Deich mbliana i ndiaidh shléacht Sandy Hook á dhaingniú atá an dara leasú ar an mbunreacht 

Ní léir go bhfuil an fonn ná an cumas in aon chuid de chóras polaitiúil na Stát Aontaithe aghaidh a thabhairt ar an tubaiste atá ag tarlú sa tír de bharr gunnaí

Deich mbliana i ndiaidh shléacht Sandy Hook á dhaingniú atá an dara leasú ar an mbunreacht 

Is beag duine nach ndeachaigh an sléacht i scoil náisiúnta Sandy Hook in Connecticut deich mbliana ó shin go mór i bhfeidhm orthu. Maraíodh scór páistí scoile agus seisear múinteoirí in achar níos lú ná cúig nóiméad. Ní raibh na páistí ach sé agus seacht mbliana d’aois. Shíl an tUachtarán ag an am, Barack Obama, deora le linn a chuairte ar an scoil agus dúirt go gcaithfí a chinntiú nach dtarlódh a leithéid arís.

Fear óg fiche bliain d’aois, Adam Lanza, a bhí freagrach as an sléacht ba mheasa riamh i scoil sna Stáit Aontaithe. Mharaigh sé a mháthair sula ndeachaigh sé go Sandy Hook agus chuir sé lámh ina bhás féin nuair a tháinig na póilíní go dtí an láthair. Dúirt na fiosrúcháin ar fad a rinneadh i ndiaidh na heachtra go raibh fadhbanna meabhairshláinte aige ach gur ghníomhaigh sé as a chonlán féin. Tharraing an eachtra an t-uafás clampair agus feirge ar fud an domhain. Dúradh uair amháin eile go gcaithfeadh na Stáit Aontaithe aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhaineann le gunnaí ar na sráideanna. 

An tseachtain seo beagnach deich mbliana tar éis an tsléachta sin i Sandy Hook d’éirigh le cuid de theaghlaigh na bpáistí socrú cúitimh a dhéanamh leis an gcomhlacht Remington Arms, an comhlacht a rinne an raidhfil a bhí ina sheilbh ag Lanza. Tá $73 milliún i gceist. 

D’éirigh leis na teaghlaigh an cás a bhuachan bunaithe ar dhlíthe tomhaltóra in Connecticut agus an bealach gur dhírigh an comhlacht ar fhir óga ina gcuid fógraíochta faoin ngunna sin. Tá súil ag na teaghlaigh go gcuideoidh an cás a thug siadsan in aghaidh an chomhlachta airm lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís. Faraor, tá mearbhall orthu. 

Is leor breathnú ar eachtra amháin atá tarlaithe ó tharla Sandy Hook. Sa mbliain 2017 mharaigh Stephen Paddock os cionn trí scór duine nuair a chaith sé leis an slua ag féile cheoil in Las Vegas. Nuair a tugadh cás in aghaidh na gcomhlachtaí airm rialaigh an chúirt i Nevada nach bhféadfaí pionós a ghearradh orthu ach amháin sa gcás go raibh ceann de na gunnaí fabhtach agus gur maraíodh daoine mar thoradh ar chliseadh an ghunna.

Tarlaíonn na mílte eachtra lámhaigh sna Stáit Aontaithe chuile bhliain. Tharla suas le 700 eachtra anuraidh inar caitheadh beirt nó níos mó. Tá cásanna os comhair na gcúirteanna lá i ndiaidh lae agus é mar aidhm acu cearta an duine airm faoi cheilt a iompar a chosaint. 

De réir mar a d’éirigh an Chúirt Uachtarach níos coimeádaí le roinnt blianta anuas faoi réimeas Donald Trump tá cearta an duine faoin dara leasú ar an mbunreacht á ndaingniú seachas á lagan. 

Ní léir go bhfuil an fonn ná an cumas in aon chuid de chóras polaitiúil na Stát Aontaithe aghaidh a thabhairt ar an tubaiste atá ag tarlú sa tír de bharr gunnaí. Agus an fhad agus a fhanann an scéal mar sin, beidh páistí scoile, seandaoine agus an té atá ag du i mbun a ghnó lá i ndiaidh lae i mbaol a gcaite de bharr chumhacht an airgid.

Fág freagra ar 'Deich mbliana i ndiaidh shléacht Sandy Hook á dhaingniú atá an dara leasú ar an mbunreacht '