Caithfidh Sinn Féin a thuiscint go bhfuil difear idir a bheith in oifig agus a bheith i gcumhacht

I bhfianaise na bpobalbhreitheanna ní bheadh ach aon rogha chinnte amháin ag Sinn Féin i ndiaidh an chéad toghcháin eile

Caithfidh Sinn Féin a thuiscint go bhfuil difear idir a bheith in oifig agus a bheith i gcumhacht

Más fíor do na pobalbhreitheanna – agus níl aon fhianaise ann nár cheart muinín a chur iontu – tá Sinn Féin go láidir ar thosach an tslua sa rás le bheith i gceannas ar an gcéad rialtas eile.

Le tamall anois tá siad imithe chun cinn go mór ar na páirtithe eile – deich bpointe chun tosaigh ar Fhine Gael sna pobalbhreitheanna is deireanaí, agus Fianna Fáil go mór taobh thiar díobh beirt.

Is dearcadh seasmhach é seo.

Ghnóthaigh Sinn Féin níos mó vótaí ná aon pháirtí eile san olltoghchán anuraidh, ach má bhreathnaíonn muid ar an 28 pobalbhreith a foilsíodh sna meáin mhóra i mbliana féin tá tacaíocht, ar an meán, 30% ag Sinn Féin, i gcomparáid le 25% ag Fine Gael agus 16% ag Fianna Fáil.

Bunaithe ar na figiúirí sin d’fhéadfadh 50 suíochán nó níos mó a bheith ag Sinn Féin, 40 b’fhéidir ag Fine Gael agus gan ach 25 ag Fianna Fáil.

Ach, agus is ‘ach’ mór é, fiú má éiríonn le Sinn Féin 50 suíochán a fháil, beidh siad gann 30 suíochán ar mhóramh sa Dáil. Beidh tacaíocht ó pháirtithe eile ag teastáil uathu.

Agus sin í an cheist, cé hiad na páirtithe is dóichí a bheadh ann?

Más ag caint faoin eite chlé atá muid, cé hiad féin? An cuid den eite chlé iad Páirtí an Lucht Oibre? An uair dheiridh go raibh siad i rialtas chuir an páirtí sin polasaí déine i bhfeidhm a bhí in aghaidh na haicme oibre, agus ní dhearna siad aon iarracht pardún a fháil ón bpobal faoi ina dhiaidh sin.

An cuid den eite chlé iad an Comhaontas Glas atá breá sásta ualach na géarchéime aeráide a leagan ar an aicme oibre amháin? Tá eite chlé sa Chomhaontas Glas féin, ach is laige ná riamh í ó d’fhág roinnt de na daoine ab fhearr sa pháirtí mar gheall ar pholasaithe an chomhrialtais reatha.

Cinnte, ní bheadh mórán cur i gcoinne na nDaonlathaithe Sóisialta nó Pobal Seachas Brabach a áireamh mar chuid den eite chlé, ach ní féidir iontaoibh ar bith a chur i lucht leanúna Trotsky go seasfaidís an fód nuair a bheadh comhghéilleadh polaitiúil le déanamh.

Ach más comhghéilleadh le Páirtí an Lucht Oibre nó leis an gComhaontas Glas an praghas a bheadh le híoc, b’fhéidir nach mbeadh aon rogha ann ach é a íoc.

Ag breathnú ar fhigiúirí na bpobalbhreitheanna arís beidh sé deacair ag an gceithre pháirtí sin 20 suíochán a fháil – rud a d’fhágfadh Sinn Féin gann ar mhóramh i gcónaí.

Go deimhin, ag breathnú ar na figiúirí is ar iontaofacht na bpáirtithe, ní fheicim aon rogha chinnte ann ach comhrialtas idir Sinn Féin, Fianna Fáil agus na Daonlathaithe Sóisialta. Ba chóir go mbeadh 84 suíochán nó mar sin acu le chéile.

Sin iad na figiúirí, ach céard faoi pholasaithe, agus, go deimhin, straitéisí na bpáirtithe?

Tá tacaíocht chomh mór sin ag Sinn Féin toisc go bhfuil cuid mhaith den phobal bréan de theip na seanpholasaithe. Níl aon amhras ach go bhfuil athrú polasaí ag teastáil ó dhaoine, go háirithe i dtaobh cúrsaí tithíochta, ábhar a mheallann aird vótóirí óga ón meánaicme agus ón aicme oibre.

Ach an féidir margadh a dhéanamh le Fianna Fáil? Beidh siad ag fáil réidh le Micheál Martin ar aon chuma, ach le go mbeadh comhpháirtíocht fhiúntach ann chaithfeadh Sinn Féin fios a bheith acu cén fhís atá ag Fianna Fáil dóibh féin. Céard le haghaidh a bhfuil siad ann?

Rud amháin atá cinnte – má dhéanann Sinn Féin comhghéilleadh i dtaobh na mbunphrionsabal – maidir le tithíocht is ualach na cánach a chur ar na daoine is saibhre sa tír – caillfidh siad an tacaíocht mhór atá acu chomh gasta is a fuair siad í.

Mar tá difear idir a bheith in oifig agus a bheith i gcumhacht. Agus rialtas a bhainfeadh leas as an gcumhacht chun athrú a chur ar bhunghnéithe na polaitíochta atá ag teastáil.

Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbeidh sé riachtanach dul i gcoimhlint leis an AE ó thaobh infheistíocht stáit le jabanna a chruthú, go háirithe san iarthar. An bhfuil Sinn Féin sásta é sin a dhéanamh?

An bhfuil siad sásta briseadh leis an euro ar mhaithe le smacht a fháil ar an eacnamaíocht chun an bunathrú sin a chur i gcrích?

Agus níos tábhachtaí ná an tAE, an bhfuil siad sásta dul i gcoimhlint leis an státseirbhís le go gcuirfí stop leis an gcur chuige a d’fhág san anachain sinn?

Agus ar deireadh, an mbeidh aon pháirtí eile sásta an fód a sheasamh ar an mbóthar contúirteach sin in éineacht leo?

Fág freagra ar 'Caithfidh Sinn Féin a thuiscint go bhfuil difear idir a bheith in oifig agus a bheith i gcumhacht'