‘Leanfaidh mé orm ag troid ar son na Gaeilge gach lá’ – Catherine Martin

‘Bímis Gaelach, bímis glórach. bímis Glas’ an teachtaireacht a bhí ag Aire na Gaeltachta ag Ard-Fheis an Chomhaontais Ghlais

‘Leanfaidh mé orm ag troid ar son na Gaeilge gach lá’ – Catherine Martin

Tá geallta ag Catherine Martin, Aire na Gaeltachta, go “leanfaidh” sí uirthi “ag troid ar son na Gaeilge gach aon lá” ina roinn féin agus ag bord an Rialtais.

Bhí leascheannaire an Chomhaontais Ghlais ag labhairt ag Ard-Fheis an pháirtí ag an deireadh seachtaine.

“Sé bunaidhm aon pháirtí Glas ar domhan acmhainní nádúrtha na cruinne a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus tá an Ghaeilge ar na hacmhainní is luachmhaire atá againn,” arsa an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Mhaígh sí go gcuireann an Comhaontas Glas an Ghaeilge “i lár an aonaigh i gcónaí” agus dúirt gur “onóir as cuimse” a bheith ina hAire Sinsearach don Ghaeltacht.

“Is linne ar fad an teanga. Is cuma cá háit arb as duit, nó cá háit a bhfuil tú i do chónaí, is leatsa an teanga agus an cultúr Gaelach. Bímis Gaelach. Bímis Glórach. Bímis Glas,” a dúirt Catherine Martin.

Mhaígh Catherine Martin ina hóráid Ard-Fheise go raibh “athruithe seismeacha” á ndéanamh ag an gComhaontas Glas sa Rialtas i dtaobh cúrsaí sóisialta, eacnamaíochta agus athrú aeráide.

Dúirt ceannaire an pháirtí Eamon Ryan go raibh geilleagair ghlasa ag teacht chun cinn ar fud an domhain agus gurb é an botún is mó a d’fhéadfaí a dhéanamh ná gan tada a dhéanamh.

Fág freagra ar '‘Leanfaidh mé orm ag troid ar son na Gaeilge gach lá’ – Catherine Martin'

  • CC

    “Is linne ar fad an teanga. Is cuma cá háit arb as duit, nó cá háit a bhfuil tú i do chónaí…”

    Go deimhin, ach caithfear aird agus stádas faoi leith a bhronnadh ar na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge mar dhlúthchuid den phobal, bídís i Ráth Chairn, An Cheathrú Rua, nó aon áit ina bhfuil daoine á dtógáil chlainne trí Ghaeilge agus ag iarraidh pobail ina bhfuil sí mar chéad teanga an phobail a chruthú is/nó a chosaint.

    Is mionlach iad na daoine arbh fhearr leo an Ghaeilge seachas an Béarla mar chéad teanga, de réir tátal an suirbhé ‘The Irish Language and the Irish People”. Tá daoine eile báúil, ach ní choinneoidh siad an teanga beo. Caithfear tacaíocht a thabhairt mar sin do dhaoine a bhfuil toilteanach é sin a dhéanamh, laochra or nós ceannródaithe An Bhóthar Seoighe mar shampla, a bhfuil íde-eolaíoch is cur chuige dearfach acu nach bhfuil bunaithe amháin ar ‘ardchaighdeán oideachais a sholáthraíonn Gaelscoileanna cé nach labhraím an teanga mé féin’.

    Mara bhfuil an Roinn ag tacú leo agus ag baint úsáide as na moltaí cuimsitheacha a rinne sochtheangeolaithe profisiúnta ar nós Ursula Ní Shionnain, Brian Ó Curnáin agus go leor dá gcomhghleacaithe, níl siad ag ‘troid ar son na Gaeilge’ i ndáiríre.

    Féach ar tíortha a bhfuil dátheangach nó ilteangach go fírinneach – An Eilvéis, an Bheilg, an Fhionlainn, Ceanada… Tá ceachtanna ann agus tá go leor litríochta ann… Tá go leor leor ceachtanna ó mhionteangacha eile an Domhain… Tá eolas ag na sochtheangeolaithe fúthu go léir, caithfear éisteacht leo. Éisteodh Rialtas na hÉireann leo dá mbeidís dáiríre faoin Ghaeilge, an Ghaeltacht, agus an pobal teanga trí chéile

  • Seán ÓM

    Seo liosta duit mar sin de a Aire:

    1) Helen McEntee agus an Garda Béarloireachta sa Ghaeltacht.
    2) Calafort Ros a Mhíl
    3) Easpa Gaelcholáistí i mBÁC.
    4) Coláiste Lurgan
    5) Faigheann Tuairisc/Nös/Comhar níos lú mionnú le chéile inniu ná a fuair Faoinse ag tús na 2000di.
    6) Seirbhísí aistriúcháin na Gaeilge níos fearr sa Bhruiséil ná atá i dTeach Laighean.

    Brostaigh ort – agus coinnigh súil ar Jack!

  • Gearóid de Grás

    Labhraíonn Martin go maith ach faraoir ní dóigh liom go bhfuil oiread is gníomh amháin fiúntach ar son na Gaeilge curtha i gcrích aici – ní fheadar an bhfuil galar na fimínteachta uirthi mar atá ar fhormhór na nÉireannach i leith na Gaeilge?
    Aontaím le CC agus le Seán ÓM ar ndóigh. Bheadh suim agam, CC, teacht ar an taighde sin a luaigh tú – ‘The Irish Language and the Irish People”. Dá bhféadfadh éinne mé a threorú chuige, bheinn buíoch.