Mic léinn i mbun feachtais chun scéim chónaithe Ghaeilge a bhunú in Ollscoil na Banríona

Deir lucht feachtais go bhfuil ‘dímheas agus leithcheal’ i gcoinne Gaeilgeoirí léirithe acu siúd atá i gceannas ar an ollscoil

Mic léinn i mbun feachtais chun scéim chónaithe Ghaeilge a bhunú in Ollscoil na Banríona

Tá feachtas ar bun ag mic léinn in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste ar son scéime cónaithe Gaeilge san ollscoil. Deir lucht an fheachtais gur ábhar buartha dóibh an chaoi go gcaitear leis an teanga san ollscoil.

Tá scéimeanna cónaithe, ina gcuirtear lóistín ar leith ar fáil do mhic léinn atá ag iarraidh cónaí le Gaeilgeoirí eile, á reáchtáil i roinnt institiúidí tríú leibhéil in Éirinn – OÉ Gaillimh, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide agus Ollscoil Mhá Nuad.

Tá An Cumann Gaelach in Ollscoil na Banríona anois ag iarraidh scéim chónaithe a bhunú ansin ach tá imní orthu nach mbeidh lucht bainistíochta na hollscoile sásta “na céimeanna cuí” a ghlacadh chun an scéim a fhorbairt.

Maíonn an lucht feachtais go bhfuil “dímheas agus leithcheal” i gcoinne Gaeilgeoirí léirithe ag údaráis na hollscoile in ainneoin gealltanais a tugadh maidir le cur chun cinn na teanga.

“Tá muid buartha nach bhfuil an ollscoil ag glacadh na gcéimeanna cuí leis an scéim chónaithe Ghaeilge a fhorbairt,” a dúirt Eimear Nic Ionnrachtaigh, ball den Chumann Gaelach in Ollscoil na Banríona.

“Dar linne, agus le neart daoine eile, go bhfuil na séanta, na céimeanna ar chúl agus an mhoilleadóireacht mar chuid de phatrún seanbhunaithe de dhímheas agus leithcheal i gcoinne na Gaeilge ar an champas ag an leibhéal bainistíochta – ag dul siar go dtí na 1990idí.”

Dúirt Nic Ionnrachtaigh go leanfaidh an Cumann Gaelach orthu “ag diúltú don naimhdeas atá á léiriú ag bainistíocht na hollscoile i gcoinne na Gaeilge”.

“Tá muid ag súil anois go nglacfaidh Ollscoil na Ríona bearta forásacha, gníomhacha chun cinntiú go gcuirfear an Ghaeilge chun cinn agus go nglacfar léi mar ghnáthchuid de shaol laethúil na hollscoile.”

Ag ócáid aréir seoladh tuarascáil a léirigh nach gcuirfeadh a leithéid costas ar an ollscoil, go mbeadh an scéim “cost-neutral” don choláiste.

Labhair roinnt aoichainteoirí ar son na scéime, ina measc Véronique Altglas, léachtóir socheolaíochta in Ollscoil na Banríon, a d’oibrigh ar chur le chéile na tuarascála.

Labhair ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, eagraíochtaí pobail agus gaelcholáistí freisin ag an ócáid.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, ball den Dream Dearg, go raibh cur in aghaidh na Gaeilge in Ollscoil na Banríona ag teacht uathu siúd a bhí i gceannas seachas ó phobal na hollscoile agus go raibh sé bunaithe sa “seicteachas agus sa bhiogóideacht frith-Éireannach”.

Dúirt Mac Giolla Bhéin go raibh “polasaí teanga Gaeilge níos forásaí ag Sainsbury’s ná mar a bhí ag Ollscoil na Banríona”.

Tá ráite ag lucht na hollscoile go bhfuil sé i gceist acu bualadh leis an gCumann Gaelach chun cúrsaí teanga san ollscoil a phlé leo.

Fág freagra ar 'Mic léinn i mbun feachtais chun scéim chónaithe Ghaeilge a bhunú in Ollscoil na Banríona'