Foirne áirithe lán de mhuinín agus deireadh na sraithe nach mór linn

An deireadh seachtaine seo tá babhta deireanach na gcluichí sraithe ar siúl agus tábhacht ag baint le cuid de na cluichí

Foirne áirithe lán de mhuinín agus deireadh na sraithe nach mór linn

Ní fada anois go mbeidh ár n-aird ar an gcraobhchomórtas agus é ag tosú i gceann míosa. 

Mar atá tarlaithe go rialta le tamall de bhlianta, bhí na réiteoirí dian ar ghné áirithe den imirt le linn na sraithe i mbliana. In 2022 ar an bpas láimhe atá an bhéim agus réiteoirí ag séideadh na feadóige go minic ina leith. Ní dóigh liom go mbeidh aon mhórfhadhb anseo nuair a bheidh sa chraobh mar níl aon dabht ach go n-athróidh na himreoirí a stíl más gá agus go mbeidh an pas láimhe mar chuid thábhachtach den traenáil ar feadh tamaill. 

Tuigeann siad go léir chomh cruinn is atá máistrí na bpocanna saora agus níl siad chun poc saor bog a ghéilleadh más féidir in aon chor é. Agus is cinnte gur féidir an pas láimhe a dhéanamh i gceart gan mórán stró. B’fhéidir go bhfuil an lá ag teacht nach gceadófar aon phas láimhe agus go gcuirfear iachall a chur ar imreoirí an camán a úsáid gach uair.

An deireadh seachtaine seo tá babhta deireanach na gcluichí sraithe ar siúl agus tábhacht ag baint le cuid de na cluichí.

Ag tosach na bliana cé a cheap go mbeimis ag caint faoi Luimneach a bheith i mbaol a ndícháilithe. Bhuel tá an baol sin ann. Níl ach Uíbh Fhailí idir seaimpíní na hÉireann agus cluiche dícháilithe i gcoinne Aontroma.

Is amárach a thiocfaidh Uíbh Fhailí chuig Páirc na nGael ach is dócha gur beag seans atá acu.

Seo an cluiche deireanach sraithe don chontae a bhuann agus caithfear a rá nach bhfacamar Luimneach mar a bhíodar anuraidh fós i mbliana.

Bheinn ag súil le taispeántas i bhfad níos fearr uathu amárach agus an seans deireanach á fháil ag cúpla duine de na himreoirí óga agus imreoirí atá ar an imeall le tamall. Bheinn ag ceapadh go mbeidh an chuid is mó de na himreoirí a bhí ar an gcéad chúigear déag anuraidh ag tosú arís i gceann míosa agus an chéad chluiche craoibhe ar siúl. Gan Peter Casey is laige iad gan dabht ach tá leithéidí Chathail O’ Neill agus Graeme Mulcahy acu chun an bhearna a líonadh.

Ar an taobh eile den tábla sraithe tá Corcaigh agus Loch Garman cáilithe as roinn 1A agus iad i gcoinne a chéile amárach. Tugann an cluiche seo seans don dá bhainisteoir roinnt athruithe a dhéanamh agus seans a thabhairt do chuid des na himreoirí imeallacha. Caithfidh go bhfuil Kieran Kingston agus Darragh Egan thar a bheith sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag a bhfoirne go dtí seo. Mar a scríobh mé roimh thosach na gcluichí sraithe, níl ach sprioc amháin ag na bainisteoirí go léir sa phríomhroinn agus sin a bheith ullamh don chraobhchomórtas.

Tá níos mó muiníne ag Loch Garman agus Corcaigh agus spiorad foirne á dhaingniú le linn na sraithe. Léiríodh an méid sin i ngach cluiche sraithe a bhí acu go dtí seo. Beidh buaiteoir an chluiche eatarthu amárach ag imirt i gcoinne thánaistí 1B . Agus sa 1B céanna tá seans fós ag Áth Cliath agus Tiobraid Árann agus seans níos mó ag Port Láirge agus Cill Chainnigh cáiliú do na cluichí leathcheannais. 

Beidh na Déise i gcoinne na gCat i bPáirc an Bhreatnaigh, beidh Tiobraid Árann i gcoinne Aontroma i nDurlas agus beidh Áth Cliath sa bhaile i gcoinne Laoise .

Mar is gnáth beidh chuid den aicsean ar TG4.

Fág freagra ar 'Foirne áirithe lán de mhuinín agus deireadh na sraithe nach mór linn'