Naomh Tomás mar rogha na coitiantachta agus údar leis

Ní fada go mbeidh Droichead an Chláirín ag ardú corn Tom Callinan ach b’fhéidir nach amárach a dhéanfaidh siad an beart

Naomh Tomás mar rogha na coitiantachta agus údar leis

Ní minic i ré seo na meán sóisialta gur féidir nuacht a choimeád rúnda rófhada. Tá cara sa chúirt ag na hiriseoirí is fearr nó is mó tionchar agus de ghnáth bíonn na scéalta acu roimh an saol Fódlach.

Mar sin bhí iontas orainn nuair a tháinig ainmniúchán Henry Shefflin mar bhainisteoir ar iománaithe na Gaillimhe chun solais. Cinnte tháinig an scéal sin aniar aduaidh orainn go léir. Agus tríd is tríd bhí formhór de leantóirí chluiche na fuinseoige thar a bheith sásta go mbeadh baint mhór ag an imreoir is rathúla i stair na hiomána le craobhchomórtas 2022. Dar ndóigh muintir na Gaillimhe is mó a bhí sásta go mbeadh an ‘Rí’ i bhfeighil ar fhoireann na sinsear, go háirithe agus An Prionsa Joe éirithe as.

Bhí ‘aura’ éigin ag baint le Henry agus é ag dul i bhfeabhas mar imreoir sinsir le Cill Chainnigh ón uair a thosaigh sé i 1999. Dar ndóigh chríochnaigh sé in 2014 le carn bonn agus gradam, deich mbonn  uile-Éireann, 11 gradam All Star agus trí ghradam ‘Imreoir na bliana’ ina measc. Níl a leithéid ag aon imreoir eile. Bhí sé ina cheannaire agus ina phríomhnaoscaire ón tús agus baint an-mhór aige le gach ar bhuaigh na Cait lena linn. Agus rinne sé na gaiscí go léir go deas stuama ciúin.

Níor chaith sé rófhada díomhaoin. D’imir sé le Baile Héil go dtí deireadh 2016 agus ansin bhí sé mar chomhbhainisteoir orthu lena dheartháir, Tommy. Chríochnaigh sé an turas sin le dhá chraobh chontae, dhá chraobh chúige agus dhá chraobh na hÉireann. Chaith sé bliain ansin le Baile Mhic Andáin, nó Thomastown mar is fearr aithne orthu, agus ansin ar an 20 Deireadh Fómhair ainmníodh é mar bhainisteoir nua na Gaillimhe.

Tá sé soiléir gur buaiteoir go smior é ar pháirc na himeartha agus taobh amuigh di, agus tá an t-uafás taithí aige do dhuine atá ag tosú amach mar bhainisteoir idirchontae.

Tuigeann sé cad atá ag teastáil agus tá a fhios aige go bhfuil mórán imreoirí sa chontae lena lán taithí agus dream eile imreoirí óga ann a bhí ar fhoirne mionúir an chontae a bhuaigh craobhacha na hÉireann ó 2017 go dtí 2020.

Is dócha go mbeidh sé i bPáirc an Phiarsaigh amárach agus cluiche ceannais chraobh na Gaillimhe 2021  á imirt idir Droichead an Chláirín agus seaimpíní na bliana seo caite Naomh Tomás, atá go láidir mar rogha ag leantóirí, tráchtairí, iriseoirí agus geallghlacadóirí agus iad ar thóir an cheathrú craobh i ndiaidh a chéile. Bhíodar thar barr sa cluiche leathcheannais i gcoinne Ghort Inse Guaire coicís ó shin agus Gort fágtha i dtaobh le ceithre chúilín ón imirt acu. 4-15 a bhí ag seaimpíní an chontae. Dar ndóigh níltear ag tabhairt mórán seans do Droichead an Chláirín ach tá siad ag feabhsú.

Tá foireann óg acu agus boinn mhionúir an chontae ag cuid mhaith díobh. Tá cúig chraobh buaite acu taobh istigh de sheacht mbliana agus tá a fhios againn cé chomh hard is atá caighdeán na mionúr sa Ghaillimh agus na ceithre chraobh na hÉireann is déanaí buaite ag an gcontae. Tá an tosaí idirchontae Evan Niland acu ach tá foireann Naomh Tomás breac le réalta idirchontae.

Cinnte ní fada go mbeidh Droichead an Chláirín ag ardú corn Tom Callinan ach b’fhéidir nach amárach a dhéanfaidh siad an beart.

Fág freagra ar 'Naomh Tomás mar rogha na coitiantachta agus údar leis'