Rialtas na Breataine le ‘cloí’ lena ghealltanas reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach in Westminster

Deir Rialtas na Breataine gur ‘údar díomá’ é nach bhfuil reachtaíocht teanga tugtha isteach ag Feidhmeannas Stormont agus go ndéanfar an beart in Westminster

Rialtas na Breataine le ‘cloí’ lena ghealltanas reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach in Westminster

Tá sé tugtha le fios ag Rialtas na Breataine go gcloífidh siad lena ngealltanas reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach in Westminster mura ndéantar an beart in Stormont.

Dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis roimhe seo go dtabharfaí an reachtaíocht teanga agus chultúir isteach i mí Dheireadh Fómhair mura ndéanfaí an cúram in Stormont roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair.

Cé nach bhfuil aon chlár ama curtha ar fáil go fóill a léireodh cén uair go díreach a thabharfaí an reachtaíocht Ghaeilge isteach sa pharlaimint i Sasana, dheimhnigh urlabhraí de chuid Rialtas na Breataine go raibh sé i gceist acu cloí lena ngealltanas.

“Údar díomá é nach bhfuil reachtaíocht tugtha isteach ag an bhFeidhmeannas chun feidhm a thabhairt don phacáiste cothrom a aontaíodh i New Decade, New Approach i leith cúrsaí féiniúlachta, teanga agus cultúir,” arsa urlabhraí Rialtas na Breataine.

“Tabharfaidh an reachtaíocht seo aitheantas d’éagsúlacht shaibhir Thuaisceart Éireann.

“De réir ghealltanais an Rialtais, agus d’uireasa aon dul chun cinn i dtaobh an ábhair seo, tabharfaimidne na céimeanna is gá chun an reachtaíocht a thabhairt isteach trí Pharlaimint na Ríochta Aontaithe.”

Ní hin an chéad uair, gealladh reachtaíocht don Ghaeilge mar chuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua in Eanáir 2020 agus gealladh go bhfoilseofaí straitéis don Ghaeilge laistigh de shé mhí.

Bhí éirí amach san DUP in aghaidh a n-iarcheannaire Edwin Poots mar gheall ar mhargadh a rinneadh le Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mura mbeadh an beart déanta ag lucht Stormont faoin tráth sin.

Tá an DUP ag iarraidh ar Rialtas na Breataine gan dul ar aghaidh leis an reachtaíocht tráth a bhfuil an Prótacal Breatimeachta don Tuaisceart ina údar mór aighnis.

Ba nuair a bhagair Sinn Féin i mí an Mheithimh nach bhfillfidís ar Stormont gan gealltanas a fháil ón DUP go dtabharfaí an reachtaíocht teanga isteach a d’aontaigh Rialtas na Breataine go ndéanfaí an cúram in Westminster dá mba ghá.

Fág freagra ar 'Rialtas na Breataine le ‘cloí’ lena ghealltanas reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach in Westminster'

  • Ciarán Ó Cofaigh

    B’fhéidir go mbeadh siad in ann an cheist a réiteach anseo freisin?