Cluiche ceannais peile Dhún na Gall idir Naomh Conaill agus Cill Charthaigh le himirt arís

D’éirigh leis an agóid a rinne Cill Charthaigh i ndiaidh an chluiche ceannais agus é deimhnithe gur chuir Naomh Conaill ionadaí sa bhreis chun páirce san am breise

Cluiche ceannais peile Dhún na Gall idir Naomh Conaill agus Cill Charthaigh le himirt arís

Pictiúr: Twitter/@ChrisMcNultyDgl

Tá cluiche ceannais peile Dhún na nGall idir Naomh Conaill agus Cill Charthaigh le himirt arís.

D’fhógair bord an chontae aréir go raibh cluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall 2020, a imríodh níos luaithe an mhí seo, le himirt arís tar éis do Chill Charthaigh agóid a dhéanamh.

Bhuaigh Naomh Conaill an cluiche ceannais, a bhí curtha siar ó anuraidh de dheasca na paindéime, ar chiceanna éirice nuair a imríodh é ar an 14 Lúnasa. Rinne Cill Charthaigh agóid faoin toradh, áfach, agus mhaígh gur thug Naomh Conaill isteach an iomarca ionadaithe sa tréimhse am breise.

Tugadh éisteacht don chás Dé Céadaoin seo caite agus chinn Coiste Ceannais na gComórtas (CCC) gur éirigh le hagóid Chill Charthaigh agus go n-imreofar an cluiche ceannais arís.

Deimhníodh gur chuir Naomh Conaill ceathrar ionadaithe chun páirce san am breise, ceann sa bhreis ar an triúr atá ceadaithe.

Bhí rogha ag an CCC an cluiche a bhronnadh ar Chill Charthaigh nó fíneáil a ghearradh ar Naomh Conaill ach socraíodh go n-imreofaí an cluiche ceannais arís.

Tá an athimirt socraithe don Chéadaoin, an 8 Meán Fómhair, ach tá cead ag Naomh Conaill achomharc a dhéanamh ar chinneadh an CCC.

Tá tús le cur le Craobh Shinsir Dhún na nGall 2021 faoi cheann coicíse, an 11 Meán Fómhair.

Fág freagra ar 'Cluiche ceannais peile Dhún na Gall idir Naomh Conaill agus Cill Charthaigh le himirt arís'