcuid seo den scéal ná seo: ní raibh leath de mhuintir na hÚcráine naimhdeach don ‘iarthar’ ná don ‘Aontas Eorpach’ roimh eachtraí 2014 san Úcráin agus ní raibh scoilt shimplí sa tír idir daoine a bhí ‘ar son an iarthair’ agus daoine a bhí ‘ar son na Rúise’. Is sna blianta a lean sin a tharla na heachtraí a chuir níos mó brú ar dhaoine campa amháin nó campa eile a roghnú.   

Fág freagra ar 'Miotas agus míthuiscint faoin Úcráin a thagann ó léamh lochtach'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Alt an spéisiúil.

  • Pól Mac an Eallaigh

    Lá Breithe Sona do Dhónall Mac Billings i bPríosún Phort Laoise 30/06/2022. An Príosúnach Poblachtach is sine ag aois 72 bliain sa ‘SaorStáit’ ag troid go fóill ar son ceannasaíochta na tíre seo a bheith i lámha Éireannacha mar áta ar siúl san Úcráin dá gceannasaíócht féin.

    Le dea-guíonna ó Phoblachtaigh i gcéin agus i gcóngar
    An Phoblacht Nua Abú

  • Máire Ní Shúilleabháin

    Lá Breithe Sona do Dhónall Mac Billings i bPríosún Phort Laoise 30/06/2022. An Príosúnach Poblachtach is sine ag aois 72 bliain sa ‘SaorStáit’ ag troid go fóill ar son ceannasaíochta na tíre seo a bheith i lámha Éireannacha mar áta ar siúl san Úcráin dá gceannasaíócht féin.

    Le dea-guíonna ó Phoblachtaigh i gcéin agus i gcóngar
    An Phoblacht Nua Abú

  • Eoin Ó Murchú

    Nó miotas an speisiuil?

  • Lillis Ó Laoire

    Roimh an chogadh, bhí formhór an phobail ar son na hÚcráine, níos mó acu ag iarraidh a bheith saor ó thionchar direach na Rúise agus mionlach eile a bhí go láidir ar son an tseancheangail sin a choinneáil agus a láidriú dá m’bhféidir é. Ach leis an chogadh seo, tá cibé dea-thoil a bhí ann i leith na Rúise cealaithe go hiomlán.

  • Eoin Ó Riain

    Gura maith agat a Fhachtna. Tá sé deachair an fhirinne ghlan a fháil nuair atá cogadh ar siúil agus cabhraíon d’alt-sa cumas dom rudaí a fheiceáil níos soiléire.
    Deirtear go bhfuil rudaí ag tarliúnt sa Rúis fhéin – ag léiriú míshástachta an gnáth duine le cúrsaí ach nach bhfuil á thuairisciú nó nac féidir a thuairiscú. Ba mhaith liom níos mó ón Rúis a cloisteáil – Fíor-nuacht!
    Ag an am céanna táim cinnte nach aingil iad na saighdiúirí Úcránacha ar fad cé gur ceart agus cóir a gcás.
    Agus na daoine a deireann gur chóir don Ucráin ghéileadh? Nach ionann san is a rá go bhfuil an ceart ag an lámh láidir impiriúlaíoch?

  • Séamus Ó Súileabháin

    An Úcráin abú !!!

    Tugaigí (NATO agus An t-Aontas Eorpach) tuilleadh airm nua-teachneolaíochta dóibh agus cuirfidh na hÚcráinigh an ruaig ar na Rúisigh ina áit a bheith ag dul ar aghaidh leis an cur i gcéill agus beidh geimhreadh maith ag Tír Zelensky. !!!

    Beidh lá breithe Dhónaill Mhic Bhillingsar an 30/06/2022. Shroich sé an aois mar an Phoblachtach is sine i bpríosún Phort Laoise . An gcreidfeá é ag aois 72 bliain agus ag dúíl cúpla bliain eile ‘faoi ghlas ag Gallaibh’ ( go mo leith scéal, ba chóra domh a rá ‘faoi ghlas ag lucht an tSaorStáit’. Seo 100 bliain in ndiaidh an Chonraidh agus na Sé Chontae ina chíorthuathail go fóil beag eile.
    An Phoblacht Nua Abú