Tá 1,059 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.
308 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, le hais 300 inné, agus bhí 59 acusan in aonad dianchúraim, mar a bhí inné.
1,039 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,564 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.
342 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, mar a bhí inné, agus tá 33 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos mó ná inné.
Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu go bhfaighidh gach duine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe scéala faoin tríú vacsaín in aghaidh an Covid-19.
Ón gCéadaoin seo chugainn a thosófar ag seoladh amach coinní agus cuirfear tús leis an vacsaíniú ar an Aoine.
Dúirt Paul Reid gurb iad na foirne cliniciúla a dhéanfadh cinneadh faoi na daoine is mó atá i mbaol ón víreas agus go dtógfadh sé cúig nó sé seachtaine chun na daoine is goilliúnaí a vacsaíniú.
D’admhaigh sé nach éasca na daoine sin a aithint ach go mbeadh daoine a fuair orgáin, daoine a raibh fadhbanna duán acu agus roinnt daoine a raibh ailse orthu ina measc.
An duine nach bhfaighidh scéala níl sé ar liosta na ndaoine is measa atá i mbaol.
Dúirt an Dr Robert O’Connor, Stiúrthóir Taighde Chumann Ailse na hÉireann, gur chóir d’aon duine a bhfuil ailse air labhairt lena ndochtúir féin faoin scéal.
Fág freagra ar '1,059 cás nua den víreas fógartha, dáileadh an tríú vacsaín ag tosú an tseachtain seo chugainn'