Déan dearmad ar an stair is tarlóidh an athstair 

Agóid chriú an bháid cháiliúil ‘Northabout’ taobh amuigh d’Ambasáid na Rúise agus a gcara i gcampa oibre sa tSibéir 

Déan dearmad ar an stair is tarlóidh an athstair 

Bhí agóid taobh amuigh d’Ambasáid na Rúise le gairid ach níor tugadh mórán airde uirthi.

I bhfianaise an méid a tharla ina dhiaidh sin san Úcráin, ní dhéanfadh éinne iontas de sin. Níl lá anois nach mbíonn na sluaite amuigh ar an tsráid agus taobh amuigh den Ambasáid áirithe sin.

Ach fuair na hagóidithe sin scéala le gairid a chuir áthas orthu. Trí mhíorúiltí cumarsáide an domhain chomhaimseartha agus ceangail phearsanta eile, fuaireadar amach go raibh teachtaireacht gaibhte chomh fada leis an Rúis, trasna na Sibéire agus isteach go príosún ‘crua-oibre’ ansin. Chuala fear beag, tanaí, caite san áit sin go raibh dream beag Éireannach ag troid a cháis go poiblí ar an tsráid i mBaile Átha Cliath.

‘Cuir scéala chucu,’ a dúirt sé ‘agus abair leo go bhfuil áthas orm nach bhfuil mé dearmadta acu.’

Criú an bháid cháiliúil ‘Northabout’ a bhí bailithe le chéile taobh amuigh den Ambasáid an lá sin coicís ó shin. Bhí bratacha agus póstaeirí acu ag fógairt faoi Yuri Alexeyevich Dmitriyev agus bratacha eile.

Tá farraigí agus aigéin an domhain seolta ag an mbád cáiliúil ‘Northabout’, a thóg an saor báid Jarlath Cunnane i mbliain na mílaoise 2000. Ba mhinic an Dr Mick Brogan (arbh as Cinn Mhara ó dhúchas é) agus atá lonnaithe i mBéal Átha hAmhnais anois, in éindí leis, chomh maith leis an mbádóir cáiliúil eile, Paddy Barry.

Bhíodar ar thuras éachtach timpeall thuaisceart na Rúise mar chuid den turas ‘An Pasáiste Thoir Thuaidh’ sa mbliain 2000, nuair a rinne siad iarracht a mbealach a dhéanamh trí chanáil darb ainm ‘Canáil Belomor’, Belomorkanal nó Canáil na Mara Báine. Is cineál aicearra é idir an Mhuir Bhán agus an Mhuir Bhailt. Níor thug an Rúis cead dóibh agus b’éigean dóibh seoladh an bealach fada timpeall.

Ach bhí an pasáiste sin ag dó na geirbe acu agus d’fhilleadar in 2012, agus an ceadúnas cuí acu an uair seo. Bhí an fear ceamara Gary Finnegan ar bord leo. Bhí scéal cloiste acu go raibh fear as an áit tar éis na blianta fada a chaitheamh i mbun staidéir ar na príosúin ‘Gulag’ agus ar an obair sclábhaíochta a bhí ar siúl faoi réimeas Stalin sna tríochaidí.

Yuri Alexeyevich Dmitriev an t-ainm a bhí ar an bhfear seo agus chuala siad go raibh músaem beag aige sa cheantar. Bhí ceangal ar leith aige leis an gCanáil toisc go raibh cuntas aige ar an líon daoine a fuair bás le linn a tógála.

Ach ní raibh tásc ná tuairisc ar Yuri agus bhí na húdaráis tar éis a mhúsaem beag a dhúnadh síos. Isteach le Gary Finnegan san oifig turasóireachta.

‘Ar chuala sibh aon trácht ar fhear darb ainm Yuri Alexey Dmitriev?’ arsa seisean amach os ard, agus gan mórán dóchais aige. ‘Is comharsa liomsa é,’ arsa cailín óg a bhí ins an oifig. 

Rinneadar coinne castáil leis agus bhíodar ag ól caife ina theannta taobh amuigh faoin aer nuair a dúirt sé, ‘An dtugann sibh an bheirt fhear thall ansin faoi deara? KGB iad sin. Bíonn siadsan do mo leanacht i gcónaí.’

‘Agus an bhfeiceann sibh an bheirt eile thall sa gcúinne? Tá siadsan do bhur leanachtsa timpeall. KGB freisin. Tá aithne agam orthu mar gheall go rabhamar ar scoil le chéile.’

Ach dúirt sé nach ndéanfadh an KGB aon dochar dóibh ach go mb’fhéidir go gcuirfeadh siad moill orthu. Ba léir go raibh obair Yuri ag goilliúint ar na hudaráis. 

Ghlac Yuri leis go raibh dualgas air an fhírinne a insint faoi ré an uafáis a bhain le réimeas Stalin. I mbeagán focal, meastar gur mharaigh Stalin an líon céanna Rúiseach ina dtír féin agus a maraíodh le linn an Dara Cogadh Domhanda- thart ar 20 milliún duine. 

Thart sa gceantar ina raibh Yuri i mbun taighde ar na príosúin ‘Gulag’ a bhí na tailte inar cuireadh na mílte míle corp tar éis iad a chur chun báis, nó tar éis bás a fháil sna campaí cruálacha oibre.

Ba chosúil go raibh an Chanáil agus na hoibreacha a bhain leis, ina ionad cruálach oibre le linn na mblianta sin. Dar leis an staraí clúiteach Anne Applebaum, maraíodh 25,000 duine ansin. Tá píosa amháin den chanáil atá 10 km ar fhad agus bhásaigh 10,000 fear ann. Fear amháin in aghaidh gach méadair.

Chuir Stalin tús leis an gCanáil sa mbliain 1930 ach níor lig sé cead do na hinnealtóirí ná do na hoibrithe an obair a dhéanamh mar ba cheart. Cuireadh brú millteanach orthu an obair a dhéanamh go tapa, ní raibh an chanáil sách domhain, agus caitheadh go míthrócaireach leis na príosúnaigh bhochta a rinne an obair, go minic gan acu ach a lámha agus uirlisí simplí, ar nós piocóidí.

Ar feadh blianta fada, rinne Yuri an taighde ar na maruithe, ar an stair agus bhailigh sé gach ainm agus gach blúire eolais a d’fhéadfadh sé i leabhair inar scríobh sé síos na fíricí ar fad.

Bhí cáil air i bhfad is i ngearr sa Rúis agus thagadh daoine chuige ag fiosrú faoin áit ar cuireadh athair nó seanathair leo agus chabhraigh sé le chuile dhuine a tháinig.

Dúirt Mick Brogan liom gur chuir sé iontas air féin gur choinnigh na Rúisigh (nó na Sóivéadaigh ba chirte a rá) an méid sin eolais faoi na daoine bochta a mharaigh siad gan trócaire. In áiteacha cuireadh amach sa bhforaois iad, cuireadh iachall orthu uaigh mhór mhillteach a thochailt, caitheadh i gcúl a gcinn iad agus ansin caitheadh na coirp isteach sa pholl. Ach choinnigh na húdaráis na taifid.

Agus de réir a chéile bhí Yuri ag bailiú scéal seo an Uafáis agus ag cur ábhar isteach sa mhúsaem. Mheas sé go raibh gá leis seo ar fad, toisc gur cheap sé go raibh an chontúirt ann go ndéanfadh daoine dearmad ar an stair.

Casadh daoine ar Mick agus Gary agus an chuid eile den chriú a d’inis scéalta dóibh faoin gcuartú a bhí ar siúl ag a muintir le 70 bliain nach mór, ag iarraidh an fhírinne a nochtadh.

‘Ach an rud atá tarlaithe anois,’ a dúirt Mick liom ‘ná go bhfuil an stair sin á brú as amharc arís. Tá ‘Dia Beag’ déanta de Stalin le blianta beaga anuas, go háirithe ag an gceannaire Vladimir Putin.’

Níor fheil obair Yuri don réimeas a tháinig i gcumhacht sa Rúis, faoi Putin. Ghabh na póilíní é sa bhliain 2016. Arís agus arís eile, tugadh Yuri os comhair na gcúirteanna sa Rúis ar chúiseanna bréagacha agus gach uair ar gearradh tréimhse príosúnachta air, cuireadh fad leis. Thosaigh sé le tréimhse dhá bhliain go leith. Ansin, cuireadh fad leis go 15 bliain. Díreach roimh an Nollaig, cuireadh leis sin arís go 18 bliain. Tá Yuri 66 faoi láthair.

‘Fear álainn é Yuri,’ a deir Mick Brogan liom, go brónach. Agus cá bhfuil sé anois?

‘Áit éigin sa tSibéir,’ a deir Mick. ‘I gcampa dianoibre. Bhí a fhios aige nuair a casadh orainne é gurb in é a bhí roimhe. Ach ba é a dhualgas é, dar leis.’

Duine de na Rúisigh mhaithe é Yuri – tá siad ann. Ná ligimis i ndearmad iad.

Fág freagra ar 'Déan dearmad ar an stair is tarlóidh an athstair '