‘Méadú mór buan ag teastáil ar mhaoiniú Chlár na Leabhar Gaeilge’ –

Léiríonn figiúirí a fuarthas mar fhreagra ar cheist Dála gur tháinig laghdú 40% ar an maoiniú a thugtar d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge

‘Méadú mór buan ag teastáil ar mhaoiniú Chlár na Leabhar Gaeilge’ –

Tá ráite ag Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta go bhfuil “méadú mór buan” ag teastáil ar an infheistíocht a dhéantar i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge. 

Léiríonn figiúirí a fuair an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, gur tháinig laghdú 40% ar an maoiniú a tugadh don fhoilsitheoireacht Gaeilge idir 2008-2016 agus nár tháinig aon mhéadú ar an maoiniú ó shin.

2008 €1,820,000
2009 €1,588,563
2010 €1,499,917
2011 €1,323,883
2012 €1,259,142
2013 €1,170,996
2014 €1,117,395
2015 €1,105,380
2016 €1,061,165
2017 €1,061,165
2018 €1,061,165
2019 €1,061,165
2020 €1,061,165
2021 €1,061,165
2022 €1,061,165*

“Tá infheistíocht mhéadaithe ag teastáil ar Chlár na Leabhar Gaeilge atá fós i bhfad níos lú ná mar a bhí sé in 2008,” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc. “

Deir Ó Cuív go dteastódh “ar a laghad €2.5 milliún sa mbliain” as seo amach le go mbeadh an deontas ag ardú de réir an bhoilscithe.

Bhí plé faoi Chlár na Leabhar Gaeilge ar siúl i dTeach Laighean le déanaí ag cruinnithe de chuid Chomhchoiste na Gaeilge.

Ag cruinniú amháin de chuid an Choiste, dúirt stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht, Deirdre Ní Thuathail, nach raibh aon “bláthú” i ndán d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge ceal maoinithe.

D’impigh sí ar an gComhchoiste moladh a dhéanamh go dtabharfaí ar ais maoiniú Chlár na Leabhar Gaeilge go dtí an leibhéal a bhí ann in 2008, ar a laghad, ag rá go raibh an baol ann go mbeadh ar fhoilsitheoirí Gaeilge dúnadh mura dtarlódh sé seo.

€1.82 milliún an maoiniú a cuireadh ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge in 2008 agus tá laghdú mór tagtha air ó shin. In 2022, €1.061 milliún an maoiniú a thug Roinn na Gaeltachta do Chlár na Leabhar Gaeilge. 

I mbliana, chuir an Roinn maoiniú breise aon uaire €300,000 ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge, maoiniú atá le dáileadh ar Scéim na bhFoilsitheoirí agus Scéim na Meantóirí. 

Deir an Roinn go dtugann an t-allúntas breise seo maoiniú an Chláir ar ais go dtí thart ar an leibhéal ag a raibh sé in 2011.

Chuir Eamon Ó Cuív fáilte roimh an maoiniú breise aon uaire ach dúirt sé “méadú mór buan” atá ag teastáil ó Chlár na Leabhar Gaeilge. 

Aistríodh feidhmeanna Bhord na Leabhar Gaeilge chuig Foras na Gaeilge ar an 1 Eanáir 2008. Clár na Leabhar Gaeilge a tugadh feasta ar an Scéim a riartar faoi scáth Fhoras na Gaeilge, scéim a chuireann tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí, d’fhoilsitheoirí agus do phobal léitheoireachta na Gaeilge i gcoitinne.

Fág freagra ar '‘Méadú mór buan ag teastáil ar mhaoiniú Chlár na Leabhar Gaeilge’ –'

  • Kevin Ó Tuathaigh

    Tá praiseach déanta ag Fianna Fáil, an “an Páirtí Poblachtach”, ar an Gaeilge. Bheadh Eamon de Valera, Jack Lynch agus Séan Lemass ag caoineadh dá mbeadh siad fós beo!

  • Seán Mag Leannáin

    Ní raibh cáil na Gaeilge ar Lemass agus is ar éigean go raibh sé ar Lynch ach an oiread.