Ní dhéanfadh Sinn Féin athrú ar theorainneacha na Gaeltachta dá mbeidís i gcumhacht

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh nach mbeadh sé féin ná an páirtí i bhfabhar atarraingt a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta agus ceantair ina bhfuil an Ghaeilge lag a fhágáil ar lár

Ní dhéanfadh Sinn Féin athrú ar theorainneacha na Gaeltachta dá mbeidís i gcumhacht

Níl aon rún ag Sinn Féin athbhreithniú a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta má bhíonn siad sa chéad rialtas eile.

Ag labhairt dó ag seoladh pholasaí nua an pháirtí ar chúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht an tseachtain seo, dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh nach mbeadh sé féin ná an páirtí i bhfabhar atarraingt a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta agus ceantair ina bhfuil an Ghaeilge lag a fhágáil ar lár.

Seachas na ceantair sin a dhíbirt as an nGaeltacht oifigiúil, dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin gurb é an dearcadh atá ag an bpáirtí ná gur chóir tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sna ceantair sin chun an teanga a chur chun cinn i measc an phobail.

“Measaim nach nglacann aon duine go bhfuil muid san áit cheart faoi láthair ach níl mise ar dhuine de na daoine a bheadh ag moladh go dtarraingeofaí siar teorainneacha na Gaeltachta…Má tarraingíonn tú siar iad, tá muid ag rá ‘Sin é. Tá an cath caillte againn’.”

Dúirt Ó Snodaigh go mbeadh an baol ann dá ndéanfaí atarraingt ar theorainneacha na Gaeltachta go bhfágfaí ceantair ina bhfuil an teanga in úsáid faoi láthair in áit níos imeallaí fós.

“Má dhéanann tú atarraingt ar an nGaeltacht, beidh ceantair Ghaeltachta a bheidh chomh beag sin go mbeidh siad i mbaol a bheith tachta níos mó,” a dúirt sé.

Ag seoladh an pholasaí inniu, ceistíodh an Teachta Ó Snodaigh maidir le seasamh an pháirtí ar cheist theorainneacha na Gaeltachta i bhfianaise an scéil go bhfuil breithniú á dhéanamh ar thoghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais. Dúradh go mbeadh cead vótála ag níos mó daoine sna ceantair Ghaeltachta i gcathair na Gaillimhe i dtoghchán an Údaráis ná mar a bheadh i gceantair Ghaeltachta na Mumhan uile.

Chomh maith le hathrú ar theorainneacha na Gaeltachta a chur as an áireamh, dúirt Ó Snodaigh freisin nach bhféadfaí coinníoll teanga a chur ar vóta a chaitheamh sa toghchán agus, dá bharr, go gcaithfí glacadh leis go mbeidh deis ag daoine “nach bhfuil meas acu ar an nGaeilge” vóta a chaitheamh i dtoghchán an Údaráis amach anseo.

Dúirt Ó Snodaigh gur mheas sé nach raibh “an cath go hiomláin caillte” i gceantair mar atá i gcathair na Gaillimhe agus go bhféadfaí “i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh” chun an teanga a chur chun cinn iontu.

“Tá mé den tuairim gur chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó airgid á chur isteach sna ceantair sin [cosúil le Gaeltacht chathair na Gaillimhe] chun forbairt a dhéanamh ar phobal labhartha na Gaeilge sna ceantair sin, chun áiseanna a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí, chun áiseanna a chur ar fáil do ghnáthphobal an cheantair atá sásta an Ghaeilge a chur chun cinn.”

Mhaígh Ó Snodaigh freisin go bhféadfaí údaráis áitiúla nó comharchumainn forbartha tithe a cheannach sna ceantair sin agus deis a bheith ag lánúineacha a bhfuil spéis léirithe acu sa Ghaeilge athlonnú ann agus gur spreagadh a bheadh i Scéim Labhairt na Gaeilge, a d’athbhunódh Sinn Féin ach iad a bheith i gcumhacht.

Mura mbeadh rath ar na bearta sin, ghlac Ó Snodaigh leis go mbeadh gá le hathbhreithniú a dhéanamh ansin ar an nGaeltacht oifigiúil ach, go dtí sin, gur chóir a bheith cúramach maidir le haon athruithe.

“Mura n-éiríonn linn…is gá dúinn a bheith réalaíoch agus athfhéachaint ar theorainneacha na Gaeltachta ach, faoi láthair, dá mbeadh muid á dhéanamh sin, más fíor don tuairisc nach mbíonn ach duine as gach cúigear ag labhairt Gaeilge sa Ghaeltacht féin, bheadh an Ghaeltacht an-an-bheag,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Ní dhéanfadh Sinn Féin athrú ar theorainneacha na Gaeltachta dá mbeidís i gcumhacht'